JOHN ALLEN: Seaimpíní nua ag gach grád agus roinnt cluichí den scoth

Bliain ab ea í 2016 ina raibh rath ar chúpla contae ach bliain ghortach a bhí inti don tromlach, in ainneoin ghaiscí Gleeson

JOHN ALLEN: Seaimpíní nua ag gach grád agus roinnt cluichí den scoth

Bhuel, agus sinn ag ligint scíth thar thréimhse na Nollag tá sé chomh maith againn súil siar a chaitheamh ar an mbliain iomána a bhí againn.

Ní fhéadfaimis ach a bheith sásta go bhfuil curaidh nua againn ag grád na mionúr, ag an ngrád faoi 21 agus ag leibhéal na sinsear sa chraobh agus sa tsraith.

Údar sásaimh freisin go raibh cluichí ar ardchaighdeán minic go leor againn i rith an séasúir.

Bhí teannas ann nuair a chas Contae an Chláir ar Phort Láirge i gcluiche ceannais na sraithe agus ní raibh aon scóip cheart faoin imirt go dtí am breise.

Bhí Maurice Shanahan ina laoch nuair a scóráil sé pointe ó bhuille saor a bhí céad méadar amach, rud a d’fhág go mbeadh lá eile ag an bPaorach.

Agus a leithéid de choimhlint san athimirt san. Bhí sé lán d’imirt oscailte bhí cúl againn tar éis 17 soicind agus cuireadh críoch dhrámatúil le cúrsaí nuair a bronnadh poc saor go bog ar Chontae an Chláir. Ach ní raibh aon rud bog ag baint leis an bpoc féin a scinn breis is céad méadar. Chuir Tony Kelly an sliotar thar an trasnán chun an cluiche a chothromú. D’aimsigh an Ceallach cúilín an bhua ina dhiaidh sin agus thug lucht tacaíochta an Chláir ruathar faoin bpáirc le mórtas.

Níorbh eol dúinn ag an am é, ach bhí rás an Chláir rite an lá sin, agus theip orthu aon rud fiúntach a dhéanamh sa chraobhchomórtas.

Bhí seaimpíní na craoibhe Tiobraid Árann ar fheabhas ó thosach deireadh cé gur chuir an Ghaillimh diantástáil orthu sa chluiche leathcheannais. 

Bhí muintir an 31 contae eile ag tacú leo lá an chluiche ceannais agus ríméad orthu nuair a bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar Brendan Maher. Agus cad é mar thaispeántas ó Séamus Callinan a fuair 13 cúilín, naoi gcinn acu ón imirt .

B’iontach an lá é do Thiobraid Árann. Ba lá thar a bheith speisialta a bhí ann freisin do mhuintir McGrath, bonn uile-Éireann buaite ag Noel agus John leis na sinsir, agus Corn an Irish Press bronnta ar a ndeartháir Brian leis na mionúir. 

Ó thaobh na sinsear bíonn sé deacair ar Thiobraid Árann dhá chraobh a bhuachan i ndiaidh a chéile. Ach tá painéal láidir acu agus meascán d’imreoirí a bhfuil taithí acu agus imreoirí óga. Ní bheinnse ag cur aon airgid ina gcoinne.

Seans go bhfuil rás Chill Chainnigh rite. Cinnte tá an greim a bhí acu ar an gcraobh á scaoileadh, ach pléifimid é sin lá éigin amach anseo.

Anuraidh bhí ardchaighdeán ag baint le gach a ndearna Luimneach agus iad ar sodar sa chomórtas faoi 21 .

D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi Phort Láirge i mbliana, ach b’fhéidir an briathar “rith’ a úsáid in ionad ‘sodar’ Bhíodar ar fheabhas ar fad ón gcéad chluiche i gcoinne an Chláir i bPáirc an Bhreathnaigh. Cé go bhfuil cúpla imreoir fíormhaith acu, imríonn siad mar fhoireann aontaithe.

Is  grúpa speisialta imreoirí iad an painéal seo. Ach bhí grúpa speisialta acu tamall ó shin agus theip orthu Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo .

Bheinn ag ceapadh nach fada eile a bheidh an contae ag fanacht. Sheas Austin Gleeson amach mar imreoir speisialta arís i mbliana. Bhain sé áit amach sa stair dó féin (in éineacht le Tony Kelly) nuair a d’éirigh leis gradaim imreoir óg na bliana agus imreoir na bliana a thabhairt leis. Agus a leithéid de bhliain sa chlub a bhí ag Kelly agus é i mbun iontais, cluiche i ndiaidh cluiche, ar aistear a chlub, Baile Uí Aodha, go dtí barr an chnoic i gcúige Mumhan. 

Níl ach club amháin fágtha sa chomórtas a bhfuil craobh na hÉireann buaite cheana acu, Naomh Tomás na Gaillimhe, is iadsan a bheidh mar fhreasúra ag seaimpíní an Chláir sa bhabhta leathcheannais ag tosach mhí Feabhra. Cuirfear suim nach beag sa choimhlint sin. Dar ndóigh, beidh suim ar leith ag Cuala agus Sleacht Néill sa toradh.

Mar sin, bliain ina raibh rath ar chúpla contae ach bliain ghortach don tromlach. Tá na pleananna don séasúr nua á gcur i dtoll a chéile arís

Cuirfear tús leis an turas sula i bhfad agus an t-údar seo ag súil le haiséirí Chorcaí. 

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Seaimpíní nua ag gach grád agus roinnt cluichí den scoth'