Súil siar ar 2015 le… Áine Ní Bhreisleáin

Labhair Tuairisc.ie leis an gcraoltóir agus iriseoir Áine Ní Bhreisleáin a thosaigh ag obair le RTÉ RnaG i mbliana

Aine Ni Bhreisleain

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2015?

Bliain ghnóthach ó thaobh nuachta de, go háitiúil agus go náisiúnta, agus neart imeachtaí breátha Gaelacha ar siúl le muid a choinneáil ag gabháil an bhliain uilig idir cheolchoirmeacha, drámaí agus, ar ndóigh, an tOireachtas san ardchathair, ach faraor, drochaimsir agus drochbhliain peile ag Dún na nGall.

An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2015?

Níl a dhath mór, buíochas le Dia, ach b’fhéidir nach bhfuair mé an deis a ghabháil chuig Féile na Mí!

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2015?

Bhí scéal iarsma Naomh Conaill Caol, an clog ársa ag filleadh go Dún na nGall deas mar go raibh baint ag Clann Uí Bhreisleáin leis an scéala. Chlúdaigh mé sin don teilifís agus bhí sé deas go raibh stair an chloig ar eolas agam agus go leor de mo chlann san iarsmalann ar an lá a d’fhill an iarmsa.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2015?

Chuir scéal na dteifeach isteach orm, gan an chosúlacht ar an scéala go raibh ná go bhfuil faoiseamh in ann do na mílte ag teitheadh chun na hEorpa, agus chomh naimhdeach agus a bhí daoine i leith na dteifeach, ag iarraidh iad a choinneáil amuigh as a dtíortha agus gan cuidiú leofa nó iad a tharrtháil. Leanfaidh a gcás truacánta in 2016 fosta.

Céard é an rud is mo a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2015?

Coinneáil ort ag obair do sprioc agus seans maith go n-éireoidh leat é a bhaint amach ó thaobh na hoibre. Go pearsanta, neart ama a chaitheamh le do chairde agus do theaghlach ag baint sult as rudaí amaideacha, greannmhara sa tsaol.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2015?

Dhírigh mé ar an aclaíocht sa ráithe dheireanach den bhliain, rud a theastaigh uaim a dhéanamh agus rinne mé iarracht mhaith cuid de na carnáin leabharthaí atá agam a léamh. Fosta scríobh mé féin agus mo chara Suzanne Ní Ghallchóir sceitse fá 1916, rud a bhí ar intinn againn a dhéanamh le tamall.

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2015 le… Áine Ní Bhreisleáin'