Súil Siar ar 2015 – Bliain chorrach eile ag Stormont agus na hinstitiúidí polaitiúla ann ar éigean

Bhí Stormont ag imeacht leis ar chosabacóid ó easaontas go géarchéim le linn 2015

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Bliain chorrach eile ag Stormont ach d’ainneoin an easaontais agus na pairilise polaitiúla, tá na hinstitiúidí polaitiúla fós ann. Tá réiteach, nó leathréiteach, nua, an Tús Úr, déanta agus na caoirigh curtha thar abhainn go dtí go mbeidh toghchán an Tionóil ann sa Bhealtaine.

Ag tús na bliana bhí caint ar dhóchas de thairbhe chomhaontú Theach Stormont a rinneadh oíche Nollag. Ceapadh go raibh an fhadhb faoi chiorruithe leasa shóisialaigh réitithe, an DUP agus Sinn Féin ag tabhairt aghaidh a gcraois ar an SDLP agus Comhaontas Glas a cheistigh na mionsonraí. Níorbh fhada a mhair an socrú. Thug Sinn Féin droim láimhe leis sa Mhárta, iad ag déanamh líomhaintí go raibh na coinníollacha a haontaíodh sáraithe ag an DUP. Shéan an DUP sin agus chuir feall suarach ar mhaithe lena bhfiontar polaitiúil sa deisceart i leith Shinn Féin.

Uaidh sin ar aghaidh, bhí Stormont ag imeacht ar chosabacóid ó easaontas go géarchéim. Ó bhí laincis ar na ciorruithe leasa shóisialaigh, níor déanadh dul chun cinn ar ghnéithe eile an chomhaontaithe, oidhreacht na dtrioblóidí, paráidí agus bratacha.

San olltoghchán i mí Bealtaine, b’iad an DUP an páirtí ba mhó arís, le hochtar feisirí agus bhí Sinn Féin sa dara háit le ceathrar, cé gur chaill an dá mhórpháirtí suíochán. An UUP a bhuaigh an péire. Fuair Tom Elliott, UUP, an ceann is fearr ar Michelle Gildernew, SF, i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus in Aontroim Theas, threascair Danny Kinahan ón UUP seanfhondúir an DUP, Willie McCrea.

Choinnigh an SDLP na trí shuíochán a bhí acu agus bhí Sylvia Hermon, aontachtach neamhspleách, caithréimeach arís. Ghnóthaigh an DUP oirthear Bhéal Feirste, á thógáil ‘ar ais’ ón Alliance le cabhair margadh réamh-thoghcháin leis an UUP.

Dhá lá roimh an vótáil do Westminster, dhúnmharaigh fear gunna Jock Davison, iarchomhalta den IRA Sealadach, i gceantar an Mhargaidh i mBéal Feirste. Ghoill marú a gcomrádaí go mór ar Shinn Féin ach ní raibh páirtithe aontachtacha ró-oibrithe faoi. Trí mhí ina dhiaidh sin, áfach, chuir dúnmharú eile an lasair sa bharrach.

Mheas an PSNI go raibh baint ag comhaltaí den IRA le marú Kevin McGuigan ar an Tráigh Ghearr i mBéal Feirste mar dhíoltas as marú Davison.

Shiúil an UUP amach as an bhFeidhmeannas – ag baint tuisle as an DUP a bhraith go gcaithfidís agóid éigin a dhéanamh. As sin a d’eascair feachtas amaideach an DUP lena airí ag eirí as oifig, ag filleadh agus ag eirí as arís.

Tar éis fiosraithe a dhearbhaigh gurbh ann do chomhairle airm an IRA, d’fhill an DUP ar an bhFeidhmeannas, ag cruthú nach raibh titim Stormont uathu. Le gairid, rinneadar margadh an ‘Tús Úr’ le Sinn Féin – margadh gan téagar a thug smacht ar chúrsaí leasa sóisialaigh do Westminster ar mhaithe le Stormont a choinneáil beo.

Nuair a bhí an deisceart ag ceiliúradh an reifrinn inar glacadh go fonnmhar le pósadh comhghnéis, bhí Stormont ina choinne. Níos deireanaí nuair a vótáil an Tionól ar a shon, bhain an DUP leas as veto chun an vóta a chur ar neamhní. Chuaigh daoine i muinín na gcúirteanna faoin gceist, ag tarraingt sáiteáin ó bhreitheamh faoi easpa gnímh i Stormont.

Athruithe pearsanra is mó a tharla sa Tionól, daoine ar nós Alasdair McDonnell an SDLP agus Sammy Wilson an DUP ag fágáil Stormont chun díriú ar Westminster i ngeall ar an gcosc ar ionadaíocht dhúbailte. D’imigh daoine eile ar chúinsí sláinte.

Thairis sin, cuireadh Alasdair McDonnell dá chois mar cheannaire ar an SDLP nuair a fuair Colum Eastwood an ceann is fearr air i dtoghchán ceannaireachta ‘chun stop a chur le meath an pháirtí’. D’éirigh Peter Robinson as ceannaireacht an DUP agus tháinig Arlene Foster i gcomharbacht air, mar a thiocfaidh sí i gcomharbacht air mar Chéad Aire freisin ar an 11 Eanáir, ceaptar.

Tá Robinson fós á chosaint féin ar líomhaintí go raibh síneadh láimhe – an-mhór – le fáil aige as díol sealúchas NAMA le Cerberus. Níl fianaise go ndearna Robinson aon ní as bealach ach scaipeadh rabharta ráflaí faoi agus tá sraith fiosruithe ar siúl faoi mhargadh Cerberus.

Scéal dearfach sa deireadh. Glacadh isteach leathchéad teifeach ón tSiria agus nuair nach raibh ach dornán beag daoine ar léirsiú roimh ré in aghaidh teifeach agus inimirceach, bhíothas dóchasach go mbeadh an fháilte níos láidre ná an doicheall.

Fág freagra ar 'Súil Siar ar 2015 – Bliain chorrach eile ag Stormont agus na hinstitiúidí polaitiúla ann ar éigean'