Súil siar ar 2014 le…Seán Kyne, TD

Labhair Seán Kyne, Teachta Dála ó Fhine Gael i nGaillimh Thiar, le Tuairisc.ie faoin na cuimhní atá aige ar 2014.

Ceistneoir-Sean Kyne

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2014?

Mo phósadh le Avril Horan i mí Mheán Fómhair

Céard é an leabhar is fearr atá léite agat i 2014? Céard é an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?

An leabhar is fearr ná Judging WT Cosgrave, le Michael Laffan, leabhar faoin bhfear a bhunaigh an Stát. An scannán is fearr ná 12 Years a Slave.

An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2014?

Na botúin a rinne an Rialtas maidir le Táillí Uisce.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?

Gur thug an Iar-Thaoiseach Liam Cosgrave agus Méara Bostún Marty Walsh cuairt ar Chonamara.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?

An Tuairisc ó RTÉ maidir leis an méid a tharla in Ionad Áras Attracta i gContae Mhaigh Eo.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2014?

In ainneoin an fheabhais atá tagtha ar an ngeilleagar, tá go leor dúshlán romhainn fós.Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014?

Bheith níos folláine agus le mí anuas, tá mé ag dul suas an staighre chuig m’oifig ar an 5ú hurlár.

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2014 le…Seán Kyne, TD'