Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2014?
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an drochaimsir ag tús mhí Eanáir.
Ní cheapfainn go bhfaca mé gála agus báisteach den chineál sin riamh agus mo chairrín beag suarach ag déanamh a seacht ndícheall fanacht ar an mbóthar!
Céard í an leabhar is fearr atá léite agat i 2014? Céard é an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?
Feictear dom gur léigh mé go leor leabhra i mbliana a bhí léite cheana agam de bharr gur thaitinigh siad go mór liom – The Book Thief le Markus Zusak ar cheann acu.
Léigh mé leabhar darb ainm The Weight of Blood le Laura McHugh a thaitnigh go mór liom mar gheall gur scéinscéal a bhí inti – ní raibh mé róthóghta le deireadh an scéil, áfach!
Chonaic mé an t-uafás scannán i mbliana ach an ceann is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná Boyhood. Rinneadh taifead ar shaol leaidín beag ó aois a cúig go dtí go raibh sé 18, sílim. Thaitnigh sé go mór liom go raibh deis ag an lucht féachana gabháil siar ar bhóithrín na smaointe leis agus breathnú ar na rudaí uile a bhí i mbéal an phobail le 15 bliana anuas – 9/11 mar shampla.
Bhí sé fíorspéisiúil forbairt an bhuachalla óig seo a fheiceáil chomh maith agus scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dtagann aois ar dhuine.
An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2014?
Bhí sé i gceist agam níos mó taistil a dhéanamh i mbliana ach tá súil agam go mbeidh deis agam é a dhéanamh an bhliain seo chugainn.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?
An méid airgid a bailíodh ar son Cumann Ailse na hÉireann de bharr an “Féinín gan smidiú”- tá sé dochreidte an chumhacht atá ag na gréasáin shóisialta a fheiceáil – go háirithe nuair a úsáidtear iad ar bhealach dearfach.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?
Is dóigh gur chuir sé isteach go mór orm an t-ardú a tháinig ar an méid daoine a chur lámh ina mbás féin i mbliana. Tá go leor oibre le déanamh fós le teacht ar réiteach na faidhbe seo. An méid daoine atá ag fulaingt mar gheall ar an ngalar dubh – fir go háirithe – nach féidir leo labhairt le haon duine faoi na fadhbanna atá acu. Cuireann sé brón orm go mbíonn daoine ag fulaingt leo fhéin chuile lá beo nuair nach bhfuil aon ghá leis. Tá cúnamh ar fáil ach an drochmheon i leith cúrsaí meabharshláinte a chur ar leataobh. Caithfear a chur in iúl do dhaoine gur tinneas é ar nós aon tinnis eile agus nach cúis náire atá ann ceist a chur ar dhuine eicínt le haghaidh cúnaimh.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2014?
Nach féidir chuile dhuine a shásamh!
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014?
Bhí sé ar intinn agam a bheith níos aclaí i mbliana agus sin rud a d’éirigh liom a bhaint amach! Tá súil agam go mbeidh mé in ann é seo a shárú sa mbliain nua!
Fág freagra ar 'Súil siar ar 2014 le…Méabh Ní Chualáin'