Súil níos géire fós ar mhuintir na Síne, agus nach mar a chéile againn féin é?

Tá córas le cur i bhfeidhm sa tSín a bhainfidh úsáid as iompar ar líne an tsaoránaigh chun a ‘chreidmheas sóisialta’ a mheas. Córas gránna – ach nach ndéantar an rud céanna go neamhoifigiúil san Iarthar?

 

DARPA_Big_Data

Ón mbliain 2020 ar aghaidh, beidh ‘uimhir chreidmheasa shóisialta’ ag gach duine fásta sa tSín a bheidh in úsáid chun measúnú leanúnach a dhéanamh ar iompar an tsaoránaigh sa tsochaí. Iompar ar líne an duine cuid lárnach den mheasúnú leanúnach seo.

Anuraidh a d’fhógair rialtas na Síne an reachtaíocht nua seo ach is beag aird a tugadh air lasmuigh den tír sin go dtí gur aistrigh Roger Creemers, Síneolaí ó Ollscoil Oxford, an plean ar fad go Béarlacropped-big-brother-is-watching-1984

Tá an reachtaíocht á cur i láthair ag na meáin chumarsáide sa tSín mar chóras chun súil a choinneáil ar rátáil chreidmheasa an duine, ach léiríonn aistriúchán Creemers a uileghabhálaí is atá an scéim. Ní rátáil chreidmheasa an duine agus a thaifead coiriúil (más ann dó) amháin a bheas san áireamh sa mheasúnú leanúnach, ach na tuairimí a nochtann an duine ar an idirlíon freisin, na leabhair, an ceol agus na hearraí eile a cheannaíonn sé ar líne, agus mar sin de.

In agallamh leis an nuachtán Ísiltíreach De Volkskrant, deir Creemers go mbeidh tionchar ollmhór ag an gcóras nua seo ar shaol mhuintir na Síne. ‘Seo iarracht chun saoránach úrnua, eiseamlárach a chruthú.’

Creideann Creemers go bhféadfadh sé go mbeidh daoine a mbíonn scór íseal ‘sóisialta’ acu as an áireamh feasta do phostanna áirithe, do thithíocht shóisialta agus d’iasachtaí. Beidh comhlachtaí móra sa tSín sásta comhoibriú, a mheasann Creemers, toisc go bhfuil siad ‘fite fuaite’ leis an stát. ‘Ag obair as lámha a chéile, beidh an stát agus an saol tráchtála sa tSín in ann úsáid a bhaint as ‘big data’ ar bhealach nach féidir linne san Iarthar a shamhlú,’ a deir Creemers.

Nó an féidir?

I ngan fhios dúinn féin, nach mór, tá sochaí tógtha againn san Iarthar ina bhfuil súil ghéar á coinneáil againn ar fad ar a chéile. Taitníodh sé linn nó ná taitníodh, bímid ar fad á measúnú uair ar bith dá nochtaímid cuid dár saol ar na meáin shóisialta. Gaolta agus cairde a dhéanann an measúnú sin, ach fostaitheoirí freisin: is iomaí duine a briseadh as a phost tar éis dó tuairim chonspóideach a nochtadh ar Twitter nó Facebook.

An t-aon difear idir an córas nua a bheidh á chur i bhfeidhm ag an tSín agus ár gcas féin, ná go mbeidh córas oifigiúil ag an tSín. Dá ghránna é, ar a laghad, beidh cinnteacht ag muintir na Síne go bhfuil súil ghéar á coinneáil orthu, rud nach bhfuil againne san Iarthar.