Súil na ‘great escapers’ agus na ‘culturally curious’ a mhealladh go cósta Gaelach Chonamara

An Ghaeilge, na hamhráin, na scéalta, an béaloideas agus an stair na baoití a bheidh a n-úsáid ag coiste turasóireachta i nGaeltacht Chonamara

Súil na ‘great escapers’ agus na ‘culturally curious’ a mhealladh go cósta Gaelach Chonamara

An bróisiúr nua Iorras Aithneach Carna - Cill Chiaráin

Daoine a bheadh “culturally curious” nó na “great escapers” atá ag teastáil i gceantar Charna, Chill Chiaráin agus Ros Muc in iarthar Chonamara.  Aicmí ar leith turasóirí iad seo atá curtha i rannóga dá gcuid féin i bhfoclóir Fháilte Éireann.  Bheadh Gaeltacht iarthar Chonamara feiliúnach do dhaoine mar sin.  Sin a bhí le rá ag Steve Ó Cúláin, an cathaoirleach atá ar an eagraíocht turasóireachta, Cósta Gaelach Chonamara agus Árann, agus é ag seoladh bileog eolais in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna aréir.

Baineann an bhileog eolais le ceantar Gaeltachta iarthar Chonamara.

Bliain ó shin a bunaíodh Cósta Gaelach Chonamara agus Árann.  Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht seo 200 ball, a mbeidh a gcuid táillí ballraíochta íoctha acu, a bheith acu faoi mhí Dheireadh Fómhair seo chugainn. 30 ball atá acu faoi láthair.  Tá tacaíocht faighte acu ó Fháilte Éireann agus ó dhreamanna eile.  Táthar ag súil go mbeidh €100,000 acu chun feachtas poiblíochta agus fógraíochta a chur ar bun faoi thús na bliana seo chugainn.  Beifear ag dul sa tóir ar na “culturally curious” agus ar na “great escapers” agus tuilleadh lena gcois.

An Ghaeilge, na hamhráin, na scéalta, an béaloideas agus an stair na baoití a bheifear a úsáid leis na daoine sin atá “culturally curious” a thabhairt an bealach.

Iargúltacht agus fiántas na háite a mheallann na “great escapers” agus b‘fhearr leo sin a bheith ar an gcúlsráid.  Is dóigh go mbeadh gaol ag an gcineál sin turasóir leis an dream ar a dtugtar an “world weary” orthu i Meiriceá.  Imíonn siadsan go leataobh ó choimhlint agus ó dhriopás an tsaoil go dtí na ceantair chiúine, ar an iargúil ón gcine daonna.   

Ach pé ar bith cén rannóg de thionscal na turasóireachta as a dtiocfaidís, bheadh fáilte roimh bhreis turasóirí i gConamara i mbliana. 

Ní scéal le Conamara amháin é mar tá na tuairiscí céanna ag teacht as contae an Chláir agus as Maigh Eo.  Go deimhin, ceaptar go bhfuil cúlú sa tionscal ar fud na tíre seachas i mBaile Átha Cliath.  Is deacair tomhas a dhéanamh ar chás Bhaile Átha Cliath mar go bhfuil sé lán go béal le turasóirí le riar blianta.  Ní fhéadfaidís mórán eile a thógáil ansin ar aon chaoi agus óstáin lán go doras ann.   Ach céard atá tarlaithe i dtír na “culturally curious” agus na “great escapers”?

Tá rud amháin soiléir agus sin go bhfuil an borradh a bhí faoin tionscal anuraidh lagaithe.  Dúirt daoine atá i mbun gnó i gConamara go n-insíonn na caidéil pheitril a scéal féin.  Fiú i gceantair ar nós Chloch na Rón, tá sé ina dhíomá faoin lagan atá tarlaithe ar na turasóirí.  Níl an borradh céanna faoin gClochán ach an oiread.  Tá comhlacht amháin a chuireadh cuimse busanna go Conamara le riar  blianta tar éis gearradh siar ar a gcuid turas.

Thug an chéad ráithe den  bhliain roinnt léargais ar an gcúlú atá tarlaithe i gcomórtas leis an mbliain anuraidh.

Bhí laghdú 3.2% ar an lear oícheanta a chaith turasóirí as tíortha eile sa tír seo ó thús na bliana seo go dtí an 31 Márta, sin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.  Laghdaigh an tréimhse a chaith cuairteoirí in hÉirinn ó 6.5 oíche go dtí 6 oíche, ar an meán.

Nuair a chuirtear chuile shórt san áireamh bhí 4.6% de laghdú ar an teacht isteach as an turasóireacht sa gcéad ráithe de 2019 i gcomórtas leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Is díol spéise é go raibh 20% de mhéadú ar an lear airgid a chaith muintir na tíre seo ar thurais thar lear sa gcéad ráithe de 2019 le hais mar a chaitheadar anuraidh.  D’fhéadfadh sé gur comhartha é sin go mbeidh sé níos deacra muintir na hÉireann féin a mhealladh anoir le cósta an iarthair i rith na bliana seo.

Is iomaí sin cúis a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlú ar an turasóireacht ó anuraidh, a deir Steve Ó Cúláin, cathaoirleach Chósta Gaelach Chonamara agus Árann i gCarna aréir.  “D’fhéadfadh sé go bhfuil barr an tsléibhe sroichte againn freisin,” a deir sé.  “Ach san am céanna, is léir go bhfuil borradh maith faoin tionscal i gcuid mhaith áiteanna.”

Creideann John Sweeney, fear atá fite fuaite le tionscal na turasóireachta agus gnóthaí eile i gConamara le breis agus deich mbliana fichead go gcaithfear a chur san áireamh gur bhliain an-mhaith turasóireachta a bhí in 2018.

“Tá muid ag déanamh comparáide le ceann de na blianta turasóireachta ab fhearr riamh,” a dúirt Sweeney. “Ná dearmad an aimsir an-bhreá a bhí againn in 2018. Tá an-tábhacht leis an aimsir ó thaobh na turasóireachta de.  Is minic go bhfanann daoine níos faide, go háirithe i gceantracha tuaithe, nuair a thagann an aimsir  go breá.  Tá sé sin feicthe agam féin leis na blianta.”

Ach tá an tUasal Sweeney, ar leis Óstán Theach an Stáisiúin sa gClochán agus áiseanna lóistín eile, den bharúil freisin go bhfuil an t-ardú ar ráta na cánach breisluacha ó 9% go dtí 13.5% ag cur as don tionscal.   An cháin sin agus an éiginnteacht atá ar mhuintir na Breataine faoin saol atá amach rompu tar éis an Bhreatimeachta agus cuid acu ag fanacht sa mbaile i mbliana dá bharr.

Beidh Cósta Gaelach Chonamara agus Árann ag iarraidh na daoine sin a bhogadh amach ón teallach an bhliain seo chugainn agus ag moladh dóibh éalú ó imní an tsaoil. Mar tá tearmann, a deirtear, ar fáil ag na “great escapers” i Ros Muc agus in Iorras Aithneach.

Fág freagra ar 'Súil na ‘great escapers’ agus na ‘culturally curious’ a mhealladh go cósta Gaelach Chonamara'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Eagraíochtaí caipitleachais agus earnáil an ghnó ag síor tarraingt Béarlóirí chun na Gaeltachta! Is cuma sa tioc leo fan Ghaeilg ná fá chaomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht, níl uathu ach airgead agus Fáilte Ireland – dream eile nach dtabharann aitheantas don Ghaeilg ná don Ghaeltacht – breá sásta neart Béarlóirí a mhealladh chun na Gaeltachta don dream gnó!

    ‘Iargúltacht agus fiántas na háite a mheallann na “great escapers”….. Imíonn siadsan go leataobh ó choimhlint agus ó dhriopás an tsaoil go dtí na ceantair chiúine, ar an iargúil ón gcine daonna.’ An dtuigeann na “great escapers” an tábhacht atá le caomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht? An bhfuil suim dá laghad acu sa Ghaeilg agus muna bhfuil, ar cheart a leithéid a ‘mhealladh’ chun na háite??

    Arís, ar shiúl sa tóir ar ‘thurasóirí’ ón Bhreatain ach caidé fá Éireannaigh agus iad siúd atá ag foghlaim na Gaeilge?

    B’fhearr i bhfad slí beatha agus modh maireachtála bheith ag muintir na Gaeltachta a bhainenn le caomhnú agus buanú na Gaeilge diomaite de bheith ag brath ar chuairteanna ó dhreamanna nach bhfuil uathu ach tírdhreach deas agus iargúltacht.

    Thóg mé ceist na turasóireachta sa Ghaeltacht roinnt blianta ó shoin agus an chás go raibh eagraíochtaí státmhaoinithe macasamhail Fáilte Ireland ag déanamh tréan bolscaireacht chun Béarlóirí a mhealladh chun na háite cionnas an ‘tírdhreach’ agus an taobh tíre agus gan faic aitheantais tugtha don teangaidh dúchais ná daofa siúd a labhraíonn í go laethúil.

    Is trua muid ag brath ar chuairteoirí chun maireachtáil inár gceantar féin – an Ghaeltacht.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!