Súil le suas le 10,000 duine ag 150 ócáid ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Beidh breis agus 150 ócáid ar siúl in Óstán an Citywest idir seo agus an Domhnach agus Oireachtas na Samhna 2019 le seoladh i mBaile Átha Cliath tráthnóna

Súil le suas le 10,000 duine ag 150 ócáid ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Seolfar Oireachtas na Samhna 2019 tráthnóna agus mórfhéile na nGael ar siúl in iardheisceart Bhaile Átha Cliath as seo go Domhnach.

Táthar ag súil go mbeidh suas le 10,000 duine ag triall ar Óstán an Citywest ó thús go deireadh na féile agus beidh breis agus 150 ócáid ar siúl le linn na gcúig lá, idir chomórtais agus imeachtaí eile.

Beidh seoladh oifigiúil na féile ar siúl tráthnóna ag 3.00pm san óstán. Bronnfar na chéad duaiseanna níos deireanaí nuair a bhronnfar duaiseanna liteartha an Oireachtais 2019. Déanfaidh lucht eagraíochta an Oireachtais craoladh ar an ócáid sin ar a leathanach Facebook.

Anocht chomh maith a bheidh ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl. Bronnfar 12 gradam san iomlán, ‘Iriseoir na Bliana’ agus ‘Réalta Óg na Bliana’ ina measc.

Déanfaidh TG4 beochraoladh ón Chairpéad Dearg ar Youtube ag 7.30pm agus cuirfear tús leis an ócáid bhronnta ag 8.00pm.

Is amárach a chuirfear tús leis na comórtais scéalaíochta, amhránaíochta, damhsa, ceoil, lúibíní, agallamh beirte agus an dreas cainte, chomh maith lena lán imeachtaí eile.

Beidh comórtas Shean-Nós na bhFear ar siúl Déardaoin ag 7.00pm, agus comórtas Shean-Nós na mBan Dé hAoine ag  7.00pm.

Beidh an príomhchomórtas damhsa ar an sean-nós, Steip, ar siúl san iarnóin Dé Sathairn ag 12.45pm ar an Stáitse Mór san Ionad Comhdhála agus é á chraoladh beo ar TG4.

Is ar an stáitse céanna a bheidh Corn Uí Riada ar siúl níos deireanaí an tráthnóna céanna.

Cuirfear tús leis an bpríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag 7.00pm.

Fág freagra ar 'Súil le suas le 10,000 duine ag 150 ócáid ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath'