Súil le sárchoimhlint idir Ciarraí agus Gaillimh tar éis seacht mí fanachta

Beidh na cluichí leathcheannais sa gCraobh Peile Faoi 20 na hÉireann idir Ciarraí agus Gaillimh agus idir Áth Cliath agus Tír Eoghain le feiceáil ar TG4

Súil le sárchoimhlint idir Ciarraí agus Gaillimh tar éis seacht mí fanachta

Ruaidhrí Ó Beaglaoich (Ciarraí) agus Tony Gill (Gaillimh). Pictiúir: INPHO

Ciarraí v Gaillimh – Páirc na nGael, 4i.n. (Beo ar TG4)

Tá na cluichí idirchontae ar ais an deireadh seo agus cé go mbeidh go leor daoine ag coinneáil súil ghéar ar chluichí na sinsear sa tSraith Náisiúnta Peile, d’fhéadfadh gur tráthnóna inniu sa Chraobh Peile Faoi 20 idir Ciarraí agus Gaillimh a bheadh an choimhlint is fearr ar fad.

Bhí na foirne seo ceaptha aghaidh a thabhairt ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig ach cuireadh ar athló an cluiche sin de bharr phaindéim an Covid-19. Tá an fanacht thart faoi dheireadh agus deis acu inniu áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Gaillimh a bhí ina rogha na n-údar i mí an Mhárta agus taispeántais mhaithe tugtha acu i gCraobh Chonnacht. Ciceanna éirice a scar iad féin agus Maigh Eo óna chéile i sárchluiche sa chéad bhabhta agus, tar éis dóibh Liatroim a chloí, bhuail Gaillimh greadadh ar Ros Comáin i gcluiche ceannais an chúige.

Ní raibh rudaí chomh héasca céanna ag Ciarraí i gCraobh na Mumhan. Bhuaigh siad ar Luimneach sa chluiche leathcheannais ach bhí siad i dtrioblóid in aghaidh Chorcaí agus iad ceithre phointe chun deiridh sa chluiche ceannais. Rinne foireann John Sugrue teacht aniar iontach sa dara leath, áfach, agus thug fear na Gaeltachta, Ruaidhrí Ó Beaglaoich, fíorthaispeántas chun Ciarraí a thabhairt slán.

Is deacair a rá cén tionchar a bheidh ag na cluichí agus na taispeántais sin ar chluiche an lae inniu, áfach, agus os cionn 200 lá ann ó chuaigh na foirne seo chun páirce.

Ní féidir lorg an Covid-19 a sheachaint ach an oiread. Dheimhnigh Ciarraí inné go raibh an galar tolgtha ag imreoir amháin ar an bhfoireann agus go mbeadh roinnt imreoirí a raibh gartheagmháil acu leis an duine sin ar iarraidh.

Tá foireann na Gaillimhe buailte chomh maith agus ar a laghad cúigear ar iarraidh de bharr go raibh gartheagmháil acu le daoine a raibh an galar orthu.

Imreoirí Mhaigh Cuilinn iad triúr acu – Paul Kelly, James McLaughlin agus Daniel Cox – agus is mór an chailliúint iad d’fhoireann Dhónail Uí Fhátharta tar éis do Kelly agus McLaughlin cluichí den scoth a imirt d’fhoireann Mhaigh Cuilinn a bhuaigh Craobh Shinsir na Gaillimhe den chéad uair i mbliana.

Tá scata eile imreoirí a bhí ar fheabhas dá gcumainn i rith an tsamhraidh ar fáil ag Ó Fátharta, áfach. Bhí Seán Fitzgerald agus Oisín Gormally ar fheabhas do Bhearna sa chraobh agus tá fear eile ón gcumann sin, Cian Hernon, tagtha isteach sa scuad le gairid tar éis dó sárbhliain a bheith aige. Tá Warren Seoige ó chumann Naomh Anna ar fáil anois chomh maith.

Cé go bhfuil tosaithe den scoth ag Gaillimh, go háirithe Tomo Culhane agus Matthew Tierney, bhí a gcuid cosantóirí ar fheabhas ar fad i gCraobh Chonnacht. Níor ghéill siad cúl ar bith sna trí chluiche a bhí acu go dtí seo agus cosantóirí a d’aimsigh 2-13 den 6-36 atá scóráilte ag Gaillimh go dtí seo.

Tá Tony Gill agus Cathal Sweeney sa líne leathchúil ar bheirt de na himreoirí is tábhachtaí ar an bhfoireann agus cé go raibh gortuithe ag cur as don bheirt i rith an tsamhraidh, táthar ag súil anois go bhfuil siad tagtha chucu féin.

Is é an chéad rud a bheidh le déanamh ag cosantóirí na Gaillimhe ná greim a choinneáil ar thosaithe Chiarraí. Chomh maith le Ruaidhrí Ó Beaglaoich, tá peileadóirí den scoth ar fhoireann na Ríochta agus bhí Paul O’Shea, Paul Walsh, Killian Falvey, Seán Horan agus Patrick Darcy ina dtosaithe nuair a bhuaigh Ciarraí ar Ghaillimh i gcluiche ceannais mhionúir na hÉireann dhá bhliain ó shin.

D’éirigh le Gaillimh Ciarraí a chloí sa bhabhta leathcheannais anuraidh, rud a fhágann go mbeidh aithne mhaith ag na himreoirí seo ar a chéile mar gur imir a bhformhór i gceann de na cluichí sin.

Agus an oiread sin ama ó d’imir na foirne seo cluiche ceart le chéile, tá sé deacair tuar a dhéanamh faoin gcluiche ach, más aon chomhartha é cumas na n-imreoirí a bheidh ag dul chun páirce, ba cheart go mbeadh sárchoimhlint ann.

Darragh Canvan (Tír Eoghain) agus Ciarán Archer (Áth Cliath). Pictiúir: INPHO

Áth Cliath v Tír Eoghain – Páirc Bhreffni, 2i.n. (Beo ar TG4)

Imreofar an cluiche leathcheannais eile níos luaithe tráthnóna nuair a thabharfaidh Áth Cliath agus Tír Eoghain aghaidh ar a chéile.

Thug Tír Eoghain Craobh Uladh leo níos luaithe i mbliana tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais, 1-11 in aghaidh 0-9.

Darragh Canavan, mac le laoch Thír Eoghain Peter Canavan, a d’aimsigh an cúl cinniúnach sa chluiche sin. Bhris Canavan óg a rosta ag tús an tsamhraidh, rud a d’fhág nár imir sé ar chor ar bith i gCraobh Shinsir Thír Eoghain, ach tá sé tagtha chuige féin in am do chluiche an lae inniu.

Tá seachtar nua tugtha isteach sa scuad ag an mbainisteoir Paul Devlin le mí anuas agus tá foireann láidir ag Tír Eoghain. Bhuaigh an grúpa imreoirí seo Craobh Faoi 17 na hÉireann trí bliana ó shin.

Bhuaigh Áth Cliath an chraobh seo anuraidh ach is é an sárthosach Ciarán Archer an t-aon imreoir atá ar fáil ón bhfoireann sin. Aisteach go leor, beidh gach imreoir eile atá ar fhoireann Átha Cliath i mbliana, fós faoi aois an bhliain seo chugainn.

Roghnaíodh Archer mar imreoir na bliana anuraidh agus bhí cuma na maitheasa air i rith an earraigh. Tá 2-17 aimsithe aige sna ceithre chluiche go dtí seo agus tháinig seacht bpointe díobh sin sa bhua i gcoinne Laoise i gcluiche ceannais Laighean.

Tosach den scoth é Lorcan Dell chomh maith agus caithfidh Tír Eoghain an bheirt sin a cheansú más leo cluiche an lae inniu a bhuachan.

Fág freagra ar 'Súil le sárchoimhlint idir Ciarraí agus Gaillimh tar éis seacht mí fanachta'