Súil le samhradh den scoth eile agus tús á chur leis an gcraobh iomána

Tá leantóirí na hiomána ag tnúth go mór le tús na gcluichí craoibhe agus sinn go léir ag súil le níos mó den iomaíocht ghéar a bhí againn anuraidh

Súil le samhradh den scoth eile agus tús á chur leis an gcraobh iomána

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Nuair a bhíos im ógánach ba mhinic ‘the hay saved and Tipp bet’ cloiste agam mar chur síos ar shamhradh maith. Agus an t-alt seo á scríobh agam, níl ceachtar den dá sprioc sroichte fós ach tá seans ceann amháin díobh a bhaint amach amárach i bPáirc nuachóirithe (arís) Uí Chaoimh ag a ceathair a chlog iarnóin.

Tá leantóirí na hiomána ag tnúth go mór le tús na gcluichí craoibhe agus sinn go léir ag súil le níos mó den iomaíocht ghéar a bhí againn anuraidh.

Bhí tamall fada ann nuair a chríochnaíodh an séasúr láithreach bonn d’aon chontae a chaill an chéad chluiche craoibhe. Ansin bhí tráth ann nuair nár thosnaigh an comórtas i gceart go dtí cluichí ceathrú ceannais chraobh na hÉireann. Ach anuraidh d’athraigh gach rud nuair a tugadh isteach córas nua a d’fhág níos mó cluichí fiúntacha againn agus brú ar na foirne i ngach ceann acu.

Beidh sé mar an gcéanna amárach.

Bíonn na ráflaí céanna ag dul timpeall taca an ama seo gach bliain faoi imreoirí a bheith gortaithe, imreoirí nach bhfuil ag imirt go maith nó faoi achrann ar an bpáirc traenála, ach is é an t-ábhar cainte is mó a bhíonn ann ná cé hiad an cúigear déag a rachaidh chun páirce.

Tá an chaint sin thart anois agus na foirne fógartha, ach is deacair fós tuar a dhéanamh ar cé a bhuafaidh an cluiche seo idir Corcaigh agus Tiobraid Árann.

Dar ndóigh thug na Tiobraid Árannaigh greadadh do Chorcaigh sa chluiche sraithe a bhí eatarthu i mbliana. Ach tríd is tríd bhí an sórt céanna feachtais ag an dá chontae, feachtas a bhí gan aon tréimhse leanúnach shásúil agus feachtas a chríochnaigh gan aon chinnteacht faoin bhfoireann a bheadh ag tosnú sa craobh.

Scríobhas cheana anseo faoin tábhacht atá ag baint leis an gcéad chluiche a bhuachan agus leis an mbua a fháil sa bhaile. Chaill Tiobraid Árann a gcéad chluiche anuraidh i gcoinne Luimnigh agus chailleadar as baile in aghaidh chontae an Chláir agus dar ndóigh theip orthu dá bharr teacht slán as comórtas na Mumhan. 

Maidir le Corcaigh chailleadar in aghaidh Thiobraid Árann sa dara cluiche craoibhe anuraidh ach, dar ndóigh, bhuadar craobh na Mumhan.

Ceapann na geallghlacadóirí go mbeidh an bua ag an bhfoireann bhaile. Ba dheas liom dá mbeadh an ceart acu ach nílim róchinnte faoi sin mé féin.

Cuirfear tús le comórtas na Mumhan ag a dó a chlog amárach i bPáirc an Bhreathnaigh agus an fhoireann bhaile ag cur fáilte roimh chontae an Cláir. 

Bhí séasúr ainnis ag iománaithe na nDéise anuraidh idir ghortuithe, agus chinntí conspóideacha, gan trácht ar an scéal gur as baile a bhí a gcluichí ar fad. Ach beidh siad sa bhaile amárach agus an staid lán go geata. Táim ag súil le hatmaisféar agus cluiche iontach. Bhí cuid maith comharthaí le feiceáil sna cluichí deireanacha sraithe go mbeidh na Déisigh go maith i mbliana agus níl aon dabht ach go mbeidh sé deacair iad a bhualadh.

Tá na tosaithe ar an dá thaobh láidir agus rachaidh sé deacair ar chúlaithe an dá thaobh iad a choimeád ar an ngannchuid. Bhí cúlaithe chontae an Chláir thar a bheith míchúramach agus neamhaireach ina bhfeachtas sraithe. Ghéilleadar an t-iomad pocanna saora ar fad. Mura bhfuil an fhadhb sin leigheasta ní bheidh an bua acu.

Ach oiread leis an gcluiche eile ní bheidh mórán eatarthu seo. B’fhéidir gur leor mar bhuntáiste ag Port Láirge a bheith ag imirt sa bhaile ach nílim róchinnte faoin toradh sa chluiche seo ach an oiread.

Dar ndóigh tá craobh Laighean ar siúl an deireadh seachtaine seo freisin agus tús á chur anocht léi i bPáirc Ui Nualláin mar a mbeidh Cill Chainnigh ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Táim ag súil le sárchluiche anseo. Bhí ádh an diabhail ar na Cait an cluiche a bhí eatarthu anuraidh a bhuachan. Agus iad buailte ag mórán gortuithe beidh ádh an bhuachalla chéanna ag teastáil uathu anocht.

Ní dóigh go mbeidh aon chuid den ádh ag teastáil ó Ghaillimh agus Ceatharlach ag teacht chucu amárach.

Fág freagra ar 'Súil le samhradh den scoth eile agus tús á chur leis an gcraobh iomána'