Súil le réiteach ar aighneas faoi chearta bainte feamainne – Aire Stáit

Moill curtha ar 17 iarratas le feamainn a bhaint nó go mbeidh an choimhlint faoi chearta bainteoirí traidisiúnta réitithe

Súil le réiteach ar aighneas faoi chearta bainte feamainne – Aire Stáit

Tá súil go ndéanfar dul chun cinn ‘suntasach’ sa ráithe seo romhainn maidir le húinéireacht na gcearta bainte feamainne ar chladaí na tíre dar leis an Aire Stáit Damien English atá freagrach as an réimse oibre seo sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Thug an tAire Stáit le fios go raibh aon chinneadh faoin 17 iarratas ar cheadúnais bainte feamainne atá os comhair na Roinne curtha ar athlá go dtí go réiteofar deacrachtaí dlíthiúla atá tagtha chun solais faoi úinéireacht na gcearta feamainne.

Tá bainteoirí traidisiúnta feamainne ar chósta an iarthair ag maíomh gur acusan atá na cearta feamainne agus nach féidir leis an Roinn na cearta sin a bhaint díobh lena dtabhairt do chomhlachtaí a bhfuil iarratais déanta acu orthu.

Thug an tAire Stáit English le fios gur comhlachtaí seachas daoine aonair a rinne iarratais le feamainn a bhaint ar na cladaí faoin gcóras nua a bhí leagtha amach ag a Roinn agus gur le linn do na hiarratais sin a bheith á bpróiseáil a tháinig sé chun solais go raibh coimhlint dhlíthiúil i gceist agus bainteoirí traidisiúnta ag éileamh gur acusan a bhí na cearta.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an choimhlint faoi úinéireacht na gceart “casta” agus go raibh a Roinn i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoin gcás.

Theastaigh ón Roinn bunús reachtúil a chur faoi chearta maidir le baint na feamainne ach gur léir go raibh cearta cheana féin ag daoine áirithe ar an bhfeamainn a bhí i gceist.

Dúirt an tAire Stáit English nár ceadaíodh ach dhá iarratas nua ar cheadúnais bainte feamainne ón mbliain 2013 i leith – ceann acu don chomhlacht Raheen Development Ltd i gCuan Chill Ala i Maigh Eo agus an ceann eile ar BioAtlantis Ltd i gCuan Bheanntraí, Co Chorcaí.

Bhí an tAire Stáit ag freagairt ceisteanna faoin ábhar seo sa Dáil ón Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar- Maigh Eo Theas, Catherine Connolly.

Fág freagra ar 'Súil le réiteach ar aighneas faoi chearta bainte feamainne – Aire Stáit'