Súil le reachtaíocht sa Dáil faoi phlaisteach sa slabhra bia

Tháinig cosc i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe inné ar mhicreachoirníní a úsáid in ábhair ghlanta phearsanta agus beidh cosc iomlán orthu níos déanaí sa bhliain

Súil le reachtaíocht sa Dáil faoi phlaisteach sa slabhra bia

Táthar ag súil go rithfear reachtaíocht sa Dáil roimh dheireadh na bliana seo a chuirfidh cosc iomlán ar úsáid agus ar tháirgeadh micreachoirníní. Thug Príomhfheidhmeannach Institiúid na Mara i nGaillimh an méid sin le fios inniu.

Inné, tháinig cosc i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe ar mhicreachoirníní a úsáid i dtáirgí cosmaidí agus ábhair ghlanta phearsanta agus beidh cosc iomlán orthu níos déanaí sa bhliain.

Liathróidíní nó cnapáin bheaga phlaisteacha iad na micreachoirníní seo a úsáidtear i dtáirgí scafa cnis agus i dtáirgí glanta pearsanta eile – taos fiacla, gallúnach, glóthach folctha agus táirgí sciúrtha aghaidhe. Úsáidtear iad seo chomh maith i gcúrsaí taighde in earnáil na heolaíochta sláinte agus bithleighis.

Is í an chontúirt mhór a bhaineann leo go bhfuil siad chomh beag sin agus go sruthlaítear le fána sna píobáin iad agus isteach leo ansin sna draenacha mar a ndéanann siad a mbealach chun na farraige.

Cruthaítear cuid eile acu as na coimeádáin agus na hábhair phlaisteacha eile a scaoiltear amach san fharraige agus a chreimtear go mion ansin.

“Slogann éisc agus sliogéisc iad. Ach toisc iad a bheith chomh beag bídeach sin, itheann na micrea-orgánaigh is lú sa bhfarraige iad, orgánaigh atá ag bun shlabhra an bhia agus tríothu sin déanann siad a mbealach isteach san iasc a bhfuil an-tóir againn air mar bhia,” a dúirt an Dr Peter Heffernan inniu.

Ní hiad na micreachoirníní plaisteacha seo an t-aon truailliú atá á dhéanamh ag plaisteach ar muir.

Dúirt an Dr Heffernan le RTÉ inniu go ndéantar ocht milliún tona plaisteach a dhumpáil san fharraige gach uile bhliain. Má leantar leis an ualach sin dumpála, a dúirt sé, “is mó plaisteach a bheidh san fharraige sa bhliain 2050 ná an méid éisc a bheidh inti”.

Is mithid do dhaoine a n-iompar a athrú, dar leis an Dr. Heffernan.

“Caithfimid ár n-iompar a athrú. Caithfear cur chuige na déantúsaíochta agus na tionsclaíochta a athrú. Tá an rogha againn gan aon táirgí plaisteacha a úsáid murar féidir linn iad a úsáid ach an t-aon uair amháin.

“Ag breathnú anuas ón spás, is geall le hoileáin é an truailliú plaisteach i gcuid den Aigéan Ciúin. Féadfaimid ar fad rogha phearsanta a dhéanamh gan aon táirge a úsáideann micreachoirníní a cheannach ná a úsáid. Is teachtaireacht chumhachtach í sin don mhargadh,” a deir an Dr Heffernan.

 

 

Fág freagra ar 'Súil le reachtaíocht sa Dáil faoi phlaisteach sa slabhra bia'

  • léitheoir

    An t-eolaì a rinne an chèad bhlúire plastic dúirt sé go dtachtfadh sé an pláinéad. Cuireann daoine earraí ar 100% plastic iad, a bhfuil cumhdach plastic air, isteach i mála plastic (nó dhó) le tabhairt abhaile leo chun cur leis na fichidí mála plastic eile atá sa bhaile acu. Cuirtear plastic timpeall ar chuile rud sna siopaí anois, bananaí, oráistí, piorraí etc… crua-earraí fiú. Teilgeann na siopadóirí málaí plastic chugat. Tá an fharraige, na haibhnte, an cladach, an choill, an tsráid, foirgthe le plastic ildaite. Féach go bhfuil an plastic Paddy féin ann. Ní féidir ach aon ùsáid amháin a bhaint as. Cuir isteach i mála plastic ansin é. Dán seoigh eile ldt ón bhfile anaithnid sin agaibh.

  • nioclas

    Plaisteach ata in-dhighradaithe (biodegradable) ata ag teastail go pras; deirtear go dtogann se suas le 4-5 chead bliain sula dtosaionn an plaisteach ata ann faoi lathair ag lobhadh. Deirtear freisin go bhfuil piosa eigin plaisteach slogtha siar ag gach triu iasc san aigean. Mas amhlaidh ata, ta plaisteach ite ag a lan againn. Chonaic me custaimeiri ag tabhairt amach don chailin san ollmhargadh toisc gur bhain si 15 cent as an mala plaisteach. Ni bhacann daoine le mala a thabhairt leo ce go bhfuil meall mor sa bhaile acu istigh sa churpard. Rud a leirionn gur cuma sa tsioc linn faoin timpeallacht. Ni mor an tobhach (levy) a ardu agus cuimhneoidh siad orthu fein ansin. Ta Singapore an-ghlan, an-deas, mar ait, nil aon bhrocamas ar an sraideanna, tugtar ‘fine city’ uirthi toisc go ngearrtar oiread sin finealacha ar dhaoine a chaitheann bruscar uathu. Cuirtear an dli i bhfeidhm go grod agus ni mor ioc laithreach gan aon shilly shally. Ta se dodheanta naduir an duine a athru, ceapaim, ach is feidir muineadh a chur air. Beidh se ag breith chuige fein ma chaitheann se a lamh a chur sios ina phoca!