Súil le fógra inniu faoi athoscailt na n-oileán ach pacáiste cúitimh curtha as an áireamh

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne ag cruinniú de choiste Covid-19 na Dála nach mbeadh sé ar chumas a roinne aon phacáiste cúitimh ar leith a chur ar fáil do na hoileáin

Súil le fógra inniu faoi athoscailt na n-oileán ach pacáiste cúitimh curtha as an áireamh

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé ag súil le cinneadh ón rialtas inniu faoi cén uair a thabharfar cead do dhaoine taisteal chuig na hoileáin arís.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne chomh maith nach mbeadh sé ar chumas Roinn na Gaeltachta aon phacáiste tacaíochta ar leith a chur ar fáil do na hoileáin, is cuma cathain go mbeidh cead oscailte arís acu.

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh fáil ar airgead cúitímh ón Roinn Turasóireachta mar chuid dá scéim náisiúnta don earnáil ach nach mbeadh cead ag a Roinn féin pacáiste ar leith a chur ar fáil. 

Thug Seán Kyne an méid sin le fios ag cruinniú de chuid an Choiste Covid-19 i dtithe an Oireachtais inné.

Táthar ag súil le fógra ón Rialtas inniu maidir le dlús a chur arís le scaoileadh na srianta dianghlasála.

Bhí an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív de chuid Fhianna Fáil ina measc siúd a dúirt gur theastaigh cinnteacht ó mhuintir an oileán faoin dáta a mbeadh cead taistil ag daoine chuig na hoileáin.

An 10 Lúnasa an dáta athoscailte a tugadh do na hoileáin nuair a fógraíodh plean díchuibhrithe an rialtais ach tá dlús curtha leis an bplean sin ó shin agus deireadh curtha leis an gcéim dheireanach ann, an ceann lena raibh na hoileáin luaite.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh go leor daoine ar na hoileáin “sásta” leis an dáta i mí Lúnasa d’athoscailt na n-oileán do thurasóirí ach go raibh daoine eile, gnóthaí den chuid is mó, ag iarraidh na srianta a scaoileadh níos luaithe.

Dúirt sé gur theastaigh “dáta nua a luaithe agus is féidir” ó tharla na srianta a bheith á scaoileadh níos túisce sa chuid eile den tír ná mar a bhí beartaithe ag an rialtas. 

Dúirt Kyne go raibh an chuid is mó de na hoileánaigh buartha go mbeadh na hoileáin ag oscailt níos luaithe ach go raibh gnóthaí ar na hoileáin ag iarraidh oscailt agus go mbeadh sé deacair muintir na n-oileán ar fad a shásamh. Chaithfí éisteacht leis an dá dhream, a dúirt sé, agus teacht ar réiteach ‘cothrom’.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir muintir na n-oileán atá ag iarraidh filleadh abhaile, daoine a bhíonn ag maireachtáil ann go séasúrach, agus daoine eile nach mbeadh i gceist acu ach cúpla lá a chaitheamh ar na hoileáin.

Pléadh chomh maith an ghéarchéim uisce ar na hoileáin, a fhágann go bhfuil beithígh as Inis Meáin á gcur ar féarach go Maigh Eo toisc gan aon fhéar a bheith ar fáil dóibh ar an oileán.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar maidin, dúirt Máirtín Ó Conghaile,  feirmeoir ar Inis Meáin, nach raibh a leithéid de thriomach feicthe aige riamh agus go raibh faitíos air go bhfaigheadh a chuid beithíoch bás.

Dúirt Seán Kyne go raibh sé i dteagmháil leis an Aire Talmhaíochta Michael Creed agus go raibh sé ag súil go bhféadfaí teacht i gcabhair ar fheirmeoirí ar na hoileáin.

Dúirt sé chomh maith go raibh sé “dóchasach” go mbeifí ábalta cúiteamh a íoc le mná tí a choimeádann scoláirí i gcaitheamh na scoilbhliana.

Fág freagra ar 'Súil le fógra inniu faoi athoscailt na n-oileán ach pacáiste cúitimh curtha as an áireamh'