Súil le cinneadh ón AE faoi smachtbhannaí breise 

Tá daoine ar a dteitheadh ó oirthear na hÚcráine agus foláirimh tugtha go bhfuil an Rúis chun cur go mór lena ngníomhartha catha sa chuid sin den tír

Súil le cinneadh ón AE faoi smachtbhannaí breise 

Meastar go ndéanfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh cinneadh inniu faoi na smachtbhannaí níos déine atá le cur i bhfeidhm ar an Rúis.

Tá smachtbhannaí breise éagsúla á meá ag an AE le cúpla lá anuas agus leanfar leis an bplé inniu.

D’iarr Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí inné brú a chur ar an AE smachtbhannaí i bhfad níos déine a thabhairt isteach. 

D’iarr sé tacaíocht na hÉireann dá éileamh go stopfaí ag trádáil ar fad leis an Rúis.

Dúirt sé go raibh ceannairí polaitiúla agus gnó áirithe ann a cheapann gur uafásaí an rud caillteanas airgid ná coireanna cogaidh.

Ar na smachtbhannaí atá á bplé ag an AE, tá cosc ar aon ghual a cheannach ón Rúis, cosc ar bhainc de chuid na Rúise, diúltú cead do longa atá cláraithe sa Rúis teacht le cé i gcalafoirt an AE agus cosc ar chomhlachtaí iompair bóthair as an Rúis agus an Bhealarúis teacht isteach san AE.

Tá smachtbhannaí ar bheirt iníonacha de chuid Putin – Maria Vorontsova agus Katerina Tikhonova – á bplé ag an AE chomh maith. Tuairiscítear go bhfuil iníonacha Putin ar liosta breis is 200 duine a bhféadfaí smachtbhannaí a fhógairt orthu.

Tá ceannairí meáite ar chur leis na smachtbhannaí ar an Rúis mar gheall ar an sléacht a nochtadh tar éis do thrúpaí na Rúise imeacht as ceantar na príomhchathrach Kyiv, ceantar ónar scaipeadh pictiúir uafáis ar fud na cruinne de chorpáin go leor fágtha ar thaobh na sráide.

D’fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Bhreatain inné na smachtbhannaí breise atá le cur acu ar an Rúis de bharr a hainghníomhartha san Úcráin.

D’fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá go mbeadh smachtbhannaí níos déine á gcur ar bhainc mhóra na Rúise agus ar mhuirear Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, agus a gcairde.  

Faoi smachtbhannaí na Breataine ní bheidh aon chead infheistíocht nua a dhéanamh sa Rúis agus cuirfear deireadh le hiompórtáil guail agus ola ón Rúis roimh dheireadh na bliana. Beidh cosc ar ghás na Rúise a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin.

Idir an dá linn, tá daoine ar a dteitheadh ó oirthear na hÚcráine agus foláirimh tugtha go bhfuil an Rúis chun cur go mór lena ngníomhartha catha sa chuid sin den tír.

Theith daoine ó cheantair Luhansk agus Donetsk agus údaráis na hÚcráine agus saineolaithe míleata den tuairim go bhfuil an Rúis ar tí géarú go mór ar a n-ionsaithe ansin.

Mhol Iryna Vereshchuk, leasphríomh-aire na hÚcráine, do dhaoine as Kharkiv, Luhansk agus Donetsk a mbailte a fhágáil láithreach. “Caithfear é a dhéanamh anois mar má dhéantar moill beidh daoine faoi ionsaí agus i mbaol a mbáis,” arsa Iryna Vereshchuk.

Agus í ag caint an tseachtain seo faoi smachtbhannaí an AE, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go raibh na feidhmeannaigh ag obair ar chosc a chur ar ola na Rúise.

Dar léi go raibh sé “an-tábhachtach fíorbhrú a choinneáil ar an Uachtarán Putin agus ar an Rúis ag an am cinniúnach seo”. 

Dúirt sí go raibh ag éirí leis na smachtbhannaí go dtí seo agus go raibh “ srianta móra curtha ar roghanna polaitíochta agus eacnamaíochta na Creimile” dá mbarr. 

“Feicimid torthaí orthu ach caithfimid tuilleadh brú a chur air,” a dúirt sí.

Dúirt von der Leyen: “Ní féidir ligean leis na hainghníomhartha seo. Caithfear pionós a ghearradh ar na daoine a rinne na coireanna gránna seo.”

Fág freagra ar 'Súil le cinneadh ón AE faoi smachtbhannaí breise '