Súil le breis fostaíochta i nGaoth Dobhair agus R.A. Pacáistí ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach

Dúirt John McDermott, Stiúrthóir na nOibríochtaí ag R.A. Pacáistí Teo go bhfuiltear ag breathnú cheana féin ar bhreis fostaíochta a chur ar fáil i nGaoth Dobhair

Súil le breis fostaíochta i nGaoth Dobhair agus R.A. Pacáistí ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach

Tá comhlacht pacáistíochta Gaeltachta a bhíonn ag soláthar do leithéidí Tesco, Sainsburys, M&S, agus Pret a Manger ceannaithe ag comhlacht i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fógraíodh inniu go bhfuil R.A. Pacáistí Teo. (RAP), cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, ceannaithe ag ProAmpac Holdings, LLC, mórchomhlacht pacáistíocht solúbtha atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Níor foilsíodh téarmaí an mhargaidh ach beidh an bhainistíocht céanna ag fanacht in áit i nGaoth Dobhair.

Tiocfaidh RAP faoi scáth bhranda ProAmpac, agus fanfaidh a chuid oibríochtaí déantúsaíochta ar fad i nGaeltacht Dhún na nGall agus i Londain. 

Bunaíodh RAP ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair sa bhliain 1997 agus tá suas le 200 duine fostaithe san ionad déantúsaíochta atá acu ansin.

Tá os cionn €4.7m de thacaíochtaí déanta ag Údarás na Gaeltachta i ndeontais fostaíochta, innealra, oiliúna, taighde & forbartha ó bhunú an chomhlachta 24 bliain ó shin.

Chuir John McDermott, Stiúrthóir na nOibríochtaí ag R.A. Pacáistí Teo, Gaoth Dobhair fáilte roimh an scéala agus dúirt sé go bhfuiltear ag breathnú cheana féin ar bhreis fostaíochta a chur ar fáil i nGaoth Dobhair.

“Tá an-mhuinín agam as an gcomhfhiontar nua seo le ProAmpac, buanóidh sé ár stádas reatha agus táthar ag breathnú cheana féin ar leathnú táirgí, margaí agus fostaíochta anseo i nGaoth Dobhair,” arsa McDermott.

Ghabh McDermott buíochas chomh maith le foireann an chomhlachta agus le hÚdarás na Gaeltachta.

“Murach dúthracht ollmhór agus iarracht na foirne agus a nuálaíocht, meoin agus éachtaí ní bheadh na spriocanna móra atá bainte amach ag RAP le blianta beaga anuas curtha i gcrích agus ní bheadh an lá seo tagtha. 

“Ba mhaith liom moladh freisin a thabhairt don tacaíocht leanúnach a fuaireamar ó Údarás na Gaeltachta agus glacaim buíochas leo as an bhfís a bhí acu i 1997 tacú le comhlacht nuabhunaithe pacáistíochta ar tháinig fás as cuimse air, fás nach raibh súil ar bith leis. Ní tharlódh an chéad chéim eile inár scéal murach tacaíocht Údarás na Gaeltachta agus tacaíocht phobal Ghaoth Dobhair.”

Chuir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta fáilte roimh dhíol an chomhlachta.

“Is léiriú muiníne atá in infheistíocht ProAmpac i nGaeltacht tuaithe Dhún na nGall sna caighdeáin den chéad scoth atá bainte amach ag R.A. Pacáistí Teo agus is borradh iontach é agus muid ag cur tús le bliain nua.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh gur léiriú atá sa scéal ar na féidearthachtaí atá ann do chomhlachtaí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

“Léiriú atá sa tacaíocht seo a fuair RAP, ó tharla iad a bheith ina gceannródaithe domhanda in earnáil chomh hiomaíoch agus a leithéid d’infheistíocht dhomhanda a mhealladh chuig Gaeltacht Dhún na nGall, ar céard is féidir a bhaint amach i gceantair Ghaeltachta tuaithe le hinfheistíocht éifeachtach stáit agus gnóthaí nuálacha díograiseacha.”

Fág freagra ar 'Súil le breis fostaíochta i nGaoth Dobhair agus R.A. Pacáistí ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach'