Súil le 400 leaba bhreise do scoláirí na gcoláistí samhraidh i mbliana

Ábhar mór buartha atá sa titim shuntasach atá tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí

Súil le 400 leaba bhreise do scoláirí na gcoláistí samhraidh i mbliana

Tá na céadta leaba bhreise le cur ar fáil i mbliana do scoláirí na gcoláistí samhraidh Gaeilge, a deir Aire na Gaeltachta.

Thug an tAire Catherine Martin le fios sa Dáil inné go mbeidh suas le 400 leaba bhreise ar fáil do na coláistí an samhradh seo thar a raibh ar fáil anuraidh.

Ábhar mór buartha do lucht na gcoláistí agus do phobal na Gaeltachta atá sa titim shuntasach atá tagtha le blianta beaga anuas ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí.

I measc na mbeartas atá fógartha ag Roinn na Gaeltachta le roinnt míonna anuas chun mná agus fir tí eile a mhealladh le scoláirí a choinneáil, tá ardú ar an deontas laethúil a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, ardú ar an deontas tosaithe do theaghlaigh nua agus méadú ar an líon scoláirí is féidir le teaghlach a choinneáil, ó 12 go dtí 16.

“Idir na bearta seo uile, meastar go mbeidh suas le 400 leaba bhreise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022,” a dúirt an tAire Martin sa Dáil inné.

Thug sí le fios go raibh iarratais faighte go dtí seo ag a roinn ó 32 teaghlach nua a raibh spéis acu lóistín a chur ar fáil do na scoláirí a bheidh ag freastal ar choláistí samhraidh na Gaeltachta i mbliana. Dúirt sí go rabhthas ag súil le tuilleadh iarratas roimh dheireadh na bliana. Dúirt an tAire gur 39 teaghlach nua a chláraigh faoin scéim in 2022 agus go raibh suim léirithe ag 80 teaghlach an t-uaslíon 16 scoláire a choinneáil. Bhí na hiarratais sin á meas ag a Roinn faoi láthair.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire nach bhfuil aon bheartas breise d’earnáil na gcoláistí Gaeilge “ar na bacáin faoi láthair” ach go gcoinneodh a roinn súil ar aon deis chun “tuilleadh tacaíochta” a thabhairt.

De réir figiúirí a craoladh ar an gclár Iniúchadh TG4 an mhí seo caite tháinig laghdú 30% idir 2018-2022 ar líon na dteaghlach sa Ghaeltacht a choinníonn Gaeilgeoirí ó 712 go dtí 495.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go bhfuil géarchéim in earnáil na gcoláistí samhraidh i dtaobh easpa leapacha, maíomh atá séanta ag Aire na Gaeltachta roimhe seo.

“Agus muid ag pleanáil don todhchaí, caithfidh fás as cuimse teacht ar líon na gcoláistí samhraidh atá ann. Caithfimid díriú isteach ar conas is féidir linn i bhfad Éireann níos mó mná tí a bheith ann agus i bhfad níos mó brúnna a bheith sna ceantair ina bhfuil coláistí samhraidh ann, má táimid chun cuidiú le daltaí eile an buntáiste a thagann as dul chuig coláistí samhraidh a fháil,” a dúirt Ó Snodaigh.

Mhol sé freisin go bhféadfaí leas a bhaint as earnáil na gcoláistí samhraidh chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa státchóras a mhéadú, sprioc atá luaite go sonrach in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Fág freagra ar 'Súil le 400 leaba bhreise do scoláirí na gcoláistí samhraidh i mbliana'