Súil le 20,000 duine ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach

Beidh an fhéile á reáchtáil ón 29 Márta go dtí an 3 Aibreán agus déanfar ceiliúradh lena linn ar chultúr na dtíortha Ceilteacha: Éire, an Bhreatain Bheag, Albain, an Bhriotáin, Corn na Breataine agus Oileán Mhanann

Táthar ag súil le suas le 20,000 duine ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i mbaile Cheatharlach an tseachtain seo chugainn. Beidh an fhéile á reáchtáil ón 29 Márta go dtí an 3 Aibreán agus déanfar ceiliúradh lena linn ar chultúr na dtíortha Ceilteacha: Éire, an Bhreatain Bheag, Albain, an Bhriotáin, Corn na Breataine agus Oileán Mhanann.

Ar chlár na féile beidh imeachtaí do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, cóir, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus comórtais éagsúla, ina measc An Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta, a bheidh ar siúl Déardaoin 31 Márta.

Is í Eve Belle as Tír Chonaill a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann agus í ag casadh ‘Craiceann agus Cnámha’, amhrán a chum sí féín, sa mhórchomórtas sin. Beidh ionadaí ó gach ceann de na tíortha Ceilteacha ag glacadh páirt sa chomórtas.

Déanfar comóradh speisialta i mbliana ar Éirí Amach na Cásca 1916 ag an bhféile. Beidh léiriú ar shráid i mBaile Átha Cliath mar a bhí sí céad bliain ó shin agus seolfar Gairdín Cuimhneacháin. Tabharfaidh Aindrias Ó Cathasaigh ‘Léacht Cuimhneacháin 1916’ faoin Éirí Amach agus na tíortha Ceilteacha.

Beidh 20 seisiún ceoil ar siúl i dtithe tábhairne le linn na féile agus 50 ceoltóir traidisiúnta ó cheann ceann na tíre i láthair. Déanfaidh tír éagsúil Club na Féile a óstáil in Óstán Seven Oaks gach oíche i rith na féile “chun saibhreas a gcultúir féin a cheiliúradh agus a roinnt leis an bpobal”.

Fág freagra ar 'Súil le 20,000 duine ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach'