Súil gur inniu an uair dheiridh ag oileánaigh vótáil roimh gach duine eile

Tá vótaí á gcaitheamh ó mhaidin ag daoine ar na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall

Súil gur inniu an uair dheiridh ag oileánaigh vótáil roimh gach duine eile

Antaine Ó Briain, Cill Éinne, agus é ag vótáil ar Inis Mór in Olltoghchán 2016. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Meastar gur inniu an lá deiridh a mbeidh ar 2,000 duine atá ina gcónaí ar oileáin vóta a chaitheamh lá roimh an gcuid eile den tír.

Tá vótaí á gcaitheamh ó mhaidin ag daoine ar na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall, ar oileáin Ghaeltachta seacht gcinn acu. Tá na hoileánaigh ag vótáil sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla agus sa reifreann ar cholscaradh.

Ach d’fhéadfadh gur ar an lá céanna leis an gcuid eile den tír a bheidh muintir na n-oileán ag vótáil sa chéad toghchán eile.

Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le reachtaíocht a thabharfadh an deis sin dóibh.

An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dhréachtaigh an reachtaíocht ar glacadh leis ag cruinniú rialtais .

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ag an am gur chinn an Rialtas tacú leis an mbille mar “gurb é an rud ceart le déanamh” agus mar go raibh a leithéid á éileamh le blianta fada ag muintir na n-oileán.

Dúirt an tAire Stáit gur dhócha nach mbeadh an reachtaíocht nua imithe tríd an Oireachtas in am do thoghcháin na míosa seo ach go raibh súil aige go mbeadh sí i bhfeidhm don “toghchán ina dhiaidh sin”.

Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh sé “thar a bheith sásta” go raibh “céim mhór eile” tugtha “in aistear fada”.

Dúirt sé go raibh roinnt bheag leasuithe teicniúla le déanamh ar an mbille nuair a bhainfeadh sé céim an choiste amach ach go raibh súil aige nárbh fhada go mbeadh glactha leis sa Dáil.

Faoin mbille seo leasófaí an fhoráil a cheadaíonn do Cheann Comhairimh toghcháin a reáchtáil ar oileáin roimh an gcuid eile den tír, rud a dúradh a cheileann feachtas iomlán toghchánaíochta ar mhuintir na n-oileán.

Is é aidhm bhille Uí Chuív deis a thabhairt d’oileánaigh vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír i reifrinn, toghcháin Dála agus uachtaránachta. Faoin mbille seo, dhéanfaí alt 85 den Acht Toghchán 1992 agus alt 42 den Acht Toghchán Uachtaránachta 1993 a leasú, faoina gceadaítear vótáil a reáchtáil ar na hoileáin suas le cúig lá roimh lá na vótála ar an mórthír. 

Thabharfadh an leasú seo cead don Cheann Comhairimh córas iompair a fhostú lena chinntiú go mbeadh na boscaí vótála ag an ionad comhairimh ag a naoi a chlog an mhaidin i ndiaidh lá na vótála.

Is fada é á mhaíomh ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach raibh sé ceart ná cothrom go raibh sé níos deacra ag oileánaigh a vóta a chaitheamh ná daoine eile sa tír. 

Mhol Ó Cuív cheana  ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ a thabhairt ar an reachtaíocht nua a cheadódh do mhuintir na n-oileán vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír.

Is mar chomhartha ómóis do Shéamus Jaimsie Ó Flaithearta, an fear pobail aitheanta as Fearann an Choirce, Inis Mór a bhásaigh anuraidh, a mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go dtabharfaí ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ ar an reachtaíocht nua.

Fág freagra ar 'Súil gur inniu an uair dheiridh ag oileánaigh vótáil roimh gach duine eile'