Súil go mbeifear in ann cás na Gaeilge a phlé arís i dTithe an Oireachtais ‘go luath’

Chuir Conradh na Gaeilge achainí eile faoi bhráid an Choiste Gnó an tseachtain seo caite faoin ghá a bhaineann le cás na Gaeltachta agus na Gaeilge a phlé sa Dáil

Súil go mbeifear in ann cás na Gaeilge a phlé arís i dTithe an Oireachtais ‘go luath’

Is cosúil go bhfuil fuascailt aimsithe ag Tithe an Oireachtais ar an fhadhb a fhágann nach féidir aon díospóireacht a dhéanamh faoi chúrsaí Gaeltachta ná Gaeilge sa Dáil faoi láthair.

Faoi mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá aon chaint shonrach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta díbeartha as Dáil Éireann toisc nach bhfuil cead ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, labhairt sa Dáil ó tharla gur chaill sé a shuíochán i dtoghchán na bliana seo.

Ach tá cinneadh déanta anois ag Coiste Gnó na Dála go pléifear “go luath” sa Dáil cás na teanga.

D’fhéadfadh chomh maith go bpléifear cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an gcoiste Dála atá ag scagadh na paindéime Covid-19.

Tá Coiste Gnó na Dála ag féachaint le tamall ar bhealach eile le díospóireacht faoin Ghaeilge agus an Ghaeltacht a reáchtáil sa Dáil.

Dúirt urlabhraí ón gCoiste Gnó le Tuairisc.ie go bhféadfadh “aon Aire Sinsearach” ceisteanna a fhreagairt faoin Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus go raibh plé á dhéanamh faoi cén uair a d’fhéadfaí díospóireacht a reáchtáil sa Dáil faoi chás na teanga.

Chuir Conradh na Gaeilge achainí eile faoi bhráid an Choiste Gnó an tseachtain seo faoin bhearna a fhágann nach bhfuil áit ar bith fágtha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i dTithe an Oireachtais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur léir go raibh “dul chun cinn” déanta maidir lena n-achainí agus go raibh “dóchas” aige go mbeadh réiteach ar an scéal go luath. 

Bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, i measc na dTeachtaí Dála a mhol go bpléifí ceisteanna faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht ag cruinniú de chuid choiste Covid-19 an Oireachtais, toisc nach raibh aon bhac ar an Aire Stáit Seán Kyne dul os comhair an choiste sin.

Tá éileamh á dhéanamh ag Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin agus Fhianna Fáil go ndéanfaí plé ar chás na Gaeltachta agus na Gaeilge sa Dáil.

Bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan sa Dáil faoi dhó le déanaí le ceisteanna faoi chúrsaí ‘cultúir’ agus cúrsaí ‘oidhreachta’ a fhreagairt, ach ní raibh a mhacasamhail de dhíospóireacht ann faoi chás na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur “céim síos é” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nach mbeidh cás na Gaeltachta agus na Gaeilge á phlé sa Dáil.

“An príomhrud ná go bhfuil freagracht maidir leis an nGaeilge ar an Aire Madigan, is Aire Sóisearach é Seán Kyne. Phléigh an tAire Madigan ceist na hoidhreachta seachtain ó shin sa Dáil agus d’fhreagair sí ceisteanna faoin chultúr coicís ó shin agus ba cheart go ndéanfaí plé ar an Ghaeltacht agus an Ghaeilge sa Dáil chomh maith,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh nach raibh aon chinnteacht ann go mbeidh an Ghaeltacht á plé ag coiste Covid-19 toisc na “srianta ama” atá orthu.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív sa Dáil le déanaí go raibh “iontas” air nach raibh an tAire Madigan, a bhfuil an “phríomhfhreagracht” uirthi maidir le cúrsaí oidhreachta, in ann ceisteanna a fhreagairt faoin teanga, “ar cuid an-mhór” den oidhreacht í.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “léiriú eile í an bhearna seo” ar an ghá a bhaineann le hAire Sinsearach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge a cheapadh sa chéad rialtas eile.

Fág freagra ar 'Súil go mbeifear in ann cás na Gaeilge a phlé arís i dTithe an Oireachtais ‘go luath’'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mura bhfuil an tAire Madigan in ann ceisteanna a fhreagairt faoin gcuid dá roinn, a bhaineann le Gaeilge/Gaeltacht, níor cheart di a bheith sa phost. Tá súil agam nach bhfeicfear sa chéad rialtas eile Aire Rialtais i gceannas ar chúrsaí Gaeilge/Gaeltachta nach bhfuil (i) aon spéis aige/aici sa gcúram agus (ii) nach bhfuil an Ghaeilge ar a t (h)oil aici/aige.