Súil go mbeidh os cionn 30,000 dalta scoile páirteach i ‘Gaeilge24’ inniu

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go mbeidh os cionn 30,000 dalta scoile ag labhairt na Gaeilge amárach mar chuid dá fheachtas ‘Gaeilge24’

Súil go mbeidh os cionn 30,000 dalta scoile páirteach i ‘Gaeilge24’ inniu

Beidh daltaí ó bhreis agus 320 scoil ar fud na hÉireann ag glacadh páirt sa dúshlán ‘Gaeilge24’ inniu agus é mar aidhm ag lucht a eagraithe, Conradh na Gaeilge, daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt “i ngach aon áit agus i ngach réimse dá saol” ar feadh an lae.

Dúirt Uachtarán an Chonartha, an Dr Niall Comer, go gcabhraíonn an dúshlán, atá á reáchtáil ag an gConradh le tamall de bhlianta anuas, le “hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga” ar bhealach spraíúil.

“Tugann Gaeilge24 eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin. Tá idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirt sa dúshlán Gaeilge 24.

“Níos tábhachtaí fós, is iad na rannpháirtithe — na daltaí féin — a scaipeann agus a spreagann úsáid na teanga i measc a bpobal féin, ag spreagadh daoine eile le labhairt leo i nGaeilge agus ag tacú le gach duine chun a gcúpla focal féin a úsáid i rith an lae,” a dúirt Comer.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go mbeidh tionchar níos mó ag an bhfeachtas ar na daltaí i mbliana agus nach sa scoil amháin a bheidh an Ghaeilge á labhairt ach sa bhaile, i siopaí, i gcumainn spóirt, agus áit ar bith eile a mbeidh siad i gcaitheamh na 24 uair an chloig sin.

Beidh béim ar leith ar na meáin shóisialta inniu agus súil ag an gConradh go mbainfear úsáid forleathan as an haischlib #Gaeilge24 le cur síos ar imeachtaí an lae.

Bhí an Conradh an-sásta leis an aiseolas a fuair siad faoi dhúshlán na bliana seo caite agus deir siad go ndúirt 96% de na múinteoirí a ghlac páirt ann go reáchtálfadh siad an dúshlán arís.

“Spreag Gaeilge24 an-spiorad go deo idir na daltaí agus na múinteoirí a ghlac páirt san ócáid i gColáiste Éinde sa Ghaillimh. Bhí spraoi agus craic ag baint leis an lá agus thug sé ardú céime don Ghaeilge, gan aon agó.

“Bhí bród mór le brath ar chách agus fiú dúirt múinteoirí nár ghlac páirt ann anuraidh, dúirt siad gur bhreá leo a bheith rannpháirteach an chéad bhliain eile,” a dúirt Tammy Ní Laoire, múinteoir Gaeilge i gColáiste Éinde sa Ghaillimh le Conradh na Gaeilge.

Beidh airgead á bhailiú ag na daltaí scoile le híoc as pacáistí tacaíochta a fhaigheann siad don ócáid, pacáiste ina bhfuil t-léine, banda láimhe, póstaer agus bileog frásaí. Rachaidh aon airgead breise a bhaileofar go Conradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na teanga ar fud na hÉireann.

Fág freagra ar 'Súil go mbeidh os cionn 30,000 dalta scoile páirteach i ‘Gaeilge24’ inniu'

  • Padhraic o laimhin

    Is iontach an smaoineamh Lá le Gaeilge a bheith náisiúnta