‘Go mbeidh Mary Aggie ar bharr a sláinte agus linn achan Aoine…’

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2024 leis an chraoltóir Chonallach de chuid Raidió na Gaeltachta, Michelle Nic Grianna

‘Go mbeidh Mary Aggie ar bharr a sláinte agus linn achan Aoine…’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2024? Tá an rún céanna agam do 2024 agus a bhí agam achan bhliain le 25 bliain – meáchan a chailleadh, éirí níos aclaí agus níos sláintiúla! Theip orm le 25 bliain – do bharúil an éireoidh liom in 2024? Níl a fhios agam!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024? Sam á bhaint ag Dún na nGall faoi Jim Mc Guinness!

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2024? Aghaidh a

thabhairt ar rún na bliana úire!

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2024? Breith leanbh mo neachta agus bainiseacha beirt eile de mo chuid neachtanna!

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2024?

Go mbeidh Mary Aggie ar bharr a sláinte agus linn achan Aoine ar Bharrscéalta!

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2024?

Go mbeinn sásta ionam féin, agus go mbeidh mo theaghlach sláintiúil agus slán, agus sa mhullach air seo, tá súil agam greim a fháil ar bhláthanna mo neachta nuair a chaitheann sí san aer iad ag a bainis!!

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2024, céard a d’athrófá? Nár dheas dá mbeadh achan duine tuisceanach agus foighdeach le chéile, agus go léireodh muid grá agus meas dá chéile is cuma cén cúlra atá againn nó cá dtáinig muid as!

Fág freagra ar '‘Go mbeidh Mary Aggie ar bharr a sláinte agus linn achan Aoine…’'