Súil chun cinn ar na foirne sinsear atá ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta

Is é comórtas sinsear na bhfear an chraobh is mó a bhfuil meas uirthi sa chomórtas agus má tá fáil ar gach aon duine, na himreoirí idirchontae go háirithe, beidh scoth na peile le feiceáil i rith na deireadh seachtaine

Captaen buacach Chill Chartha Mark McHugh agus Corn an AIre ina ghlac aige anuraidh. PICTIÚR: Seán Ó Mainnín
Captaen buacach Chill Chartha Mark McHugh agus Corn an AIre ina ghlac aige anuraidh. PICTIÚR: Seán Ó Mainnín

Is cosúil go mbeidh sárchoimhlint ann i gcomórtas sinsear na bhfear an deireadh seachtaine seo ag Comórtas Peile na Gaeltachta in Ard an Rátha. Seo cur síos gairid ar na foirne a bheidh ag glacadh páirte.


Ard an Rátha (Dún na nGall)

Ard an RáthaToisc gurb iad an fhoireann baile iad, ní fheicfimid Ard an Rátha ag imirt go dtí na babhtaí leathcheannais oíche Dé Domhnaigh. Cé go mbíonn an buntáiste seo ag na hóstaí, níl an comórtas buaite ag an bhfoireann baile ach cúig huaire le scór blianta anuas. Fuair Naomh Conaill an ceann is fearr ar Ard an Rátha i gcluiche leathcheannais an chomórtais réigiúnaigh níos luaithe sa mhí ach le himreoir an chontae Paddy McGrath mar chaptaen orthu, beidh siad ag iarraidh ar a laghad an cluiche ceannais a bhaint amach ar a bpáirc féin.

Onóracha: Craobh Sinsear: 2 (1998, 2009)

Chéad Chuiche: v Naomh Abán/Tuar Mhic Éadaigh/An Ghaeltacht/Naomh Conaill, Dé Domhnaigh, 7.30i.n.


An Spidéal (Gaillimh)

An SpidéalDála foirne eile ar an deireadh seachtaine, ní bheidh fáil ar chuid de na himreoirí is fearr ag an Spidéal mar gheall ar chúiseanna éagsúla. Tá cúl báire na Gaillimhe, Maghnus Breathnach, gafa le foireann an chontae agus tá fear tábhachtach eile, Fiontán Ó Cuanaigh, imithe go Meiriceá don samhradh. Agus na himreoirí sin in easnamh, beidh siad ag súil le taispeántais láidre ó leithéidí Dara King, an lánchúlaí, chun seans a thabhairt dóibh, chomh maith le beirt atá ar fhoireann mionúr an chontae, Finian Ó Laoi agus Liam Ó Ceallaigh.

Onóracha: Craobh Sóisear: 1 (2010)

Chéad Chluiche: v Cill tSéadhna, Dé Sathairn, 4.15i.n.


Naomh Conaill (Dún na nGall)

Naomh ConaillBuaiteoirí an Chomórtais Peile áitiúil ag tús na míosa seo, beidh Naomh Conaill dóchasach go mbeidh siad in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh i gcomórtas na bliana seo, go háirithe leis an bpainéal láidir atá acu. Ceaptar go mbeidh imreoir an chontae Anthony Thompson ar fáil agus beirt eile iad Dermot ‘Brick’ Molloy agus Leo McLoone a bhfuil boinn uile Éireann buaite acu. Is é an t-aon drochscéal amháin ná go mbeidh Ethan O’Donnell gafa le foireann mionúr an chontae atá ag imirt Dé Domhnaigh.

Onóracha: 0

Chéad Chluiche: v An Ghaeltacht, Dé Sathairn, 12.45i.n.


Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)

Tuar Mhic ÉadaighIs é 2009 an uair is deireanaí a bhí Tuar Mhic Éadaigh sa chomórtas náisiúnta agus cuirfidh siad tús leis an gcraobh sinsear ar maidin Dé Sathairn lena gcluiche in aghaidh Naomh Abán. Beidh triúr Prendergast ag imirt sa líne leathchúil do Thuar Mhic Éadaigh, David, Brendan agus Martin, agus is orthusan, chomh maith le Kevin Dolan sa líne lántosach, a bheidh tánaistí Mhaigh Eo ag brath.

Onóracha: Craobh Sóisear: 1 (1983)

Chéad Chluiche: v Naomh Abán, Dé Sathairn, 11.00r.n.


Naomh Abán (Corcaigh)

Naomh AbánNíl aon fhoireann a bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta buaite níos mó acu ná foireann Bhaile Bhuirne ach tá ort dul siar deich mbliana go dtí an uair is deireanaí a bhuaigh siad an chraobh, i 2005 i gCill na Martra. Cé go bhfuil cuid mhaith d’imreoirí na foirne sin éirithe as, tá imreoirí óga tar éis teacht tríd le cúpla bliain anuas. Bhí Mícheál Ó Laoire agus Colm de hÍde ar fhoireann Faoi-21 an chontae le blianta beaga anuas ach, mar sin féin, is é Mícheál Ó Cróinín, atá ag imirt le fir Bhaile Bhuirne le os cionn scór blianta, ceann de na himreoirí is cumasaí atá acu fós.

Onóracha: Craobh Sinsear: 8 (1975, ’79, ’80, ’81, ’82, 2000, ’03, ’05)

Chéad Chluiche: v Tuar Mhic Éadaigh, Dé Sathairn, 11.00r.n.


Cill Chartha (Dún na nGall)

Cill CharthaCuraidh na bliana seo caite, má gach duine ar fáil acu, go háirithe na himreoirí idirchontae, beidh sé thar a bheith deacair Cill Chartha a bhualadh arís i mbliana. Le ceathrar ar fhoireann sinsear Dhún na nGall, Mark, Ryan agus Eoin McHugh agus Patrick McBrearty, níl aon easpa tallainne ag cur as dóibh. Faoi láthair, tá cead ag na himreoirí sin páirt a ghlacadh sa chomórtas ach fiú thagann athrú ar an scéal sin, beidh tionchar mór ag a leithéidí Michael Hegarty i lár na páirce, Pádraig Carr sna cúlaithe agus Stephen McBrearty sna tosaithe.

Onóracha: Craobh Sinsear: 6 (1987, ’89, ’90, ’91, 2008, ’14), Craobh Sóisear: 1 (1989)

Chéad Chluiche: v Bhulf Tón, Dé Sathairn, 6.00i.n.


An Ghaeltacht (Ciarraí)

An GhaeltachtIs foireann eile iad An Ghaeltacht a mbeidh cuid mhaith dá n-imreoirí móra in easnamh orthu. Dealraíonn sé nach mbeidh fáil ar Mharc Ó agus go mbeidh Briain Ó Beaglaoich agus Seán Ó Gairbhí, beirt réalta le Pobalscoil Chorca Dhuibhne, ag fáil faoi réir don Ardteist. Bhuaigh An Ghaeltacht Craobh Faoi-21 an chontae anuraidh agus seans maith gur ar imreoirí na foirne sin, amhail Pádraig Ó agus Cathal Ó Lúing, a bheidh siad ag brath an deireadh seachtaine seo.

Onóracha: Craobh Sinsear: 1 (1999)

Chéad Chluiche: v Naomh Conaill, Dé Sathairn, 12.45i.n.


Cill tSéadhna (Maigh Eo)

Cill tSéadhnaIs é Mikey Sweeney captaen agus réalta Chill tSéadhna ach beidh an tosach in easnamh ar an bhfoireann a bhuaigh comórtas réigiúnach Mhaigh Eo. Gan ach coicís sula n-imreoidh siad Gaillimh, tá Sweeney gafa le foireann an chontae agus gan é, beidh Cill tSéadhna ag brath ar a leithéidí John Reilly i lár na páirce agus Barry McAndrew ar an daichead slat chun a chinntiú go bhfanfaidh siad sa chomórtas ar feadh cúpla lá ar a laghad.

Onóracha: 0

Chéad Chluiche: v An Spidéal, Dé Sathairn, 4.15i.n.


Bhulf Tón (An Mhí)

Bhulf Tón os cionn daichead bliain ó ghlac foireann Bhaile Ghib páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta agus is foireann iad nach mbeidh eolas ag mórán daoine fúthu. Faraor is Cill Chartha a chaithfidh siad imirt sa bhabhta ceathrú ceannais ach níl aon dabht ach go bhfuil peileadóirí den scoth ag fir na Mí, go háirithe an tiar-imreoir condae, Cian Ward. Féach freisin gur shroich siad cluiche leathcheannais an chontae anuraidh. Beidh cúpla imreoir tábhacht in easnamh orthu faraor; bhris iarimreoir contae eile, Eoghan Harrington, a chos cúpla seachtain ó shin agus beidh triúr atá ar fhoireann mionúr an chontae, Thomas O’Reilly, Eanna O’Kelly-Lynch agus Daniel O’Neill gafa leis an Ardteist. 

Onóracha: 0

Chéad Chluiche: v Cill Chartha, Dé Sathairn, 6.00i.n.


Clár na gCluichí

Dé Satharn, 30 Bealtaine

Réamh Bhabhta Sinsir A1 – Naomh Abán v Tuar Mhic Éadaigh, Páirc 1, 11.00r.n.

Réamh Bhabhta Sóisir B2 – Naomh Columba v Na Rosa, Páirc 2, 11.00r.n.

Réamh Bhabhta Sóisir B3 – Móindearg v Na Gaeil Óga, Na Gleanntaí, 11.00r.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir na mBan C1 – Maigh Cuilinn v Na Gaeil Óga, Na Gleanntaí, 12.30i.n.

Réamh Bhabhta Sinsir A2 – An Ghaeltacht v Naomh Conaill, Páirc 1, 12.45i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir B7 – Maigh Cuilinn v Clann na nGael, Páirc 2, 12.45i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir na mBan C2 – Cill Chartha v Laochra Loch Laoi, Na Gleanntaí, 2i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir na mBan C3 – Ard an Rátha v Naomh Náille, 2.30i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir B4 – Oileáin Árainn v Oileán Acla, Páirc 1, 2.30i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannis Sóisir na mBan C4 – Naomh Conaill v Leitir Mór, Na Gleanntaí, 3.45i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sinsir A3 – An Spidéal v Cill tSéadhna, Páirc 1, 4.15i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir B5 – Ard an Rátha/na Dúnaibh v Laochra Loch Laoi, Páirc 2, 4.15i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sinsir A4 – Cill Chartha v Bhulf Tón, Páirc 1, 6.00i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisir B6 – Móindearg/Na Gaeil Óga v Naomh Columba/Na Rosa, Páirc 2, 6.00i.n.

Cluiche Ceathrú Ceannais Sinsir A5 – Naomh Abán/Tuar Mhic Éadaigh v An Ghaeltacht/Naomh Conaill, Páirc 1, 7.30i.n.

Dé Domhnaigh, 31 Bealtaine

Cluiche Ceannais Sinsir na mBan – An Tearmann v Gleann Fhinne, Páirc 1, 12.00i.n.

Cluiche Leathcheannais Sóisir na mBan – Buaiteoirí C1 v Buaiteoirí C2, Páirc 2, 1.30i.n.

Cluiche Leathcheannais Sóisir – Buaiteoirí B5 v Buaiteoirí B7, Páirc 1, 2.00i.n.

Cluiche Leathcheannais Sóisir – Buaiteoirí B4 v Buaiteoirí B6, Páirc 1, 4.00i.n.

Cluiche Leathcheannais Sóisir na mBan – Buaiteoirí C3 v Buaiteoirí C4, Páirc 2, 5.30i.n.

Cluiche Leathcheannais Sinsir – Buaiteoirí A3 v Buaiteoirí A4, Páirc 1, 5.45i.n.

Cluiche Leathcheannais Sinsir – Ard an Rátha v Buaiteoirí A5, Páirc 1, 7.30i.n.

Dé Luain, 1 Meitheamh

Cluiche Ceannais Sóisir na mBan, Páirc 1, 12.00i.n.

Cluiche Ceannais Sóisir, Páirc 1, 2.00i.n.

Cluiche Ceannais Sinsir, Páirc 1, 4.00i.n.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar na foirne sinsear atá ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta'