Súil chun cinn ar na coimhlintí agus na féidearthachtaí i mbabhta deireanach na sraithe peile i Roinn 1

Agus babhta amháin cluichí fágtha sa tsraith, is iad Ros Comáin an t-aon chontae a bhfuil a fhios acu céard atá i ndán dóibh, ísliú céime nó cluiche ceannais

Súil chun cinn ar na coimhlintí agus na féidearthachtaí i mbabhta deireanach na sraithe peile i Roinn 1

Paddy Durcan le Marty O'Reilly. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Muineachán v Baile Átha Cliath

Cluain Eois, 14:00

Is mór a inseoidh cluichí an deireadh seachtaine seo dúinn. Cé a bheas ag dul síos go Roinn 2 agus cé a bheas sa chluiche ceannais? Ach tá na féidearthachtaí a bhaineann leis an gcoimhlint idir Baile Átha Cliath agus Muineachán simplí go leor: cibé foireann a bhuafaidh, beidh áit acu sa chluiche ceannais.

Cé nach raibh siad i mbarr a maitheasa ag tús na sraithe, tá an chuma ar Bhaile Átha Cliath go bhfuil siad ar ais ar a seanléim arís. Níor bhac Jim Gavin le seanfhondúirí na foirne, leithéidí Paul Flynn agus Bernard Brogan, a chur chun páirce go dtí le cúpla cluiche anuas agus tá imreoirí eile mar Diarmuid Connolly, Johnny Cooper, Jack McCaffrey agus James McCarthy fós le teacht ar ais.

Rinne Muineachán go maith go dtí seo sa tsraith agus níl ach cluiche amháin caillte acu. Tá forbairt déanta ag Malachy O’Rourke ar an bhfoireann achibaineann dúshlán ar leith le Baile Átha Cliath a imirt faoi láthair.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Maigh Eo v Dún na nGall

Páirc Mhic Éil, 14:00

Is iad Dún na nGall an t-aon fhoireann eile i Roinn 1 gur fúthu féin atá sé áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sraithe. Má bhuann foireann Rory Gallagher tráthnóna, beidh áit acu i bPáirc an Chrócaigh faoi cheann seachtaine ach is buille mór dóibh go mbeidh Ryan McHugh ar iarraidh de bharr gortaithe. Ach an oiread le  Michael Murphy, tá fear Chill Charthaigh ríthábhachtach do na Conallaigh ach gortaíodh é in aghaidh Mhuineacháin agus ní imreoidh sé arís go dtí tús na craoibhe.

Beidh sé níos deacra acu inniu mar is géire a theastaíonn bua ó Mhaigh Eo. Cé go bhféadfadh na Connachtaigh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais fós, tá siadsan i mbaol ísliú céime chomh maith. Tabharfaidh bua na seachtaine seo caite in aghaidh Thír Eoghain an-spreagadh dóibh, cé nach raibh siad ró-iontach i bPáirc Mhic Éil go dtí seo sa tsraith. Ba cheart, mar sin féin, go mbeadh níos mó díocais orthu tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Ciarraí v Tír Eoghain

Staid Mhic Gearailt, 14:00

Dála Mhaigh Eo, d’fhéadfadh Ciarraí a bheith i gcluiche ceannais na sraithe nó ag triall ar Roinn 2 faoin am a dtiocfaidh deireadh le cluichí an lae inniu. Chun go mbainfeadh foireann Éamonn Fitzmaurice áit amach sa chluiche ceannais, bheadh orthu féin, Maigh Eo agus Baile Átha Cliath a gcuid cluichí a bhuachan agus bheadh fir na Ríochta fós ag brath ar an difríocht sna scóir idir iad féin agus Dún na nGall.

Más faoi Thír Eoghain cluiche eile a bheith acu sa tsraith, caithfidh Maigh Eo agus Baile Átha Cliath buachan. Beidh cúpla imreoir tábhachtach in easnamh orthu i gCill Airne áfach: tá Mattie Donnelly ar fionraí agus tá gortú láimhe ag cur as do Ronan McNamee. Ba cheart go mbeadh an buntáiste ag an bhfoireann bhaile dá bharr.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Ros Comáin v an Cabhán

Páirc de hÍde, 14:00

Tá an t-ísliú céime saothraithe cheana féin ag Ros Comáin, agus ag iarraidh roinnt mórtais a léiriú a bheidh siad i gcluiche an lae inniu. Is léir go bhfuil fadhbanna sa champa acu agus thabharfadh bua os comhair a lucht tacaíochta féin faoiseamh éigin dá mbainisteoir do Kevin McStay.

Is cinnte nach ngéillfidh an Cabhán go bog, áfach, agus seans fós acusan a stádas i Roinn 1 a choinneáil. Caithfidh foireann Mattie McGleenan an bua a fháil tráthnóna agus iad ag súil freisin go gcaillfidh Ciarraí nó Maigh Eo.

Má chríochnaíonn na trí fhoireann ar shé phointe i ndiaidh chluichí an lae inniu, is de réir dhifríocht na scór iad a scarfar óna chéile iad, rud a d’fhágfadh an Cabhán faoi mhíbhuntáiste agus iad píosa maith chun deiridh ar an dá fhoireann eile ó thaobh scórála de. Beidh an toradh ag brath ar dhifríocht na scór freisin má bhíonn an líon pointí sraithe céanna ag Ciarraí agus an Cabhán, ó tharla go raibh comhscór eatarthu. Ach má bhíonn an líon céanna pointí sraithe ag Maigh Eo agus an Cabhán amháin anocht, tabharfaidh an Cabhán na cosa leo, a bhuíochas don bhua a bhí acu in aghaidh fhoireann Stephen Rochford coicís ó shin.

Rogha Tuairisc.ie: An Cabhán

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar na coimhlintí agus na féidearthachtaí i mbabhta deireanach na sraithe peile i Roinn 1'