Súil chun cinn ar chluichí ceannais Uladh agus Chonnacht

Tá imreoirí Dhún na nGall agus Mhuineacháin le casadh ar a chéile arís agus Sligeach ag iarraidh a bheith ar an gcéad fhoireann le buachan ar Mhaigh Eo sa chúige ó 2010

Chris McGuinness (Muineachán) agus Frank McGlynn (Dún na nGall) i gcluiche ceannais na bliana seo caite. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Chris McGuinness (Muineachán) agus Frank McGlynn (Dún na nGall) i gcluiche ceannais na bliana seo caite. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cluiche Ceannais Uladh – Dún na nGall v Muineachán, Cluain Eois, 2i.n.

Tá sean-aithne ar a chéile ag an mbeirt bhainisteoirí a bheidh i gCluain Eois inniu. D’imir Malachy O’Rourke agus Rory Gallagher le chéile ar fhoireann Fhear Manach i rith na nóchaidí agus bhí Gallagher fós ag imirt nuair a bhí O’Rourke ina bhainisteoir ar an gcontae i 2009.

Nuair a chuirtear san áireamh an méid cluichí atá imeartha idir Dún na nGall agus Muineachán le blianta beaga anuas, beidh sé deacair ar cheachtar de na bainisteoirí seift a cheapadh chun teacht aniar aduaidh ar an bhfreasúra. Idir an chraobh agus an tsraith, seo é an cúigiú cluiche idir na foirne ó bhí samhradh 2013 ann. Ag Muineachán a bhí an lá i mbunáite na gcluichí sin, trí cinn buaite acu in aghaidh péire ag na Conallaigh.

Is iad seo freisin a bhí in adharca a chéile i gcluiche ceannais Uladh le dhá bhliain anuas, cluiche amháin buaite ag Muineachán agus an ceann eile buaite ag Dún na nGall. I 2013 ba iad na Conallaigh curaidh na hÉireann agus rogha na coitiantachta roimh an gcluiche. Ach is go dian dícheallach a d’imir foireann O’Rourke an lá sin agus níorbh fhearr rud a léirigh é sin ná an buille trom a bhuail Stephen Gollogly ar Mark McHugh go luath sa choimhlint. Comhartha ba ea é go raibh dúshlán ceart roimh na Conallaigh agus go deimhin níor éirigh leo a shárú. Sin an t-aon chluiche atá caillte acu i gCraobh Uladh ó 2011 agus bhain siad díoltas amach ar Muineachán anuraidh. Bhí Ryan McHugh os cionn a bhuille an lá sin agus bhuaigh siad an cluiche le farasbarr trí phointe.

Go dtí seo sa chraobh, bhí foireann Rory Gallagher thuas seal thíos seal. Tar éis dóibh scrios a dhéanamh ar Ard Mhacha sa chluiche ceathrú ceannais moladh go hard na spéire iad, ach scéal eile ar fad a bhí ann i gcoinne Dhoire. Cé go raibh siad ag streachailt sa chluiche sin, seans nach gcasfar orthu mórán foireann eile sa chraobh a bheidh chomh cosantach céanna le Doire. Mar sin féin, má chuireann Malachy O’Rourke córas den chineál céanna i bhfeidhm, gabhfaidh sé crua ar Dhún na nGall teacht timpeall air.

Bhí aistear níos boige ag Muineachán. Bhí bua maith acu ar an gCabhán sa chéad chluiche agus bhuaigh siad ar Fhear Manach gan mórán stró.

Is foirne iad seo a bhfuil an stíl imeartha acu an-chosúil lena chéile. Fágtar Paddy McBrearty nó Conor McManus sa líne lántosach agus bíonn siad beirt ag brath ar imreoirí tapúla atá in ann an liathróid a thabhairt isteach. Chomh maith leis sin, tá an bheirt bhainisteoirí in ann Michael Murphy nó Kieran Hughes a imirt i lár na páirce nó os comhair na gcúil (má tá siad ag iarraidh an liathróid a chur isteach chucu ó i bhfad amach). Is fearr a thabharfaidh Muineachán dúshlán Dhún na nGall ná go leor foirne eile ach ba cheart go mbeadh an taithí ag na Conallaigh chun an Corn Angla-Ceilteach a choinneáil.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

David Kelly (Sligeach) agus  Donal Vaughan (Maigh Eo) sa choimhlint idir na foirne seo i 2010. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
David Kelly (Sligeach) agus Donal Vaughan (Maigh Eo) sa choimhlint idir na foirne seo i 2010. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Cluiche Ceannais Chonnacht – Sligeach v Maigh Eo, Páirc de hÍde, 4i.n.

Mar a tharlaíonn sé, is iad Sligeach an foireann dheireanach a bhuaigh ar Mhaigh Eo i gCraobh Chonnacht. Is sa chluiche ceathrú ceannais i 2010 a tharla sé sin agus tá Maigh Eo sa tóir ar bhua uimhir 14 as a chéile i bPáirc de hÍde inniu. Is é cluiche ceannais 2012 an t-aon uair ó shin a chas na foirne le chéile agus bhí farasbarr dhá phointe ag Maigh Eo faoin dheireadh an lá sin, 0-12 i gcoinne 0-10.

Ní hé seo ach an dara cluiche ag na foirne seo sa chraobh i mbliana agus tá ceisteanna fós ann faoin méid a bhainfidh siad amach an samhradh seo. Agus réim James Horan tagtha chun deiridh i Mhaigh Eo, níl tionchar Noel Connelly agus Pat Holmes feicthe againn go fóill. Cé gur thug Gaillimh neart le déanamh dóibh sa chluiche leathcheannais, níor bhreathnaigh sé riamh go raibh siad i mbarr a mhaitheasa agus is deacair a rá an le teann patuaire nó éagumais é sin.

Tháinig Niall Carew isteach i gceannas ar Shligeach i mbliana ach tar éis dóibh drochfheachtas sraithe a bheith acu; bhí gach duine ag súil gurb iad Ros Comáin a bheadh ag tabhairt aghaidhe ar Mhaigh Eo sa chluiche ceannais inniu. Ach tháinig Sligeach aniar aduaidh ar fhoireann John Evans, atá anois imithe ón gcraobh ar fad tar éis dóibh cailleadh an tseachtain seo caite. Bhí Adrian Marren ar fheabhas an oíche sin i bPáirc Markievicz agus nuair a bhíonn sé féin agus David Kelly ag imirt go maith, is deacair stop a chuir leo.

Faraor do mhuintir Shligigh, seans maith go mbeidh an iomarca ag Maigh Eo dóibh sa chluiche ceannais. Beidh deichniúir a thosaigh an cluiche sin do Mhaigh Eo i 2010 ag tosú arís tráthnóna, rud a léiríonn cé chomh beag is atá na hathraithe atá tagtha ar an bhfoireann seo le tamall anuas.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar chluichí ceannais Uladh agus Chonnacht'