Súil chun cinn ar chluichí ceannais na gCúigí

Ar lá gnóthach CLG, imreofar trí cinn de chluichí ceannais an chúige inniu, cluichí ceannais peile na Mumhan agus Uladh, chomh maith le cluiche ceannais iomána Laighean

Imreoir Abhalloirt-An Bhealaigh in ísle brís i ndiaidh chluiche ceannais Laighean 2012. INPHO/Donall Farmer
Imreoir Abhalloirt-An Bhealaigh in ísle brís i ndiaidh chluiche ceannais Laighean 2012. INPHO/Donall Farmer

Cuala (Baile Átha Cliath) v Abhallort-An Bealach (Loch Garman), Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

‘Ceann de na laethanta seo…’ Sin atá á rá ag muintir Abhalloirt-An Bheallaigh agus iad sa tóir ar Chraobh Iomána Laighean. Sé huaire atá an cumann cáilithe don chluiche ceannais agus sé huaire atá sé caillte acu, an ceithre chluiche ceannais as a chéile idir 2010 agus 2013 san áireamh.

Nuair a chaill siad amach ar áit i gcluiche ceannais Loch Garman anuraidh den chéad uair le 11 bliain, dhealraigh sé go raibh rás Abhalloirt-An Bhealaigh rite agus a gcúlfhiacla curtha go maith ag cuid de na himreoirí is fearr acu. Ach b’sheo leo ar ais arís i mbliana chun craobh an chontae a bhuachan. Ina dhiaidh sin, fuair siad an ceann is fearr ar An Chloch-Baile Cholla (Laois) agus Cluain Cille (An Iarmhí) chun cáiliú do chluiche ceannais an chúige.

Ag fanacht leo sa chluiche ceannais tá Cuala, seaimpíní Bhaile Átha Cliath. Cé go raibh a mbainisteoir siúd, Mattie Kenny, á lua go láidir le post na Gaillimhe, is cinnte go bhfuil sé dírithe ar an dúshlán atá rompu faoi láthair agus iad ag iarraidh Craobh Laighean a bhuachan den chéad uair.

Tá sárchosaint déanta ag Cuala go dtí seo i mbliana, gan cúl géillte acu sa trí chluiche is deireanaí a d’imir siad, in aghaidh Chláraigh (Cill Chainnigh), Chúldoire (Uíbh Fhailí) agus Naomh Jude (Baile Átha Cliath). Chomh maith leis sin, tá tosaithe dainséaracha acu, imreoirí an chontae David Treacy agus Mark Schutte ina measc, agus seans gur ag fir na hardcathrach atá an buntáiste tráthnóna dá bharr.

Rogha Tuairisc.ie: Cuala


Imreoir Raonaithe Nemo, Paul Kerrigan, agus imirt an aghaidh an Léigiún. INPHO/Cathal Noonan
Imreoir Raonaithe Nemo, Paul Kerrigan, agus imirt an aghaidh an Léigiún. INPHO/Cathal Noonan

Raonaithe Nemo (Corcaigh) v Na Tráchtálaí, Cluain Meala (Tiobraid Árann), Meallach, 2i.n.

Agus dul chun cinn maith déanta ag foirne peile idirchontae Thiobraid Árann le tamall anuas, tá seaimpíní an chontae anois ag iarraidh an chéad céim eile a thabhairt agus craobh an chúige a bhuachan. Níl sé buaite riamh ag foireann ón gcontae ach, fearacht Abhallort-An Bealach, ní hé seo an chéad uair do Chluain Meala iarracht a thabhairt ar an gcorn. Ag dul siar go 1966, tá ceithre chluiche ceannais an chúige caillte acu, an ceann is deireanaí acu sin i 1994.

Is é Charlie McGeever atá ina bhainisteoir orthu i mbliana. Bhí an Conallach i gceannas ar fhoireann mionúr Thiobraid Árann a shroich cluiche ceannais na hÉireann i mbliana agus beidh roinnt imreoirí ón bhfoireann sin, agus foireann na sinsear, ag imirt do Chluain Meala inniu, an lántosach ar fhoireann na sinsear, Michael Quinlivan ina measc.

Beidh na Tiobradaigh ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Raonaithe Nemo, a bhain an cluiche ceannais amach gan an oiread sin stró. Cé go raibh athimirt ag teastáil uathu i gcluiche ceannais Chorcaí in aghaidh Ghleann Bearcháin, bhí buanna éasca go maith ó shin acu ar an tSráidbhaile (Port Láirge) agus an Léigiún (Ciarraí).

Agus craobh an chúige buaite acu sé huaire ó 2000, tá Nemo ar cheann de na foirne is aitheanta agus is rathúla sa tír. Chomh maith le leithéidí Paul Kerrigan agus Barry O’Driscoll, tá réalta ó Chiarraí chomh maith acu. Beidh Tomás Ó Sé ar a dhícheall ag iarraidh seilbh a fháil ar Chorn Mhichíl Uí Chonchúir den chéad uair ó bhliain ghlórmhar na Gaeltachta i 2003. Ní chuirfeadh sé aon iontas orainn dá mbeadh bonn eile fós inniu aige.

Rogha Tuairisc.ie: Raonaithe Nemo


Bainisteoir Raonaithe na Croise, Oisin McConville. INPHO/Presseye/Andrew Paton
Bainisteoir Raonaithe na Croise, Oisin McConville. INPHO/Presseye/Andrew Paton

Raonaithe na Croise (Ard Mhacha) v Baile an Scotaigh (Muineachán), Páirc Lúthchleasaíochta, 3.30i.n.

Tá dhá bhliain ann ó bhí Raonaithe na Croise i gcluiche ceannais Uladh. Ní haon dea-chomhartha é sin do Bhaile na Scotaigh mar tá gach ceann den deich gcluiche ceannais a d’imir na Raonaithe ó 1996 buaite acu.

Tá an méid atá buaite ag an gcumann beag seo i ndeisceart Ard Mhacha dochreidte. Is é ceann d’iarlaochra na foirne, Oisín McConville, atá anois mar bhainisteoir orthu agus é ag iarraidh bua eile a chinntiú d’fhir Ard Mhaca.

Buntáiste mór do Raonaithe na Croise é go bhfuil Jamie Clarke, oidhrí McConville, sna tosaithe. Tar éis d’Ard Mhacha a bheith díbeartha as craobh na hÉireann, d’imigh Clarke leis go Meiriceá ach tá sé tagtha ar ais le cúpla seachtain anuas agus é ag iarraidh a áit a bhaint amach ar an bhfoireann.

Tá Raonaithe na Croise go láidir mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí ach i bhfianaise a bhfuil feicthe againn de Bhaile an Scotaigh, ní ghéillfidh siad sin go héasca.

Sa chluiche ceathrú ceannais, bhí bua aon chúil amháin acu in aghaidh Sleacht Néill (Doire), a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, agus ní raibh ach dhá phointe le spáráil ag curaidh Mhuineacháin sa bhabhta leathcheannais in aghaidh Thrilic (Tír Eoghain).

I measc na n-imreoirí is tábhachtaí atá acu, tá Darren agus Kieran Hughes, beirt a dhéanfadh scrios ar aonad cosanta ar bith, agus cúl báire an chontae, Rory Beggan. Tá craobh Uladh buaite acu ceithre huaire ach ba i 1989 a bhuaigh siad go deireanach í. Seans go mbeidh an taithí ar fad atá ag Raonaithe na Croise cinniúnach sa chluiche seo.

Rogha Tuairisc.ie: Raonaithe na Croise

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar chluichí ceannais na gCúigí'