Súil chun cinn ar bhabhtaí ceathrú ceannais na sraithe iomána

Imreofar na babhtaí ceathrú ceannais den tsraith iomána náisiúnta tráthnóna agus beidh cúpla coimhlint shuimiúil ann

Súil chun cinn ar bhabhtaí ceathrú ceannais na sraithe iomána

Bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue, agus bainisteoir Loch Garman, Davy Fitzgerald. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Uíbh Fhailí v Cill Chainnigh, Páirc Uí Conchúir, 1.00i.n.

Chuir Uíbh Fhailí tús maith leis an tsraith agus  bua maith acu ar Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh ach níor éirigh go rómhaith leo ó shin. Chailleadar in aghaidh Luimnigh agus i gcoinne na Gaillimhe agus cé go raibh an bua acu ar Laois, fuair Aontroim an ceann is fearr orthu an deireadh seachtaine seo caite.

Ní haon chabhair dóibh cluichí mar sin a chailleadh agus foireann Kevin Martin ag tabhairt aghaidh inniu ar Chill Chainnigh, a bhfuil taispeántais mhaithe tugtha acu le roinnt seachtainí anuas. Chuir na Cait drochthús leis an tsraith ach tá cúrsaí curtha i gceart ó shin acu agus gach seans gur ag prapáil do chluiche leathcheannais na hÉireann a bheidh siad an tseachtain seo chugainn.

Loch Garman v Gaillimh, Páirc Loch Garman, 2.00i.n. (Beo ar TG4)

Beidh imreoirí Loch Garman agus na Gaillimhe tinn dá chéile faoin am a thiocfaidh lár an tsamhraidh. Is é cluiche an lae inniu an tríú huair a chasfaidh na foirne seo ar a chéile le bliain anuas agus beidh cluiche eile eatarthu, nó b’fhéidir péire, sa chraobh.

Idir mhaith agus olc a bhí in imirt na Gaillimhe sa tsraith go dtí seo, ach é soiléir nach bhfuil Micheál Donoghue róbhuartha faoin gcomórtas seo i mbliana. Níor thosaigh siad ag traenáil go dtí lár mhí Eanáir agus easpa fuinnimh is mó a bhí ag cur as dóibh sa dara leath in aghaidh Luimnigh. Sin rud nach mbeidh ag cur as do Loch Garman, go háirithe má bhíonn Lee Chin ar fáil arís.

Baile Átha Cliath v Tiobraid Árann, Páirc Pharnell, 3.00i.n.

Gan ach dhá chluiche buaite acu, in aghaidh Laoise agus Aontroma, i Roinn 1B i mbliana, is léir go bhfuil iománaithe Bhaile Átha Cliath agus a mbainisteoir nua, Pat Gilroy fós ag dul i dtaithí ar a chéile. Beidh siad buíoch cluiche eile a bheith acu roimh thús na craoibhe ach is cinnte nach mbeidh tada éasca acu in aghaidh Thiobraid Árann.

Mar a bhí anuraidh, tá an chuma ar fhoireann Michael Ryan gurb iad is láidre sa chomórtas faoi láthair. Seans nach bhfuil aon tosach in Éirinn ag imirt chomh maith agus atá Jason Forde Thiobraid Árann i láthair na huaire agus leis an tacaíocht a bheidh aige ó na deartháireacha McGrath, beidh sé thar a bheith deacair ag Baile Átha Cliath na Muimhnigh a stopadh.

Luimneach v An Clár, Páirc na nGael, 4.00i.n. (Beo at TG4)

Níl mórán déanta ag ceachtar de na foirne seo sa chraobh le cúpla bliain anuas ach b’fhiú súil a choinneáil orthu an samhradh seo más aon chomhartha na taispeántais atá tugtha uathu acu sa tsraith go dtí seo.

Bhí an Clár ar fheabhas sna chéad trí bhabhta agus an ceann is fearr faighte acu ar Thiobraid Árann, ar Chill Chainnigh agus ar Chorcaigh agus cé nach raibh siad chomh maith céanna le cúpla cluiche anuas, tá brí agus anam arís iontu. Tá Luimneach amhlaidh agus fuinneamh na hóige iontu. Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint eatarthu tráthnóna.

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar bhabhtaí ceathrú ceannais na sraithe iomána'