Súil chun cinn ar an bpeil i 2015

Tá comhairle ag Dara Ó Cinnéide faoi na rudaí ba cheart a bheith ag súil leo sa pheil i 2015

Kieran McGeeney 19/7/2014

Ard Mhacha le leanúint lena n-aiséirí. Bhí tuairiscí go bhféadfaí brath orthu ag rá linn ag deireadh na bliana go raibh Ard Mhacha luite amach orthu féin arís faoi stiúir Kieran McGeeney agus ná beadh aon teora leis an ndul chun cinn a dhéanfaidís i 2015. Bunaithe ar fhianaise na bliana 2014, agus a gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne Dhún na nGall go háirithe, táid tagtha i dtír ar an stíl nua-aimseartha gan aon stró agus meastar nach fada go mbeidh siad ar ais ar an árdán a roinneadar le Ciarraí agus Tír Eoghain ar feadh tréimhse mhaith den gcéad deich mbliana den mhílaois nua. Beidh a bhfeachtas ag tosnú ó bhonn ana-íseal, áfach tar éis dóibh titim go Roinn 3 na Sraithe Náisiúnta Peile san earrach. Is fada agus is guaisiúil an léim atá le déanamh acu. Ach tá sé iontu.

 

Cormac Reilly shows Fionn Fitzgerald a black card 30/8/2014

Réiteoirí chun dul ó mhagadh go dáiríre faoi na cártaí dubha. Is dóigh liom go gceadódh éinne a bhfaillí sa bhliain atá díreach caite dos na réiteoirí agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar na cártaí dubha ach tar éis léasadh teangan ó stiúrthóir na réiteoirí, Pat McEnaney, bí ag súil go mbeidh siad i bhfad níos diongbháilte faoin gcúram i 2015. Cuir an cárta dubh a nochtadh i gcluiche ceannais na gclub do Richie Feeney i gcomparáid leis na cinn nár nochtadh do Shane Enright, Eoghan O’ Gara, Lee Keegan agus scata sa chluiche ceathrú ceannais idir Dhún na nGall agus Ard Mhacha i mí Lúnasa agus gheobhair éachtaint mhaith ar an mbearna idir an dá chaighdeán a leag na réiteoirí síos anuraidh. B’fhéidir go bhfuil ceacht le foghlaim ag na réiteoirí féin sa cheapachán a deineadh do chluiche ceannais na hÉireann ina dhiaidh sin, áfach – Eddie Kinsella, an fear a raibh sé de mhisneach aige cárta dubh a nochtadh do Richie Feeney ar Lá ‘le Pádraig.

Paul Geaney celebrates scoring his side's first goal 21/9/2014

Ciarraí lena gcraobh a chosaint. Cé go ndeintear dearmad rómhinic air, b’iad Ciarraí go deireanach a chosain a gcraobh i 2007 agus chuadar i ngiorracht ionga (nó barra bróige Pascal McConnell) do thrí cinn as a chéile a bhuachtaint i gcluiche ceannais na Twin Towers. Tá ceann amháin des na túir sin, Tommy Walsh, thar n-ais ar an bhfód dúchais agus an duine eile, Kieran Donaghy, ina chaptaen ar an iarracht i 2015. Anuas ar sin, beidh Colm Cooper ag iarraidh a chruthú gur féidir leis bláthú in athuair ar an ndaichead slat tar éis obráide agus athnuachana. Cé a bhuafaidh orthu? Corcaigh? Tharlódh sé, ach madra rua faoi dhó ní mealltar é. Áth Cliath? Tar éis díomá na mblianta 2011 agus 2013 ag Ciarraí ina gcoinne? Iad féin? Le bainisteoir ar nós Eamonn Fitzmaurice? Deinim amach gurb iad Maigh Eo is mó a bhainfeadh seagal astu ach tá bóthar fada le taisteal idir seo agus sin ag Ciarraí agus Maigh Eo. Beidh Ciarraí 2015 níos fearr ná mar a bhíodar ag buachtaint na craoibhe i 2014. Ach an mbeidh an t-ádh céanna leo?

Michael Darragh MacAuley 4/8/2012

Aicíd na pasála le leanúint nó go mbeidh sé ina chruachás. Nach bhfuil an pointe sin sroichte cheana féin arsa tusa? B’fhéidir go bhfuil ach leis an meath i gcaighdeán na bpasanna coise le feiscint arís i gcoinne na nAstrálach i mí na Samhna agus an cluiche ceannais briste agus briosc roimis sin i mí Mheán Fómhair, b’fhéidir go mbeadh fonn i ndeireadh na bliana 2015 ar thoscairí moladh a chur faoi bhráid na n-údarás maidir le líon na bpasanna láimhe i ndiaidh a chéile atá ceadaithe. Baineadh triail as a leithéid sa tsraith cheana os cionn fiche bliain ó shoin ach ní raibh an goile ann chuige. Tá seans tar éis bliana eile a bheidh breac le pasanna láimhe, go mbeidh an goile sin géaraithe.   

 

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar an bpeil i 2015'