Súil chun cinn ar 2015 le…Odhrán Mac Niallais

Labhair Tuairisc.ie le hOdhrán Mac Niallais, imreoir peile le Dún na nGall, faoin mbliain amach romhainn

Odhran Mac Niallais 21/10/2014
Odhran Mac Niallais. Pictiúr: Cathal Noone/INPHO

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2015? 

Níl. Ní dhéanaim rúin athbhliana.

Caidé an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2015?

Ag imirt arís sa tsraith agus sa chraobh aimsir an tsamhraidh le Dún na nGall agus Gaoth Dobhair.

Caidé an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis i 2015?

Traenáil sa gheimhreadh! Ní maith maith liom traenáil sa samhradh fiú, ní áirím an geimhreadh, fríd an fhearthainn agus an sneachta!

Caidé an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2015?

Tá mé ag súil go mor leis an chraobh. Tá mé ag dúil go mor le Liverpool ag baint an premiership fosta, ach níl rudaí ag gabháil rómhaith leis an phlean sin.

Cén chúis dóchais is mó ata agat don bhliain 2015?

Beidh bainisteoiri úr agam le mo chlub agus mo chontae, mar sin tá mé dochasach bliain mhaith a bheith agam leofa sin.

Caidé an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i 2015?

Craobh an chontae a bhaint le Gaoth Dobhair, agus céim níos faide a ghlacadh le Dun na nGall agus Craobh na hEireann a bhaint.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann i 2015, caidé a dathrófá?

Níl mórán le hathru – níl saol na hÉireann go holc. An aimsir, b’fhéidir. Bionn sé rófhuar sa gheimhreadh agus ní bhíonn samhradh fada go leor againn!

Fág freagra ar 'Súil chun cinn ar 2015 le…Odhrán Mac Niallais'