Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar cén chaoi ar éirigh le foirne na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo caite

 

Pic1-Naomh Adhamhnain
Foireann Naomh Adhamhnáin ag ceiliúradh tar éis craobh Dhún na nGall a bhuachan. (Pictiúr: Twitter/@alanfoley79)

Sciobann Naomh Adhamhnáin an bua ag an deireadh  

Is iad Naomh Adhamnháin seaimpíní Faoi-21 Dhún na nGall a bhuí le cúl ó Seán Hume ceithre nóiméad isteach in am cúitimh. I gcluiche thar a bheith dramatúil, bhí Cill Chartha chun cinn ar feadh tréimhsí fada, ach ba ag Leitir Ceanainn, a d’aimsigh 2-6 a aimsiú sa 15 nóiméad dheireanach, a bhí an lá.

Bhí tús maith ag buachaillí Chill Chartha, iad 0-4 in aghaidh 0-2 chun cinn tar éis ceathrú uaire ach is ansin a fuair Naomh Adhamhnáin a gcéad chúl den chluiche, Darragh Mulgrew á aimsiú. Bhí Cill Chartha ar ais chu cinn taobh istigh de dheich nóiméad nuair a scóráil Eoin McHugh cúl den scoth dóibh. Faoin am séideadh an fheadóg ag leath ama, bhí trí phointe idir na foirne, Cill Chartha chun cinn, 1-9 in aghaidh 1-6.

Bhí Paddy McBrearty ar fheabhas agus leath bhealach tríd an dara leath, bhí a seachtú pointe faighte aige rud a d’fhág bearna shuntasach a chuir idir na foirne, 1-13 i gcoinne 1-6. Bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh an lá ag buachaillí Chill Chartha, ach thosaigh Naomh Adhamhnáin ag teacht ar ais go tréan. Fuair siad ceithre chúilín as a chéile agus ansin agus 53 nóiméad imeartha d’aimsigh tosaí Naomh Adhamhnáin, Seán Hume, a chéad cúl, rud a d’fhág na foirne cothrom. Bhreathnaigh sé go raibh an cluiche chun críochnú ar comhscór ach ansin, leis an mbuille deireanach, fuair Hume an cúl a bhris croí Chill Chartha a bhriseadh agus a bhuaigh an corn do Naomh Adhamhnáin.

Cora Finne buacach arís

Tá corn eile ag déanamh an aisteir chuig paróiste Chora Finne tar éis gur choinnigh siad greim ar chraobh Faoi-21 na Gaillimhe a bhuaigh siad anuraidh. Ba é cumas Chora Finne cúil a aimsiú an difríocht idir na foirne sa deireadh, agus bua sé phointe acu ar Bhearna-Na Forbacha, 3-8 i gcoinne 1-8.

Ian Burke, Cora Finne, a d’aimsigh cúl dóibh sa bhua i gcoinne Bearna-Na Forbacha. INPHO/James Crombie
Ian Burke, Cora Finne, a d’aimsigh cúl dóibh sa bhua i gcoinne Bearna-Na Forbacha. INPHO/James Crombie

Bhí foireann oirthear na Gaillimhe 0-4 in aghaidh 0-1 chun cinn tar éis deich nóiméad ach ba sa chéad cúig nóiméad eile a d’athraigh an chluiche ó bhonn. D’aimsigh Cora Finne a gcéad chúl tar éis 12 nóiméad, Conor Cunningham ag déanamh an beart, agus bhí siad 2-4 in aghaidh 1-2 chun cinn taobh istigh do dhá nóiméad eile. Chaill Bearna-Na Forbacha seilbh na liathróide ar a líne 45 méadar agus nuair a tugadh an deis d’Ian Burke os comhair na cúl, ní dhearna sé aon bhotún.

Laghadaigh buachaillí Chois Fharraige an bhearna go trí phointe roimh an briseadh ach chríochnaigh Cora Finne an leath go láidir le le cúl eile ó Dylan Wall dhá nóiméad isteach in am breise.

Seacht bpointe a bhí idir na foirne, 3-5 in aghaidh 1-4, ag leath ama.

Rinne Bearna-Na Forbacha teacht aniar sa chéad chuid den dara leath agus d’aimsigh Jason Lyons ceithre phointe. Ní raibh ach cúl idir na foirne gan ach deich nóiméad fágtha ach ní raibh siad in ann an bhearna a laghadú a thuilleadh. Fuair Cora Finne dhá phonte eile roimh deireadh an chluiche.

 

An Ghaeltacht agus An Daingean sa chluiche ceannais arís

Is iomaí cluiche ceannais atá imeartha i gChiarraí-Thiar idir An Ghaeltacht agus a comharsa sa Daingean agus is iad a thiocfaidh le chéile arís i glcuiche ceannais na craoibhe Faoi-21 san athbhliain.

Tomás Ó Sé, a d’aimsigh trí chúl sa chluiche leathcheannais don Ghaeltacht inné. INPHO/Cathal Noonan
Tomás Ó Sé, a d’aimsigh trí chúl sa chluiche leathcheannais don Ghaeltacht inné. INPHO/Cathal Noonan

Ní raibh aon easpa scórála i gcluiche leathcheannais na Gaeltachta inné, iad ag fáil an ceann is fearr ar an bhfoireann cónasctha Lios Póil/Abhainn an Scáil/Caisleán Ghriaire, 4-20 in aghaidh 3-9.

Cé go raibh foireann na Gaeltachta ró-laidir dá gcéilí comhraic ar fud na páirce chabharaigh sé leo freisin gur aimsigh siad cúil díreach nuair a theastaigh siad. Bhí an chéad ceann aimsithe acu tar éis deich nóiméad. Ba é Dara Ó Sé a thug ar an maor an brat glas ardú a d’fhág a chúl bearna de chúig idir na foirne, 1-3 in aghaidh 0-1. Is é seo an chéad chluiche a d’imir an comhfhoireann i mbliana agus bualadh buille mór eile orthu nuair a d’aimsigh Tomás Ó Sé a chéad chúl díreach roimh leath ama chun an scór a fhágáil ag 2-10 in aghaidh 1-6. briseadh.

Tháinig an comhfhoireann ar ais le pointe agus cúl go luath sa dara leath, ach leathbhealach tríd an dara leath, d’aimsigh Tomás Ó Sé, ar bronnadh a bhonn uile-Éireann air an oíche roimhe, dhá chúl eile taobh istigh de chúpla nóiméad.

 

Fág freagra ar 'Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta'