Súil ar chúrsaí spóirt na Gaeltachta

Breathnaíonn Tuairisc.ie ar cén chaoi ar éirigh le foirne na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Bearna-Na Forbacha cáilithe do chluiche ceannais peile Faoi-21 na Gaillimhe

Tabharfaidh Bearna-Na Forbacha aghaidh ar Chora Finne i gcluiche ceannais peile Faoi-21 na Gaillimhe. Bhuail fir Chonamara Bóthar na Trá – Cnoc na Cathrach inné, 1-12 in aghaidh 1-7, chun craobh an iarthar a bhuachan.

Ní leiríonn an farasbarr de chúig chúilín cé chomh géar is a bhí an choimhlint. D’aimsigh Bearna-Na Forbacha 1-4 sa deich nóiméid deireanach chun teacht slán.

Bhreathnaigh sé go raibh seans na mbuaiteoirí imithe go luath sa dara leath nuair a cuireadh an lánchúlaí, James Kennedy, ón bpáirc tar éis 35 nóiméid. Tá ard-mholadh le tabhairt do chosantóirí Bearna-Na Forbacha mar tar éis an bhuille sin, níor lig said do Bhóthar na Trá – Cnoc na Cathrach ach aon phointe amháin a aimsiú.

Sna tosaíthe, ba iad Jason Lyons, a bhí thar barr ó na saorchiceanna agus Charlie Timon, a d’oibrigh go fíor-chrua, a sheas amach. Is é Emil Hernon a d’aimsigh an cúl cinniúnach do Bearna-Na Forbacha agus gan ach dhá nóiméid fágtha sa chluiche.

Aaron Cunningham with Rory Kavanagh 11/11/2012
Rory Kavanagh (ar dheis), ag imirt do Naomh Adhamhnáin, a bhain áit amach i gcluiche ceannais Sinsear Dhún na nGall. Pictiúr: ©INPHO/Presseye/William Cherry

Gleann tSúilí agus Naomh Adhamhnáin sa chluiche ceannais

Beidh deis ag Gleann tSúilí greim a choinneáil ar Chraobh Shinsear Peile Dhún na nGall a bhuaigh siad anuraidh nuair a imreos siad féin agus a gcomharsain béal dorais Naomh Adhamhnáin a chéile i gcluiche ceannais na bliana seo Dé Domhnaigh seo chugainn.

Sna babhtaí leathcheannais, bhuaigh Gleann tSúilí ar Naomh Conal     0-10 le 0-8. Bhí na foirne ar comhscór agus an t-am beagnach istigh nuair  a d’aimsigh Oisín Crawford agus an lánchúlaí Éamon Mac an Bhaird cúilín an duine.

Bhí Naomh Adhamhnáin agus Naomh Mícheál ar comhscór sé huaire sa chluiche eile, Rory Kavanagh ag aimsiú pointe na cothroime Naomh Adhmhnáin don uair dheireanach sular scóráil Conchubhair Ó Giobúin an cúilín a thug an bua d’fhoireann Leitir Ceanainn 1-12 in aghaidh 2-8.

Imreoidh Cloich Cheann Fhaola agus Gaeil Fhanaide a chéile i mbabhta leathcheannais sa pheil idirmheánach i nDún na nGall. Ba é Seán Mac Gairbhí a scóráil an cúl cinniúnach do Chloich Cheannfhaola sa gcluiche inar bhuaigh siad ar Bheart 1-9 in aghaidh 0-7. Bhuaigh Gaeil Fhanaide ar Aoidh Rua Bhéal Átha Seanaigh 0-13 in aghaidh 0-9.

Maitiu O'Flatharta 12/4/2014
Maitiú Ó Flatharta, ball d’fhoireann Dhaingean Uí Chúis a bhuaigh craobh Mionúr Chiarraí Dé Domhnaigh. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

An bua ag an Daingean

Chuir foireann mionúir Daingean Uí Chúis clabhsúr ar an-bhliain peile d’ógánaigh an cheantair sin nuair a bhuaigh siad ar na Crócaigh 1-9 in aghaidh 2-3 i gcluiche ceannais peile na mionúr i gCiarraí.

Scóráladh dhá chúl i nóiméid dheiridh an chéad leatha Liam Ó Brosnacháin don Daingean agus Mícheál de Bric (cic éirice) do na Crócaigh – rud a d’fhág 1-2 an taobh acu ag an mbriseadh. 

Fuair duine d’imreoirí na mionúr idirchontae, Gordon Kiely, cúl eile do na Crócaigh sa dara leath, rud a chuir iadsan chun cinn 2-3 in aghaidh 1-4, ach chinntigh cúilín ó Chonchubhair Ó Géibheannaigh agus péire an duine ó Mhaitiú Ó Flatharta agus ó Thomás Ó Súilleabháin, an bua don Daingean.

Beidh athimirt ann sa chraobh Sinsir tar éis gur chríochnaigh na Stacaigh agus Ciarraí Láir a chomhscór, 1-13 in aghaidh 2-10. Beidh an athimirt ar siúl i gCill Áirne an tseachtain seo chugainn.

Mná na Fairche, a bhuaigh Craobh Idirmheánach Chonnacht an deireadh seachtaine seo

Deireadh seachtaine idir mhaith agus olc ag An Fhairche

Is iad foireann peile ban na Fairche buaiteoirí Chraobh Idirmheánach Chonnacht agus bua 2-9 in aghaidh 0-5 acu ar Naomh Mícheál as Sligeach i gcluiche ceannais an chúige. Aoibheann Seoighe agus Karen Ní Chatháin a scóráil na cúil do chailíní na Gaeltachta.

Níor éirigh le fir na Fairche sa chluiche ceannais, Soisear C, ar an Satharn. Chaill siad le haon phointe amháin, 1-7 in aghaidh 0-9, I gcoinne Mhíleac-Dún an Uchta. Is le pointe amháin, chomh maith, a chaill Maigh Cuilinn sa chluiche ceannais, Soisear A, in aghaidh Chathair Loistreáin, 1-11, 1-12.

Is iad Béal Átha Ghártha atá gafa tríd go dtí cluiche ceannais iomána Soisear 1 tar éis dóibh buachan ar An Spidéal le dhá phointe, 1-12 le    0-13. Bhuaigh fir Chonamara craobh na Sóisear 1 anuraidh ach níorbh é a bhí i ndán dóibh i mbiana tar éis dóibh an cluiche leathcheannais a chailiúint an Satharn seo caite.

Pic1-AntSeanPhobail
Cormac Ó Innseadúin (ar chlé) agus captaen An tSean Phobail, Shane de Paor (sa lár), ag glacadh leis an gcorn

Bua stairiúil an tSeanphobail

Bhuaigh An Seanphobal a  gcéad Chraobh Peile Soisear (Iarthar) le beagnach 40 bliain i bPort Láirge an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuail siad Coilligeán in athimirt.

Chríochnaigh an chéad cluiche 1-9 in aghaidh 1-9, ach bhí cluiche níos éasca ag fir na Gaeltachta an babhta seo.

Bhí An Seanphobal chun tosaigh le linn an chluiche ar fad agus bhí cúig phointe idir na foirne ag leath am – 1-4 in aghaidh 0-2. Mhéadaigh na buaiteoirí ar an mbearna sin sa dara leath – 3-7 in aghaidh 0-7 an scór deireadh. D’aimsigh Graham Ó Gadhra péire de na cúil don Sean Phobail agus is é Cormac Ó Innseadúin a d’aimsigh an ceann eie ó chic éirice.

Ní raibh an comórtas seo buaite ag fir na Gaeltachta ó 1976 agus tabharfaidh siad aghaidh anois ar an Chill i glcuiche ceannais an chontae faoi cheann coicíse.