Súil ag na Crócaigh agus Misteálaigh Chaisleán an Bharraigh ar chluichí ceannais an chúige

Imreofar cluichí leathcheannais an chúige tráthnóna. Caitheann Tuairisc.ie súil ar phéire acu…

Súil ag na Crócaigh agus Misteálaigh Chaisleán an Bharraigh ar chluichí ceannais an chúige

Gary Sice ag imirt in aghaidh Chaisleán an Bharraigh. INPHO/James Crombie

Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh v Cora Finne, Páirc Mhic Éil, 14:00

Tabharfaidh dhá cheann de na foirne is fearr sa tír aghaidh ar a chéile i gCaisleán an Bharraigh tráthnóna agus an fhoireann baile, na Mistéalaigh, ag tabhairt aghaidh ar churaidh na Gaillimhe, Cora Finne, i gcluiche leathcheannais Chonnacht.

Tá cluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag ceann nó ceann eile de na foirne seo le trí bliana anuas agus ba iad na Gaillimhigh a thug leo an chraobh in 2015. Meastar nach mbeidh buaiteoirí an lae inniu i bhfad as marc arís an t-earrach seo chugainn.

Tar éis dóibh cliseadh i gcluiche ceannais na hÉireann don dara huair Lá Fhéile Phádraig seo caite, beidh na Mistéalaigh ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh an uair seo. Is cinnte go bhfuil tine ar a gcraiceann mar is ar éigean go raibh foireann ar bith eile in ann teacht gar dóibh i gCraobh Mhaigh Eo.

Bhuaigh siad go héasca ar Bhaile an Tobair agus An Cnoc Mór i gcluichí leathcheannais agus ceannais na craoibhe agus cé nach bhfuil a lán imreoirí idirchontae acu – níl acu ach beirt, Patrick Durcan agus Barry Moran – is beag laigí atá orthu.

Rud amháin a thaispeánann cé chomh láidir atá siad ná gurb iad na Mistéalaigh an t-aon fhoireann a bhfuil Cora Finne sáraithe acu in aon chraobh ó 2012. Seachas an dá chailliúint sin in 2013 agus anuraidh, níor chaill Cora Finne aon chluiche craoibhe le trí bliana anuas.

Ba mhór an faoiseamh a bheadh ann do Chora Finne fir Mhaigh Eo a bhualadh ach is cinnte nach mbeidh sé éasca. Amhail na Mistéalaigh, níor cuireadh mórán stró go dtí seo ar na Gaillimhigh agus Corn Mhic an tSionnaigh buaite don cheathrú bhliain as a chéile. Is ábhar imní é dóibh, áfach, go bhfuil gortuithe ag cur as do bheirt de na tosaithe is fearr atá acu, Gary Sice agus Martin Farragher.

Mura bhfuil teacht acu ar an mbeirt sin, seans go mairfidh ceannas Chaisleán an Bharraigh orthu ar feadh bliain eile ar a laghad.

Rogha Tuairisc.ie: Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh

Colm Cooper ag imirt do na Crócaigh. INPHO/Cathal Noonan
Colm Cooper ag imirt do na Crócaigh. INPHO/Cathal Noonan

Na Crócaigh v Luachma-Caisleán Laighnigh, Páirc na gCrócach, 14:00

Is iad na Crócaigh ríthe Chraobh Peile na Mumhan le deich mbliana anuas agus ceithre cinn de chraobhacha buaite acu sa chúige ó 2006. Cé go bhfuil an forlámhas sin acu sa deisceart, tá teipthe orthu Craobh na hÉireann a bhuachan ó 1992 rud a ghoilleann go mór orthu, gan amhras.

Tá neart dúshlán le sárú acu, áfach, más fúthu a bheith i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Phádraig. Luachma-Caisleán Laighnigh, curaidh Thiobraid Árann, is túisce atá rompu i gcluiche leathcheannais na Mumhan inniu.

Is fearr an aithne atá ag daoine ar na McGraths – Noel, John agus an duine is óige, Brian – mar iománaithe ach is cinnte go bhfuil cumas peile iontu chomh maith. Bhí taispeántais Noel agus John, go háirithe, cinniúnach i mbua Luachma-Caisleán Laighnigh i gcluiche ceannais an chontae cúpla seachtain ó shin agus an chraobh á buachan acu don tríú huair le ceithre bliana anuas.

Imreoir eile a chaithfidh na Crócaigh súil a choinneáil air ná Cian Hennessy, a d’aimsigh 1-2 sa chluiche ceannais sin in aghaidh Fánaithe na Maoile. Chuaigh Tráchtálaigh Chluain Meala i gcion ar dhaoine anuraidh agus iad ag tabhairt leo Craobh na Mumhan agus is iad Luachma-Caisleán Laighnigh a dhíbir as craobh an chontae iad i mbliana, rud a léiríonn a láidre is atá siad.

É sin ráite, is mór an dúshlán a bheidh ann an ceann is fearr a fháil ar churaidh Chiarraí tráthnóna. Cé go raibh buanna éasca go maith ag na Crócaigh i gcluiche ceannais an chontae agus sa chluiche ceathrú ceannais cúige, tá sé cruthaithe acu cheana, ina mbua in aghaidh an Daingin mar shampla, gur maith iad chun díreach a ndóthain a dhéanamh chun teacht slán as na dianchoimhlintí.

Ar ndóigh, is é Colm Cooper stiúrthóir na foirne ach tá scil ag na himreoirí timpeall air freisin, leithéidí Johnny Buckley, Paul O’Connor, Daithí Casey agus Kieran O’Leary. Tá foireann Chill Airne láidir a dóthain chun an beart a dhéanamh tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Na Crócaigh.