Súil ag na Breathnaigh deireadh a chur le mí-ádh na gConnachtach i gCraobh Shóisir na hÉireann

Éacht a bheadh ann inniu do chumann Mícheál Breathnach as Cois Fharraige cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach, gaisce nach bhfuil déanta ag aon fhoireann as Gaillimh ná as Connachta ó cuireadh tús leis an gcomórtas seo in 2003

Súil ag na Breathnaigh deireadh a chur le mí-ádh na gConnachtach i gCraobh Shóisir na hÉireann

Breandán Ó Conghaile (Mícheál Breathnach). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Craobh Shóisir Iomána na hÉireann – Cluiche leathcheannais

Mícheál Breathnach (Gaillimh) v Fánaithe an Ruiséalaigh (Corcaigh), Cill Mocheallóg, Luimneach

1.30pm

(Beo ar YouTube Spórt TG4)

Lá mór é an lá inniu do chumann Gaeltachta agus iománaithe Mhícheál Breathnach ag dul chun páirce i gcluiche leathcheannais Chraobh Shóisir na hÉireann i gCill Mocheallóg.

Agus an ceann is fearr faighte acu ar Naomh Eoin Shligigh i gcluiche ceannais Chonnacht mí na Samhna, caithfidh na Breathnaigh anois an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní Chorcaí agus na Mumhan, Fánaithe an Ruiséalaigh.

Éacht a bheadh ann don chumann as Cois Fharraige dá n-éireodh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach, rud nach bhfuil déanta ag aon fhoireann as Gaillimh, ná as Connacht, ó chuireadh tús leis an gcomórtas seo in 2003.

Cé gurb iad foirne Chill Chainnigh ríthe na craoibhe seo agus ocht gcinn de chraobhacha buaite acu, is beag atá cumainn Chorcaí taobh thiar dóibh agus cúig cinn tugtha leo acu.

Tháinig Fánaithe an Ruiséalaigh aniar aduaidh ar go leor daoine sa chontae anuraidh nuair a bhuaigh siad Craobh Shóisir Chorcaí. Ba é sin an chéad uair ag fir an chumainn craobh iomána a bhuachan agus bhuaigh siad Craobh na Mumhan ina dhiaidh sin.

Tá beirt tosaithe cumasacha ag Fánaithe an Ruiséalaigh sa líne lántosach, Josh Beausang agus Brian Hartnett. D’imir an bheirt sin d’fhoirne faoi aois Chorcaí agus bhí siad ar fheabhas d’Fhánaithe an Ruiséalaigh in 2019.

Tá croílár na foirne láidir chomh maith agus is cinnte go dtabharfaidh siad an-dúshlán d’imreoirí Mhícheál Breathnach.

Chabhródh sé go mór leis na Breathnaigh dá mbeidís in ann tús maith a chur le cluiche an lae inniu, mar a rinne siad i gcluiche ceannais Chonnacht nuair a d’aimsigh Breandán Ó Conghaile cúl go luath san imirt. Fuair Ó Conghaile 1-4 ón imirt i gcoinne Naomh Eoin an lá sin agus caithfidh sé a bheith i mbarr a mhaitheasa arís tráthnóna más leis na Breathnaigh an beart a dhéanamh.

Bhí cosantóirí na mBreathnach ar fheabhas i gcluiche ceannais Chonnacht agus beidh siad ag súil go mbeidh Maidhc Ó Conghaile agus a leathbhádóirí chomh maith céanna inniu.

Agus an drochrath a bhí ar fhoirne Chonnacht sa chomórtas go dtí seo, is beag an t-iontas gurb iad Fánaithe an Ruiséalaigh rogha na n-údar ach níl ansin ach spreagadh sa mbreis do bháireoirí Chonamara.

Fág freagra ar 'Súil ag na Breathnaigh deireadh a chur le mí-ádh na gConnachtach i gCraobh Shóisir na hÉireann'