Súil ag McHugh go gcruthóidh bille nua níos mó deiseanna fostaíochta do Ghaeilgeoirí

49 Bille atá mar thosaíocht ag an Rialtas ar chlár reachtaíochta na tréimhse amach romhainn, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ina measc

Súil ag McHugh go gcruthóidh bille nua níos mó deiseanna fostaíochta do Ghaeilgeoirí

  fáilte curtha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh roimh an scéala go bhfuil Bille Teanga chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar chlár na bpíosaí reachtaíochta a bhfuil tosaíocht á tabhairt ag an Rialtas dóibh as seo go dtí briseadh Dála an tsamhraidh.

Dúirt an tAire Stáit go raibh súil aige go gcuirfeadh an Bille nua “deiseanna níos fairsinge” ar fáil “do dhaoine oibriú go gairmiúil trí mheán na Gaeilge in Éirinn”.

49 Bille atá mar thosaíocht ag an Rialtas ar chlár reachtaíochta na tréimhse amach romhainn, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) ina measc.  

De réir na sprice sa dréachtreachtaíocht teanga, ar ghlac an Rialtas anuraidh léi, bheadh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís amach anseo.

Thug an tAire McHugh le fios inniu gurbh í sin an “chuspóir” a bheadh sa Bhille féin ach a bhfoilseofaí é.

Táthar ag fanacht ar an mBille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le nach mór cúig bliana. B’amhlaidh gur lagú seachas neartú ar an Acht a dhéanfadh na chéad cheannteidil a foilsíodh don reachtaíocht nua, ach cuireadh fáilte roimh na ceannteidil nua a foilsíodh anuraidh

Dar le lucht na teanga gurb é an t-údar misnigh ba mhó a bhain leis na ceannteidil nua ná an gheallúint a bhí iontu go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge, ach meastar go mbeidh fiúntas na sprice sin ag brath go mór ar na mionsonraí a bhainfidh leis an gcuspóir sin. 

Dúirt an tAire Stáit inniu go raibh sé “ag súil go mór leis an bplé a bheidh ar bun” i dTithe an Oireachtais faoin mbille agus le deis a fháil “na sonraí a phlé go mion”. 

Thug Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, le fios anuraidh nach bhféadfaí scála ama cinnte a lua leis an sprioc sin sa reachtaíocht nua.

Dúirt Mac Cormaic go raibh “cúrsaí earcaíochta i gcroílár na ceiste” maidir leis an reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach thug sé le fios gur próiseas “fadtéarmach” a bheadh ann an sprioc 20% a bhaint amach agus go gcaithfí tosú le suim daltaí iarbhunscoile san fhostaíocht le Gaeilge “a spreagadh” ar dtús.

Tugadh le fios inniu gurb í an bhunaidhm atá ag an Rialtas leis an mBille nua ná “a chinntiú go leanfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leo seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát”. Bhí an Rialtas, a dúradh i ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta, “ag iarraidh go mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit agus go mbeidh an teanga níos feiceálaí”.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie ag deireadh na bliana seo caite nach raibh ach 29 post den 19,795 post atá sa státseirbhís faoi láthair aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Ocht bpost a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo a líonadh sa státseirbhís in 2017 agus líonadh ceann de na folúntais sin, sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le duine nach cainteoir Gaeilge í.

Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go dtabharfaí córas isteach a chinnteodh “go mbíonn íoschéatadán foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sna ranna stáit ar fad agus sna heagraíochtaí stáit is mó a mbíonn plé acu leis an bpobal”.

Ba cheart an measúnú a dhéantar ar inniúlacht sa Ghaeilge a bheith bunaithe ar leithéid Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, dar leis.

Molann sé freisin go dtabharfaí córas monatóireachta neamhspleách isteach chun a chinntiú go mbeadh an córas nua ag obair agus go gcuirfí tuairisc maidir le feidhmiú an chórais faoi bhráid Thithe an Oireachtais uair sa bhliain.

Fág freagra ar 'Súil ag McHugh go gcruthóidh bille nua níos mó deiseanna fostaíochta do Ghaeilgeoirí'