Súil ag lucht Biden agus Trump ar shé stát na cinniúna

Tá na céadta oibrí toghchánaíochta ag saothrú i sé stát a bheidh cinniúnach sa toghchán uachtaránachta

Súil ag lucht Biden agus Trump ar shé stát na cinniúna

Wisconsin, Michigan, Pennsylvania, North Carolina, Florida, Arizona.

Sé stát i Meiriceá nach bhfuil mórán ceangail eatarthu.

Muide anseo in Éirinn, ní bheadh mórán cur amach againn ar cheachtar acu.

Ach i Meiriceá tá siad thar a bheith tábhachtach faoi láthair agus tá na céadta oibrí toghchánaíochta ag saothrú iontu ag iarraidh a chinntiú gur ag a bhfear féin a bheidh an lámh in uachtar mí na Samhna.

Seo iad na sé stát a deir lucht staidéir na polaitíochta agus na scoláirí a chuireann na staitisticí i dtoll a chéile a chaithfidh Donald Trump a bhreith leis ar an 3 Samhain le go dtoghfar arís é ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Tráthúil go leor tá siad freisin ar chuid de na stáit is measa atá buailte leis an gcoróinvíreas le roinnt seachtainí anuas.

Caithfidh lucht fheachtas Trump go leor ama sna míonna seo romhainn ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine sna Stáit sin gur ar údaráis an Stáit féin atá an milleán nár cuireadh an phaindéim faoi chois níos sciobtha agus níos éifeachtaí.

Thar aon ní eile tá an tUachtarán cumasach ag láimhseáil na meán sa mhéid agus go n-éiríonn leis i gcónaí a chinntiú go bhfuil sé sna ceannlínte.

As seo go ceann míosa beidh a gcuid comhdhálacha ag an dá pháirtí lena gcuid iarrthóirí a dhearbhú. Deis an chomhdháil ag an iarrthóir a chás a chur os comhair an phobail. In 2016 chuir na Daonlathaigh Hillary Clinton i láthair go caithréimeach.

De réir na bpobalbhreitheanna ní raibh mórán idir an dá iarrthóir ach chreid na Daonlathaigh inti agus chreid siad go láidir go n-éireodh léi.

Go háirithe in áiteacha cosúil le Wisconsin (10) Michigan (16) Arizona (11), North Carolina (15) Florida (29) agus Pennsylvania (20). Ach chaill sí Wisconsin, Michigan agus Florida.

Idir na sé stát thuas, tá 101 de na 270 vóta coláiste a theastaíonn ó iarrthóir leis an uachtaránacht a bhreith leo.

Is beag atá feicthe ná cloiste go poiblí ó Joe Biden le roinnt míonna. Don té a thacaíonn leis na Daonlathaigh agus atá beagán amhrasach faoina n-iarrthóir is dea-scéala é sin. Tá sé an-fhada chun cinn sna pobalbhreitheanna faoi láthair agus gan le déanamh aige ach a chúrsa a choinneáil.

B’fhearr gan aon deis a thabhairt dó botún a dhéanamh. B’fhearr nach mbeadh sé ar na meáin go náisiúnta rómhinic.

Ina leaba sin, tá deis ag lucht Biden díriú ar na stáit a bheidh cinniúnach.

Beidh na cúig nó sé stát a d’fhéadfadh scéal an toghcháin a athrú lárnach sa dá fheachtas sna seachtainí seo romhainn.

Fág freagra ar 'Súil ag lucht Biden agus Trump ar shé stát na cinniúna'