Súil ag Gaillimh ar chluiche ceannais eile agus an Clár cloíte ar éigean acu

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Tá curaidh na hÉireann cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann arís i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil a chontae an Chláir

Súil ag Gaillimh ar chluiche ceannais eile agus an Clár cloíte ar éigean acu

Joe Canning agus scór déanach a fháil aige ó phoc sleasa. ©INPHO/James Crombie

Gaillimh 1-17, An Clár 2-13

 Casfaidh Gaillimh agus Luimneach ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann tar éis do sheaimpíní na hÉireann a gcomharsana, An Clár, a shárú tráthnóna i gcluiche drámatúil eile.

Seans nach raibh an athimirt i nDurlas tráthnóna chomh maith leis an gcéad chluiche idir na foirne an deireadh seachtaine seo caite ach ní raibh aon easpa eachtraí ar choimhlint an lae inniu.

Díreach mar a tharla an deireadh seachtaine seo caite, rinne contae an Chláir teacht aniar den scoth tar éis do Ghaillimh scrios a dhéanamh orthu sa chéad 20 nóiméad ach, an uair seo, theip orthu an tsárobair a bhí déanta acu a chríochnú.

Cinnte bhí deiseanna acu sin a dhéanamh. Chuir siad aon iarracht déag amú sa chéad leath agus nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá, lig a n-easpa cruinnis síos arís iad.

Bhí deis iontach ar chúl ag Aaron Shanagher agus gan ach trí nóiméad fágtha. Rinne James Skehill sábháil den scoth óna chéad iarracht ach níor éirigh le Shanagher ach an posta a bhualadh nuair a tháinig an sliotar ar ais chuige.

Díomá ar lucht leanúna an Chláir agus deis ar chúl curtha amú ar éigean ag Aaron Shanagher  ©INPHO/Tommy Dickson

Ansin, in am cúitimh, bhí Gaillimh pointe chun cinn, 1-16 i gcoinne 2-12, nuair a tugadh deis do Peter Duggan na foirne a chur ar chomhscór. Shlánaigh sé poc saor níos deacra i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite chun am breise a chinntiú ach, tráthnóna, chlis air agus d’éirigh le Gaillimh a iarracht a bhlocáil.

Ar an gcéad ionsaí eile, bhuaigh Gaillimh poc sleasa agus sheol Joe Canning díreach idir na postaí é chun dhá phointe a chur idir na foirne. D’aimsigh Duggan poc saor eile rud a d’fhág go raibh an bhearna is lú idir na foirne ach ní bhfuair siad deis cheart eile.

Mar a tharla an deireadh seachtaine seo caite, chuir Gaillimh tús iontach leis an gcluiche agus bhí siad ceithre phointe chun cinn tar éis ocht nóiméad a bhuíochas de thrí chúilín ó Joe Canning agus ceann ó David Burke.

D’aimsigh Peter Duggan an chéad scór do chontae an Chláir ó phoc saor ach bhí freagra láithreach ag Gaillimh agus Conor Whelan air sin.

D’aimsigh an bheirt chéanna cúpla scór eile díreach ina dhiaidh sin ach d’éirigh le Gaillimh an bhearna idir na foirne a mhéadú go dtí seacht bpointe, 0-9 i gcoinne 0-2, le scóranna ó Conor Cooney, David Burke agus Cathal Mannion.

 

D’éirigh rudaí níos fearr fós do Ghaillimh nuair a scóráil Jonathan Glynn an chéad chúl den chluiche sa 20ú nóiméad. Sheol Joseph Cooney liathróid isteach i dtreo an lántosaigh agus léirigh Glynn scil iontach chun í a chur faoi smacht sular chuir sé an liathróid, agus gan ach lámh amháin aige ar an gcamán, thar David Tuohuy sa chúl.

D’fhág an cúl sin Gaillimh deich bpointe chun cinn ach, mar a tharla i bPáirc an Chrócaigh sa chéad chluiche, thug siad deis don Chlár teacht ar ais sa chluiche.

D’aimsigh Shane O’Donnell agus Peter Duggan pointí dóibh ach chuir na Cláirínigh sé iarracht as a chéile amú ina dhiaidh sin, rud a chuirfidh aiféala orthu agus iad ag breathnú siar ar an gcluiche.

D’éirigh le Gaillimh an bhearna a mhéadú go dtí seacht bpointe arís, 1-11 in aghaidh 0-7, luath sa dara leath ach tháinig an Clár ar ais go láidir. D’aimsigh Shane O’Donnell cúl den scoth dóibh i ndiaidh dó Dáithí Burke agus John Hanbury a chur de.

Deich nóiméad ina dhiaidh sin, chruthaigh O’Donnell an dara cúl don Chlár. Phioc sé suas an liathróid sa chúinne agus thug sé pas iontach do Peter Duggan, a bhí 25 méadar amach. Bhris Duggan tríd, chuir sé Johnny Coen agus Hanbury de dhroim seoil, agus bhuail sé raspar isteach san eangach.

Ní raibh idir na foirne ach aon chúilín amháin ag an bpointe sin agus Gaillimh chun cinn, 1-13 in aghaidh 2-9. Lena gceart a thabhairt d’fhoireann Mhiceál Donoghue, níor tháinig aon scaoll orthu.

Fuair Joe Canning cúilín ó bhuille saor dóibh go luath ina dhiaidh sin agus cé gur laghdaigh na Cláirínigh an bhearna go dtí aon phointe amháin trí huaire eile, bhí freagra i gcónaí ag fir na Gaillimhe orthu.

Gaillimh: J Skehill; A Tuohey, Dáithí Burke, J Hanbury; J Cooney, P Mannion, A Harte; J Coen, David Burke (0-2); N Burke (0-2), J Canning (0-7, 0-4 ó phocanna saora, 0-1 ó phoc sleasa), C Whelan (0-3); C Cooney (0-2), J Glynn (1-0), C Mannion (0-1). Fir Ionaid: S Loftus in áit A Harte (45 nóim), J Flynn in áit C Cooney (58 nóim), D Glennon in áit J Glynn (71 nóim).

An Clár: D Tuohy, P O’Connor, D McInerney, A Browne; S Morey, C Cleary, J Shanahan; I Galvin, D Fitzgerald; P Duggan (1-6, 0-6 ó phocanna saora), T Kelly (0-1), D Reidy; P Collins (0-1), J Conlon (0-1), S O’Donnell (1-1). Fir Ionaid: I Galvin (0-2) in áit D Reidy (34 nóim), C Malone in áit D Fitzgerald (43 nóim), R Hayes in áit P O’Connor (57 nóim), M O’Malley in áit J Shanahan (60 nóim), A Shanagher (0-1) in áit P Collins (63 nóim).

Réiteoir: Fergal Horgan

 

Fág freagra ar 'Súil ag Gaillimh ar chluiche ceannais eile agus an Clár cloíte ar éigean acu'

  • lee

    Go n-éirí go geal le fhoireann Luimnigh