Súil ag Chambers go gcuirfear tús go luath le plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach

I mBealtaine na bliana seo caite a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, an plean don cheantar taobh thiar de chathair na Gaillimhe

Súil ag Chambers go gcuirfear tús go luath le plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go gcuirfear tús go luath le feidhmiú phlean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach agus nach mór bliain caite ó ceadaíodh é.

I mBealtaine na bliana seo caite a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, an plean don cheantar taobh thiar de chathair na Gaillimhe ach níl oifigeach pleanála teanga ceaptha fós chun feidhm a thabhairt dó.

Agus ceist Dála a chuir Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách, air á freagairt aige, dúirt Chambers “go bhfuil céimeanna idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun dlús a chur le rudaí” agus tús a chur le feidhmiú an phlean “gan tuilleadh moille”. Cheapfaí Oifigeach Pleanála Teanga mar chuid de na ‘céimeanna’ sin, a dúirt an tAire Stáit.

Ó thaobh na Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá pleananna teanga i leith 25 den 26 limistéar ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo agus dúirt an tAire go raibh súil aige “go mbeidh siad uile ceadaithe go gairid”.

Níl ach plean teanga Gaeltachta amháin fágtha le ceadú faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is é plean teanga Oileáin Árann i nGaillimh an t-aon phlean atá fós le ceadú. Tá an plean sin curtha faoi bhráid na Roinne agus é á mheas i láthair na huaire.

Is ag deireadh an tsamhraidh a chuirfear tús leis an athbhreithniú ar fheidhmiú na bpleananna teanga Gaeltachta.

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta tabhairt faoin obair sin anuraidh ach beartaíodh í a chur siar de bharr phaindéim an Covid-19. Pleananna teanga i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus Phort Láirge is túisce a athbhreithneofar.

Déanfar athbhreithniú ar na pleananna san ord céanna ina ndearnadh na pleananna a fhaomhadh. Fágann sin gurb iad pleananna teanga Chloich Cheann Fhaola – a chlúdaíonn Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh – agus plean teanga na nDéise – a chlúdaíonn An Rinn agus An Sean-Phobal – na pleananna a dtosófar leo mí Lúnasa 2022.

Fág freagra ar 'Súil ag Chambers go gcuirfear tús go luath le plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach'