Súil ag Baile Mhic Gunnair ar choróin Bhaile Héil

Deireadh seachtaine mór atá ann sna craobhacha club agus scoth na gcluichí romhainn

Súil ag Baile Mhic Gunnair ar choróin Bhaile Héil

Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá briseadh beag sa tsraith iomána an deireadh seachtaine seo agus aird againn ar chraobh shinsir na gclubanna agus an dá chluiche leathcheannais.

I nDurlas Éile tráthnóna a chasfaidh ríthe an chomórtais Baile Héil ar cheann de na foirne atá ag déanamh éilimh ar an gcoróin, Baile Mhic Gunnair. Tá seaimpíní Chill Chainnigh ar bharr liosta na n-onóracha agus leathdhosaen craobh buaite acu. D’imríos féin ina gcoinne i 1981 nuair a bhuadar corn Tommy Moore den chéad uair riamh. Bhí scata Fennellys ar an bhfoireann sin agus Richie Reid a bhí ina chaptaen. Tá cuid mhaith de na hainmneacha céanna ann fós i measc na glúine seo agus imreoirí nua ann ar maise ar an iomáint a saothar. Is iomaí taispeántas iontach atá tugtha ag leithéidí Joey Holden, Michael agus Colin Fennelly agus TJ Reid do Chill Chainnigh gan trácht ar Adrian Mullen, an cúl báire Dean Mason agus Eoin Cody a d’imir le foireann mhionúir Chill Chainnigh in 2017. Agus, dar ndóigh, seasta ar an taobh líne beidh an rí é féinig Henry Shefflin agus bib an bhainisteora air.

Thugadar greadadh ceart do Bhaile Baodáin i gcluiche ceannais Chúige Laighean agus rachaidh siad chun páirce inniu agus iad lán le muinín in aghaidh ionadaithe na Mumhan atá ag iarraidh craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair.

Bhí an chuma ar Baile Mhic Gunnair go ndéanfadh siad an beart sin le tamall fada go leor anois. Tá cúig cinn de chraobhacha contae i ndiaidh a chéile buaite acu ach níor éirigh leo craobh na Mumhan a thabhairt leo go dtí mí na Nollag seo caite, an dara huair riamh don club an chraobh sin a bhuachan. Ach oiread le Baile Héil níl aon easpa taithí ar na himreoirí seo agus na deartháireacha Mahony, Barry Coughlan, an cúl báire Stephen O’Keefe agus scata Súilleabhánach cumasach acu. Tá iarlaoch an chlub Fergal Hartley ar an taobhlíne acu.

Is deacair a rá cé a bhuafaidh.

Tá an dá fhoireann láidir agus is dócha, mar is iondúil gurb iad eachtraí móra agus beaga an lae féin a shocróidh cén dream a bheidh ag ceiliúradh. Sa chluiche leathcheannais eile tá an club cáiliúil sin Ruairí Óg Bhun Abhann Dalla as contae Aontroma ag imirt i gcoinne Chumann Naomh Tomás na Gaillimhe. Is deacair cás a dhéanamh d’fhoireann Aontroma nuair a chuirtear neart agus caighdeán na hiománaíochta sa Ghaillimh i gcomparáid le staid an chluiche in Aontroim. Lena chois sin tá scata maith imreoirí ag Naomh Tomás a d’imir ar fhoireann an chlub a thug Corn Tommy Moore abhaile leo in 2013.Tá captaen na Gaillimhe David Burke acu chomh maith le scata de mhuintir Cooney agus ceathrar Búrcach eile. Tabharfaidh siad an lá leo.

Ní inniu a chríochnóidh cúrsaí na gclubanna mar beidh scoth na n-imreoirí sóisir agus idirmheánacha i gceanncheathrú CLG amárach agus na cluichí ceannais sna gráid sin á n-imirt. Is iontach ar fad an rud é go bhfaigheann imreoirí club seans imirt ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh.

Beidh Ráth Luirc as Corcaigh agus Órán Mór Mearaí na Gaillimhe in aghaidh a chéile sa cluiche idirmheánach agus Dún Iomagáin Chill Chainnigh agus Cumann Bhaile na Lorgan as Muineachán atá sa chraobh shóisir. 

Beidh páistí, tuismitheoirí agus seantuismitheoirí ann. Beidh fuadar, scleondar agus béicíl ann. Beidh dathanna iontacha agus atmaisféar corraitheach ann. Beidh bród na bparóistí soiléir agus lá stairiúil eile i bPáirc an Chrócaigh. 

Fág freagra ar 'Súil ag Baile Mhic Gunnair ar choróin Bhaile Héil'