Suas le 510 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta curtha isteach

Tá 360 aighneacht cláraithe cheana féin ag an Roinn Oideachais agus suas le 150 eile fós le clárú

classroomCuireadh suas le 510 aighneacht faoi bhráid na Roinne Oideachais le linn an phróisis chomhairliúcháin a rinneadh an mhí seo caite faoin dréachtpholasaí nua maidir le hoideachas Gaeltachta. Tháinig deireadh leis an bpróiseas sin Dé hAoine seo caite, an 3 Iúil.

Thug urlabhraí na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhféadfaí figiúr cruinn beacht a thabhairt go fóill ach go bhfuil tuairim is 360 aighneacht cláraithe ag an Roinn go dtí seo agus suas le 150 eile fós le clárú.

Cheana féin dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, go mbeidh an polasaí nua oideachais don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.

Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil an teanga fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb shiúd é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ar dhaltaí ar cainteoirí dúchais iad. Dá réir sin tá aitheantas tugtha acu go dteastaíonn polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Beidh grúpaí fócais ag teacht le chéile san fhómhar chun tuilleadh scagtha a dhéanamh ar na moltaí agus ar na tuairimí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn ‘go hiomlán trí mheán na Gaeilge’ agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor sna ranganna naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Moltar freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta an teagasc ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge feasta, más rud é gurb Béarla atá in uachtar iontu faoi láthair.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí leis an éileamh atá ar an teagasc a bheith i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh ‘mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagaisc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí,’ moltar gur cheart féachaint ‘ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór’.

 

Fág freagra ar 'Suas le 510 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta curtha isteach'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Baineann ceann de na moltaí is conspóidí leis an éileamh atá ar an teagasc a bheith i mBéarla sa Ghaeltacht.” Amhail is nach bhfuil aon teagasc tré Bhéarla sa Ghaeltacht faoi láthair!