Suas le 320 áit ar leataobh d’iarrthóirí le Gaeilge sa Gharda Síochána

Caithfidh 10 faoin gcéad de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge de réir an tsocraithe a rinne an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leis an nGarda Síochána in 2014. D'fhógair an tAire Dlí agus Cirt go n-earcófar 3,200 Garda nua as seo go ceann ceithre bliana

Suas le 320 áit ar leataobh d’iarrthóirí le Gaeilge sa Gharda Síochána

Pictiúr: RollingNews.ie

D’fhéadfadh go mbeadh suas le 320 post ar fáil do chainteoirí Gaeilge sna ceithre bliana amach romhainn sa Gharda Síochána, mar chuid d’fheachtas earcaíochta an Gharda Síochána a fógraíodh inné.

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald go n-earcófar 3,200 Garda nua as seo go ceann ceithre bliana agus é mar aidhm ag an rialtas líon na nGardaí a mhéadú go 15,000 faoin mbliain 2020.

De réir an tsocraithe a rinne an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leis an nGarda Síochána, caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge. Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm nuair a tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ag ochtar den naonúr Gardaí a bhí lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Sárú a bhí sa mhéid sin ar Acht an Gharda Síochána 2005. Éilítear san Acht sin go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Gardaí a mbeadh plé acu le daoine sa Ghaeltacht.

Sa leabhrán eolais d’iarrthóirí na bliana seo, deirtear go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána agus an eagraíocht féin “tiomanta go hiomlán” dá gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go bhfuil “lúcháir” ar an gCoimisinéir go mbeidh sruth speisialta ann do chainteoirí líofa Gaeilge.

Beidh ar iarrthóirí a chuirfidh isteach ar an sruth Gaeilge na céimeanna deireanacha den phróiseas roghnaithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, scrúduithe labhartha agus scríofa ina measc.

Cuirfear iarrthóirí shruth na Gaeilge a n-éiríonn leo san fheachtas earcaíochta chun na Gaeltachta ar feadh tréimhse.

Osclaíodh Coláiste an Gharda Síochána an athuair i mí Mheán Fómhair na bliana 2014. Ó shin i leith, earcaíodh 1,200 Garda nua.

Fág freagra ar 'Suas le 320 áit ar leataobh d’iarrthóirí le Gaeilge sa Gharda Síochána'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Na sruthanna speisialta seo….is gairid go mbeidh ceann ann do chainteoirí Polainnise fosta…gan labhairt ar mhiontheangacha eile. Agus le céad bliain anuas níl an tír seo ábalta creatlach de chainteoirí Gaeilge sna seirbhísí cosanta a fhorbairt. An Ghaeilg, chéad teangaidh na tíre agus ár dteangaidh dúchais!!!!

    Ba cheart iad uilig a chuir ar cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht, nach raibh siad ag foghlaim na Gaeilge mar ábhar ar an scoil???

    Agus cá huair a fheiceas muid an lá nuair a bheas comharthaí Gaeilge sa Ghaeltacht ag na póilíní tráchta agus comharthaí dátheangach, in áit comharthaí Béarla, acu taobh amuigh den Ghaeltacht?