Strus? Tá sláinte intinne le fáil i bhfoghlaim na Gaeilge

In áit a bheith ag trácht ar an ‘imní’ agus ‘an strus’ a bhaineann le foghlaim na Gaeilge, ba chóir béim a leagan ar na buntáistí a bhaineann le foghlaim teangacha

Strus? Tá sláinte intinne le fáil i bhfoghlaim na Gaeilge

Is mór an lán cainte atá déanta le cúpla bliain faoin ngnás atá sa tír seo díolúine a thabhairt do dhaltaí Ardteiste ar chomhairle síceolaí a deir nach mbeadh an dalta bocht in ann ag an nGaeilge agus an stró breise a bhainfeadh lena foghlaim.

Deir an Roinn Oideachais linn gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh agus an córas faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge á leasú.

San am a caitheadh thugtaí comhairle ghairmiúil do theaghlaigh agus do thuismitheoirí na Gaeltachta Béarla a labhairt lena bpáiste a bhí faoi mhíchumas nó a raibh fadhb aige leis an urlabhra, amhail is gurb í an Ghaeilge an tsiocair.

Go minic ní raibh aon Ghaeilge ag lucht sin na comhairle ná aon oiliúint orthu maidir leis an ilteangachas.

Is léir anois go bhfuil an port céanna ar siúl i Sasana agus é á rá le tuismitheoirí agus oidí gan daltaí a chur ag foghlaim teangacha eachtracha a “chuireann an-bhuairt orthu” agus teastais á dtabhairt dóibh ag dochtúirí teaghlaigh a mhaithfeadh teangacha nua dóibh.

Ceist a chuirtear ar dhaonáireamh Shasana ‘céard í do phríomhtheanga?’ amhail is nach bhféadfadh a bheith ag aon duine ach príomhtheanga amháin.

Tá taighde déanta ag an Ghil’ad Zuckermann, atá ina Ollamh le Teangeolaíocht agus Teangacha atá i mBaol in Ollscoil Adelaide san Astráil ar thábhacht teangacha don tsláinte.

Ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fichiú haois bhí polasaí ag rialtas coilíneach na hAstráile páistí a thógáil óna dtuismitheoirí in aghaidh a dtola agus cur faoi ndeara dóibh Béarla a labhairt in áit a dteanga dhúchais. Díothú na dteangacha dúchais an toradh a bhí air sin, polasaí a d’fhág nach bhfuil ach 13 teanga fágtha san Astráil anois nach bhfuil in an-bhaol báis, tír ina mbíodh 250 teanga dhúchais tráth.

Tá sé faighte amach ag Zuchermann ina chuid taighde féin go bhfuil an-fheabhas tagtha ar shláinte choirp agus intinne phobal dúchais na hAstráile sna pobail a ndearnadh athbheochan ar a dteangacha dúchais.

Tháinig titim ina measc ar na rátaí maidir leis an alcólachas, an andúil, diaibéiteas, an galar dubhach agus thit an líon daoine a chuir lámh ina mbás féin chomh maith.

Maíonn Zuckermann go léiríonn na torthaí sin nach dochar ach tairbhe a dhéanann teangacha nua a fhoghlaim do shláinte intinne an duine.

Is minic a deirtear le himircigh i Sasana gan a dteanga dhúchais a labhairt Iena bpáistí sa mbaile ionas go bhfoghlaimeoidh siad Béarla níos fearr. Cuirtear an milleán ar aon mhoill ar urlabhra páiste ar an dátheangachas sa mbaile.

Ní hamháin nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch leis an gcomhairle sin, ach is mór an baol go ndéanfadh a leithéid dochar síceolaíoch don leanbh.

Dá stopfadh máthair nó athair ag spraoi, ag canadh nó ag síor-rá leis an bpáiste ina dteanga féin cheal líofacht nó muinín sa mBéarla, chuirfeadh sé as go mór dá gcaidreamh leis an bpáiste agus d’fhorbairt an pháiste féin.

Tá taighde déanta i measc déagóirí i Londain a cheap gur peaca é teanga an bhaile a labhairt ar scoil, agus iad scanraithe go sciorrfadh focal di uathu sa rang.

Maíonn an Dr. Thomas H Bak in Ollscoil Dhún Éideann nach gcuirfidh sé aon fheabhas ar Bhéarla an pháiste mura labhraíonn a mhuintir leis ach Béarla sa mbaile, d’ainneoin nach é an Béarla a dteanga dhúchais féin.

Is amhlaidh a chuirfear moill orthu ag foghlaim Béarla agus beidh siad deighilte go deo óna stair agus a sinsir, rud a dhéanfaidh dochar dóibh.

Deir Bak go bhfoghlaimeoidh páistí Béarla ar scoil agus sa gcomharsanacht agus gur cúnamh mór dóibh teanga eile a bheith á labhairt leo chomh maith.

Creideann sé go bhfuil go leor daoine i Sasana a gortaíodh agus a maslaíodh go dona ar scoil agus oidí á chur ina luí orthu go raibh siad dúr nuair ab amhlaidh nach raibh teangacha á múineadh dóibh i gceart.

Smaoinigh air, a deir Bax, ní thugann aon duine leabhar lán le briathra an Bhéarla sna haimsirí éagsúla don pháiste ná ní iarrtar air liostaí focal a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Bhí an tOllamh ag múineadh na mbriathar trí rap a chumadh i rang Fraincise i nGlaschú nuair a d’fhiafraigh déagóir óg de: ‘Cén fáth go bhfuil orainn briathra a dhéanamh i bhFraincis nuair nach n-úsáideann muid i mBéarla iad?’

Níor thuig an fear óg go raibh briathra agus gramadach chasta i mBéarla agus nach raibh sa mBéarla ach teanga amháin eile sa domhan ilteangach seo.

Tá néareolaithe ag cur go mór leis an tuiscint atá acu ar an tionchar a bhíonn ag teangacha ar an inchinn. Is eol dóibh anois go dtagann biseach cognaíoch ar mheabhair duine dhá uair níos sciobtha sa gcéad bhliain tar éis stróc má tá cumas ag an duine sin sa dara teanga. Léirigh taighde a rinne an tOllamh Ellen Bialystok in Ollscoil York in Toronto gur thug an cumas sa dara teanga cairde ceathair nó cúig de bhlianta do dhaoine a labhair níos mó ná teanga amháin sular nocht comharthaí ghalar Alzheimer, éacht nach bhfuil drugaí in ann a dhéanamh go fóill. Creideann Thomas Bak go bhfaigheann an aois greim níos sciobtha ar dhaoine a bhíonn taobh leis an aon teanga amháin.

Bíonn i bhfad níos mó gníomhaíochta ar siúl in inchinn an té atá dátheangach – caithfidh sé breithiúnas a dhéanamh, cuimhneamh, agus roghanna a dhéanamh maidir le focail, éirim agus frásaí. Measann Bialystok go mbíonn ‘taisce cognaíoch’ ina inchinn ag an duine ilteangach ar féidir leis tarraingt as chun cuid d’aon damáiste a dhéantar don inchinn a chúiteamh.

Rinneadh taighde le máithreacha i Sasana in 2018 a léirigh an tionchar an-dearfach a bhí ag amhráin, rabhlóga agus suantraithe as gach cearn den domhan a bheith á gcasadh i ngrúpaí do mháithreacha agus páistí óga chun an ruaig a chur ar chomharthaí sóirt an ghalair aeraigh i measc na máithreacha.

Níl aon taighde feicthe fós ag an Ollamh Bialystok a chruthódh gur fearr a chruthaíonn daltaí ilteangacha i scrúduithe ach mar a dúirt sí “ní dhéanann sé aon dochar dóibh agus ó tharla go bhfuil go leor buntáistí sóisialta agus cultúrtha leis, ba cheart an dátheangachas a chur chun cinn”.

Is léir gur fiú leas a bhaint as an taighde atá ar bun i sochaithe ilteangacha eile agus polasaí an dátheangachais á phlé sa tír seo ar chúrsaí oiliúna múinteoirí agus oideachasóirí. 

Ba chiallmhaire go mór é sin ná  a bheith ag trácht ar an “imní” agus “an strus” a bhaineann le foghlaim na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Strus? Tá sláinte intinne le fáil i bhfoghlaim na Gaeilge'

  • Eilís Ní Anluain

    Taighde spéisiúil tugtha le chéile go deas agat a Mháire

  • Sibéal

    An-alt. Leis an méid sin buntáistí ag baint leis andátheangachas ní h-íontas ar bith é go roghnódh an cheathrú cuid de thuistí na 26 contae Gaelscoil dá bpáistí dá mbeadh ceann ar fáil ina aice leo.
    Faraor níl ach 6% de pháistí bunscoile an deiscirt ag freastal ar Ghaelscoil. Míníonn an t-easpa Gaelscoileanna sin comh dúr dallaigeanta is atá polaiteoirí agus maindairíní bochta an stáit.

  • Aoife

    An mhaith ar fad mar is gnách leat, a Mháire. Bhí mé ag léacht a thug Blax a d’eagraigh Gael Linn cúpla mí ó shin. Fíor spéisiúil. Ní taighde gur bhfiú ní amháin don Roinn Oideachais a léamh & foghlaim uaidh ach don Roinn Sláinte chomh maith.
    Is breá liom do chuid scriobh in a Mháire!