Struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge ‘ag tachtadh cur chun cinn na Gaeilge’ — Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

Deir Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha nach bhfuil ‘an spreagadh agus an tacaíocht chuí’ á fháil agus go bhfuil ‘fadhb’ ann maidir le cúrsaí maoinithe na heagraíochta

Tá ráite ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, go bhfuil an struchtúr maoinithe atá ann d’Fhoras na Gaeilge “ag tachtadh cur chun cinn na Gaeilge” agus go bhfuil an tOireachtas i gcruachás ó thaobh airgid de.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ó Maolaodha go bhfuil “fadhb ann” maidir le cúrsaí airgid, maoinithe agus tacaíochta. Ar an dá rialtas, thuaidh agus theas, a bhí Ó Maolaodha ag fáil an lochta.

“Faigheann muide formhór ár gcuid maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, agus ní le Foras na Gaeilge atá mé ag troid faoi láthair, aisteach go leor, tá mo chuid troideanna déanta agam leo thar na blianta, ach níl aon neart acu siúd ar an gcás ina bhfuilimid faoi láthair. Tá an maoiniú atá faighte ag an bhForas laghdaithe go mór le blianta beaga anuas.

“Níorbh acmhainn dóibh siúd an t-airgead a thugtar do na ceanneagraíochtaí a ardú. Sa bhliain 2015 fuair muid €690,000 ó Fhoras na Gaeilge i leith ár gcuid oibre, sa bhliain 2016 bhí sé sin tite go €628,000 in 2016 agus go €622,000 in 2017, agus an rud céanna geallta arís don bhliain seo chugainn,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Maolaodha go bhfuil an pobal ag súil go ndéanfaí “an oiread céanna oibre” leis an maoiniú a thugtar anois don Oireachtas agus é ina cheanneagraíocht agus a dhéanadh an eagraíocht sular cuireadh breis cúraimí air. Dúirt sé go bhfuair Oireachtas na Gaeilge €572,000 ón bhForas in 2009 nuair nach raibh le déanamh ag an eagraíocht ach an fhéile Oireachtas na Samhna agus an ócáid Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a eagrú. Ní ghá an uair sin ach an oiread oifig a bheith ag feidhmiú ar an taobh ó thuaidh den teorainn.

“As an €622,000 atá againn, tá sé sin leagtha amach arís céard faoi gur féidir é sin a chaitheamh, tá €392,000 le caitheamh ar thuarastail agus pinsin agus na híocaíochtaí sin ar fad, agus ní fhágann sé sin mórán le caitheamh. Sa bhliain 2015 bhí €196,000 de chaiteachas ar fhéile Oireachtas na Samhna,” a dúirt Ó Maolaodha.

Thug sé le fios do Ghormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin gur íocadh €85,000 den bhille sin as maoiniú Fhoras na Gaeilge agus go bhfaightear an chuid eile den airgead leis an bhféile a reáchtáil ó tháillí iontrála, ticéid agus urraíocht.

“Ní le Foras na Gaeilge atá mé ag troid, mar tá siadsan bunaithe le 20 bliain faoi struchtúr, dáiríre, atá ag tachtadh cur chun cinn na Gaeilge. Tá muide luaite go sonrach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá abairt ann a deir go dtabharfar an spreagadh agus an tacaíocht chuí d’Oireachtas na Gaeilge. Níl muid á fháil sin,” a dúirt sé.

Thug sé le fios freisin go bhfuil fiacha €50,000 ar Oireachtas na Gaeilge faoi láthair, fiacha a tháinig i gceist nuair a rinneadh ceanneagraíocht den Oireachtas trí bliana ó shin. Mhaígh sé gur bhain costas mór le clárú na heagraíochta mar chomhlacht, le hearcú foirne breise agus le hoscailt oifigí nua na heagraíochta ar an Iúr (Chinn Trá).

Tá scríofa ag Ó Maolaodha chuig Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ag lorg cruinniú leis an scéal a phlé. Tá an litir sin á plé ag oifigigh na Roinne Gaeltachta faoi láthair agus tú súil ag Stiúrthóir an Oireachtais go mbeidh deis aige cúrsaí maoinithe a phlé go luath.

Idir an dá linn, tá cuireadh faighte ag Ó Maolaodha ón seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh teacht i láthair Thithe an Oireachtais agus an cheist a phlé.

Fág freagra ar 'Struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge ‘ag tachtadh cur chun cinn na Gaeilge’ — Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge'

  • Concubhar

    Ní dócha go mbeidh aon fhuascailt ar an dtachtadh go ceann tamaill ós rud é go bhfuil mí riail dhíreach i réim arís ó thuaidh agus ciallaíonn sin go gcoinneofar airgead siar ón nGaeilge….