Struchtúr ceannais agus riaracháin nua fógartha don Gharda Síochána

Tuilleadh Gardaí ar dualgas i measc an phobail an toradh a beidh ar an struchtúr nua a deir an coimisinéir Drew Harris

Struchtúr ceannais agus riaracháin nua fógartha don Gharda Síochána

Tá na leasuithe is suntasaí le fada an lá ar struchtúr ceannais an Gharda Síochána fógartha inniu ag Coimisinéir an fhórsa, Drew Harris.

Cuirfear príomhcheannfort amháin i gceannas ar gach ceann de 19 roinn nua in áit an 28 roinn atá ann faoi láthair agus beidh tuilleadh údaráis agus neamhspleáchais ag na ceannfoirt sin ina ndúiche féin. Beidh ceathrar ceannfort ag gach príomhcheannfort agus freagrachtaí ar leith orthu sin. Beidh duine acu freagrach as déileáil le cúrsaí coiriúlachta sa réigiún, beirt ag plé le caidreamh leis an bpobal agus duine amháin i gceannas ar dhea-fheidhmiú na roinne sin den Gharda Síochána.

Beidh ‘sibhialtaigh’, baill foirne nach ball den Gharda Síochána iad, freagrach as cúraimí riaracháin i ngach roinn agus acmhainní daonna, caiteachas agus soláthar faoina gcúram sa roinn sin. Beidh pá sé mhí de phacáiste scoir á thairiscint do bhaill shinsearacha an fhórsa gur mhian leo an tseirbhís a fhágáil.  

Maíonn an Coimisinéir Harris go gcinnteoidh an struchtúr nua thar aon ní eile go mbeidh breis Gardaí ar dualgas i measc an phobail ar fud na tíre. Beidh tuilleadh Gardaí le hearcú agus tuilleadh fós le scaoileadh saor ó dhualgais riaracháin le dul i mbun póilíneachta.

Ach tá amhras ann go gcuirfear i gcoinne phlean an choimisinéara, go háirithe ag grúpaí ionadaíochta an Gharda Síochána de bharr go gcreideann siad go gcuirfidh sé srian ar arduithe céime.   Tá imní freisin ann go bhféadfadh go mbeadh polaiteoirí áirithe agus grúpaí pobail in amhras faoin athstruchtúrú mar go mbeidh ísliú stádais ag stáisiúin áirithe de chuid an Gharda Síochána a bhfuil stádas ‘ranna’ acu faoi láthair. 

Ar an Luan seo chugainn a chuirfear tús le feidhmiú phlean nua an choimisinéara ach meastar go dtógfaidh sé suas le trí bliana sula mbeidh sé i bhfeidhm go hiomlán.

Tá amhras léirithe cheanna féin ag an gCeannfort Noel Cunningham, Uachtarán Chumann Cheannfoirt na nGardaí nach chun leasa na seirbhíse é struchtúir bhainistíochta a athrú i gceantair ina bhfuil rátaí arda coiriúlachta, amhail cheantair na teorann.

Fág freagra ar 'Struchtúr ceannais agus riaracháin nua fógartha don Gharda Síochána'