Straitéis Shinn Féin i nDoire – leigheas nó lot?

An beart fuascailte atá déanta ag Sinn Féin i nDoire nó an ag cothú fadhbanna úra dóibh féin atá siad?

Straitéis Shinn Féin i nDoire – leigheas nó lot?

Martina Anderson. Pictiúr: Mark Marlow/Rollingnews

Tá sé ina raic i nDoire faoi dhíroghnú Martina Anderson agus a comhghleacaí mar Theachtaí Tionóil Shinn Féin. Cuid de straitéis na ceannaireachta chun an páirtí a athnuachan sa chathair is ea ruaigeadh na beirte. An beart fuascailte é sin nó ar chothaigh sé fadhbanna úra?

Tá gaolta Martina Anderson ar buile faoin gcaoi ar caitheadh leis an bpoblachtánach sinsearach. Dúirt deirfiúracha Anderson go raibh ceap milleáin déanta di as fadhbanna an pháirtí i nDoire nach raibh aon bhaint aici leo. Dúirt siad freisin go raibh an chosmhuintir phoblachtánach ar mire faoi uirísliú mná a thug a saol go dtí seo don ghluaiseacht. Chaith Martina Anderson beagnach 14 bliain i bpríosún mar bhall den IRA Sealadach. Dúirt a muintir gur chaith a hiarchomrádaithe níos measa lei ná údaráis na Breataine.

Mhol ceannaireacht an pháirtí don bheirt teachtaí, Martina Anderson agus a comhghleacaí Karen Mullan, éirí as Stormont aimsir an chéad toghchán Tionóil eile, an bhliain seo chugainn.

D’fhógair an bheirt bhan le déanaí gur ghlac siad leis an gcomhairle agus nach mbeidís ina n-iarrthóirí. Sular tharla an chéim neamhghnách sin bhí foireann áitiúil an pháirtí i gcomhairle ceantair Dhoire scortha tar éis fiosraithe ar ordú na ceannaireachta.
Bhí cúis mhaith ag Sinn Féin leis an scrúdú ar an bpáirtí i nDoire i bhfianaise na dtorthaí san dá thoghchán is deireanaí ansin. Tháinig titim ollmhór ar a vóta don Chomhairle áitiúil agus do Westminster. Thairis sin bhí pobalbhreitheanna príobháideacha ag léiriú dóibh nár ghal soip é laghdú tacaíochta 2019 agus go raibh siad i dtrioblóid mhór.

Ceithre bliana ó shin, ar an 8 Meitheamh 2017, in olltoghchán Westminster shroich Sinn Féin a bhuaic i dtoghcheantar an Fheabhail. Baineadh amach an sprioc a bhí acu le blianta; fuair siad an ceann is fearr ar an SDLP ina dhúnáras, i suíochán John Hume mar a thugtaí air. Bhain Elisha McCallion Sinn Féin an suíochán le 39.7% de na vótaí i gcomparáid le 39.3% ag Mark Durkan SDLP. 169 vóta de mhóramh a bhí ag feisire Shinn Féin ach toradh talamhchreathach ab ea é. Ritheadh an toghchán deich seachtaine tar éis do Martin McGuinness bás a fháil agus bhí vóta comhbhróin i gceist gan dabht ach airíodh gurb é casadh na taoide é.

Ba é sin an sciar ab airde den vóta a fuair Sinn Féin ariamh sa toghcheantar cé go raibh sé ag fás go seasta le tamall de bhlianta roimhe sin. Bhí Martina Anderson ina feisire Eorpach agus ba é Sinn Féin an páirtí ba mhó ar an gComhairle le cúpla bliain. Sna toghcháin áitiúla in 2014 fuair Sinn Féin 16 suíochán i gcomparáid le deich gcinn an SDLP. Bhí ceannaireacht Shinn Féin agus a lucht tacaíochta buacach in 2017 iad cinnte go raibh an chóir leo agus gur ag neartú a bheidís.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin baineadh siar astu. Sna toghcháin áitiúla i dtús na Bealtaine 2019 bhí titim 8% ar sciar Shinn Féin den vóta agus chaill siad cúig shuíochán. D’imigh lucht tacaíochta chuig neamhspleáigh, an SDLP, Aontú agus Pobal Seachas Brabach. Toghadh 11 comhairleoir ó Shinn Féin, an líon céanna leis an SDLP.

Martina Andersoin. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

San toghchán do Pharlaimint na hEorpa an mhí chéanna choinnigh Martina Anderson a suíochán ach thit an vóta 3% agus ba í an duine deiridh í den triúr ban a toghadh. Ní Doire amháin a bhí i gceist ó ba thoghcheantar Eorpach amháin é an Tuaisceart ar fad. Shroich Diane Dodds DUP agus Naomi Long Alliance an cuóta roimpi. Bhí deireadh le seirbhís Eorpach an triúr anuraidh nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.

Dhearbhaigh an tríú toghchán in 2019 an treocht a chonacthas sna toghcháin áitiúla. Thit an tóin as vóta Elisha McCallion (go 20%) agus fuair Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, bua ollmhór uirthi, 17,000 vóta le spáráil aige. Fuair sé 57% den vóta, an móramh is mó ariamh. Má bhí imní ar cheannaireacht Shinn Féin faoin toradh sin níor léir é; bhí díomá orthu agus tuairiscítear gur cuireadh ceann le fiosrú faoi cad ba bhun leis an ngleadhradh a fuaireadar.

D’ainneoin na teipe chuir siad a muinín arís in McCallion. D’ainmnigh siad í mar iarrthóir do thoghchán an tSeanaid anuraidh. Toghadh í ach tháinig deireadh lena ré mar sheanadóir tar éis cúig mhí. Nuair a tháinig sé chun solais go raibh deontas Covid-19 le haghaidh gnólachtaí beaga ina shuí ina cuntas – gan aisíoc, cé nach raibh sí ina theideal – chuir Mary Lou McDonald iallach uirthi éirí as.

Is cosúil gur ansin a dhírigh an cheannaireacht le fuinneamh ar an bhfiosrú faoi céard a bhí ar siúl sa pháirtí i nDoire. Chuala siad líomhaintí – a chuala an colúnaí seo i ndiaidh thoghchán na Comhairle in 2019 – go raibh maoiniú agus scéimeanna pobail á gcoinneáil i ngreim ag dream beag, go raibh an ionadaíocht lag nó in easnamh ar fad agus nach rabhthas ag éisteacht leis an bpobal. Ní raibh gean ag mórán ar Elisha McCallion.

Níor deineadh aon líomhain in aghaidh Martina Anderson. Ní thaitníonn a caint ghiorraisc ná buaileam sciath lena lán, níl sí tarraingteach do dhaoine nach dtacaíonn le Sinn Féin ach deirtear gur dia beag í ag seandílseoirí na bpoblachtánach. Níor fhág Karen Mullan a rian ar an Tionól ach fearacht Anderson deirtear nach raibh aon locht ar leith i gceist ach gur damáiste comhthaobhach í.

Bhí Sinn Féin toilteanach conspóid a chothú agus diancháineadh a fhulaingt chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bpoblachtánach Bobby Storey. Is údar iontais é chomh fuarchúiseach is a bhí siad faoi Martina Anderson.

Beart cinniúnach ach ar bhotún é nó an mbainfidh siad buntáiste as?

Fág freagra ar 'Straitéis Shinn Féin i nDoire – leigheas nó lot?'

  • S. Mac Muirí

    Bíonn a loscadh féin in achan choill.

  • F. Keany

    Ní shílim go bhfuil sé ceart nó cóir an milleán a chur ar Martina.
    Ba léir don phobal go raibh Tionchar ag an DUP i Londain. (Luach £3 billiún, a chur Boris ar an tionchar seo.) Bhí Brexit faoi chaibidil i Londain chan i Stormont. Tá Doire ar an teorainn agus bhí pobal na cathrach thar a bheith imníoch faoi Brexit.
    Bhí náisiúnaithe i nDoire ag iarraidh go mbíodh ionadaí acu féin i Londain.
    An rud ba chliste do Shinn Féin a dhéanamh ag an am nó an suíochán a thabhairt ar iasacht shealadach don SDLP agus gan iarrthóir a chur suas fá choinne shuíocháin i bParlaimint nach raibh siad toilteanach freastal uirthi.
    Thuillfeadh fadcheann an ghnímh seo meas an phobail agus bheadh an suíochán céanna réidh le glacadh ar ais arís acu ag an chéad toghchán eile.