Straitéis na Gaeilge 2015-2035 foilsithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta

Leagann an straitéis amach plean Gaeilge d’earnálacha éagsúla i dTuaisceart Éireann.

Screen Shot 2015-01-30 at 19.56.18

Tá straitéis na Gaeilge 2015-2035 foilsithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Leagann Straitéis na Gaeilge amach treochlár don Ghaeilge thar an scór blianta atá romhainn in earnálacha an oideachais, na seirbhíse poiblí, na meán agus eile nach iad.

I mbrollach na straitéise féin, scríobhtar go bhfuil sí d’aidhm freisin ag an straitéis “constaicí agus tuairimí diúltacha a bhaineann leis an teanga a shárú”.

“Is é aidhm na Straitéise seo an Ghaeilge a chur ar fáil do gach duine a roghnaíonn í a fhoghlaim agus úsáid,” a deirtear.

Leagtar amach bunaidhmeanna agus cuspóirí na straitéise freisin; ina measc sin, tacú le sealbhú agus foghlaim na Gaeilge ar bhonn ardcháilíochta agus inbhuanaithe; freastal ar gach oibleagáid a bhaineann leis an nGaeilge faoin gCairt Eorpach do theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh; agus deiseanna a chur ar fáil an Ghaeilge a úsáid don oiread daoine agus is féidir trí ghréasáin teaghlaigh, shóisialta agus phobail a spreagadh.

Tá fáilte curtha ag POBAL roimh an Straitéis inniu. Dúirt Príomhfheidhmeannach na scátheagraíochta Janet Muller gur raibh pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fanacht le fada ar fhoilsiú na straitéise. Bhí díomá uirthu, áfach, nach mbeadh tionchar níos mó ag pobal na Gaeilge i bhfeidhmiú agus in athbhreithniú na straitéise.

“Beidh roinnt tráchtairí ag rá, gan amhras, go luíonn an doiciméad siar rómhinic ar dualgais fadbhunaithe nó ar ráitis atá dearfach ach rótheibí. Beidh le feiceáil. Is straitéis 20 bliain í seo, agus cé go gcoinneofar í faoi athbhreithniú, agus go dtiocfadh í a leasú nó straitéis úr a chur ina háit faoi Acht TÉ, is trua nach mionsonraítear próiseas comhairliúcháin níos leithne, dearfaí sa doiciméad féin.

“Faoi láthair, is cosúil go mbeidh ionchur an phobail teoranta go struchtúir nua a chruthaigh Foras na Gaeilge faoin Samhail Nua Maoinithe, an tsamhail féin a chuir deireadh le bunmhaoiniú do na heagrais ar fad lonnaithe sa tuaisceart. Ba chóir go raibh ionchur i bhfad níos leithne ná sin ag pobal na Gaeilge i bhfeidhmiú agus in athbhreithniú na straitéise,” a dúirt Janet Muller.

Foilseofar pleananna feidhmiúcháin agus tuairiscí monatóireachta ina leagfar amach mar atá na Ranna éagsúla ag soláthar in aghaidh aidhmeanna agus chúspóirí na Straitéise.

Tá Conradh na Gaeilge sásta go bhfuil “den chéad uair riamh plean le haghaidh fhás agus fhorbairt na Gaeilge ar bhonn pleanáilte agus leathan” i dTuaisceart Éireann.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíocht ó Thuaidh, go bhfuil sé an-sásta gur foilsíodh an straitéis.

“Cuimsíonn an straitéis an-chuid de na moltaí a rinne Conradh na Gaeilge sa chomhairliúchán ar an straitéis, mar atá, an Ghaelscolaíocht, an Ghaeilge sna scoileanna Béarla, cosaint reachtúil don Ghaeilge, aisghairm An tAcht um Riar an Chirt (Teanga) (Éire) 1737, an Ghaeilge sa phobal agus go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn ar bhonn uileghabhálach.

“Dár ndóigh, is straitéis í seo agus tá spriocanna sonracha agus cur i bhfeidhm intomhaiste ríthábhachtach má táimid chun spriocanna na straitéise a bhaint amach san amscála atá leagtha síos,” a dúirt sé.

 

Fág freagra ar 'Straitéis na Gaeilge 2015-2035 foilsithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta'