‘Storm Siobhán has it all!’ – ainmneacha Gaeilge á mholadh do stoirmeacha na bliana seo chugainn

Roghnaíonn Met Éireann agus Met na Breataine liosta ainmneacha le chéile gach bliain a mbaintear úsáid as de réir mar a thagann stoirmeacha chugainn

‘Storm Siobhán has it all!’ – ainmneacha Gaeilge á mholadh do stoirmeacha na bliana seo chugainn

Tá Met Éireann ag lorg moltaí ón phobal maidir le hainmneacha a d’fhéadfaí a thabhairt ar stoirmeacha na bliana seo chugainn.

Bhain trí ainm ‘Gaelach’ áit amach ar liosta ainmneacha  stoirmeacha do 2018/2019 – Deirdre, Saoirse agus Niamh.

Tháinig agus d’imigh Stoirm Deirdre mí na Nollag seo caite agus, ag brath ar líon na stoirmeacha atá romhainn amach i mbliana, d’fhéadfadh go mbeidh lucht aimsire na hÉireann agus na Breataine ag trácht an geimhreadh seo ar stoirm Saoirse agus stoirm Niamh.

Maidir le liosta na bliana seo chugainn tá cuid mhaith daoine ar Twitter ag moladh do Met Éireann go roghnófaí ainmneacha Gaelacha arís.

 

21 ainm ar fad a bheidh ar liosta na n-ainmneacha do 2019-2020 a fhógrófar an fómhar seo.

Roghnaíonn Met Éireann agus Met na Breataine liosta ainmneacha le chéile gach bliain a dtarraingítear as de réir mar a thagann stoirmeacha chugainn. Sé cinn d’ainmneacha ó Met Éireann a bheidh ar an liosta nua agus tiocfaidh an chuid eile ó Albain, ó Shasana agus ón Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar '‘Storm Siobhán has it all!’ – ainmneacha Gaeilge á mholadh do stoirmeacha na bliana seo chugainn'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bheadh Siobhán an-oiriúnach mar ainm. Anseo ó dheas, téann sí ar fud na háite – Siobhán – Joan – Johanna – Anna – Hannah – Hanora – Nóra. É sin ar fad gan trácht ar Siún ó thuaidh.

  • Fearn

    Nach bhfuil an tOllainneach istigh leis an Éireannach agus le Seán Buí anois agus iad ag baisteadh na ngrásta?