IONSAÍ BARCELONA: 14 marbh agus os cionn 100 gortaithe

Scaoil póilíní na Spáinne marbh cúigear fear a raibh amhras fúthu maidir le hionsaí sceimhlitheoireachta eile sa Spáinn. Maraíodh 13 duine in ionsaí sceimhlitheoreachta ar Las Ramblas Barcelona tráthnóna inné

IONSAÍ BARCELONA: 14 marbh agus os cionn 100 gortaithe

Tuairiscíodh ar maidin gur scaoil póilíní na Spáinne marbh cúigear fear a raibh amhras fúthu maidir le hionsaí  sceimhlitheoireachta eile sa Spáinn.  Maraíodh 13 duine agus gortaíodh os cionn 80 duine eile in ionsaí sceimhlitheoreachta i mBarcelona tráthnóna inné.

Ba go moch ar maidin sa bhaile cois cósta Cambrils, atá 120 ciliméadar ó Barcelona, a maraíodh na fir a raibh amhras fúthu i dtaobh eachtra eile inar díríodh carr ar dhaoine. Maraíodh duine amháin agus gortaíodh daoine eile san ionsaí in Cambrils.

Maraíodh 13 duine agus gortaíodh os cionn 80 duine eile tráthnóna inné i mBarcelona in eachtra sceimhlitheoireachta inar tiomáineadh veain isteach i slua ar an tsráid aitheanta Las Ramblas i lár na cathrach. Tá tiománaí an veain fós ar a theitheadh.

Go luath i ndiaidh na heachtra, thug póilíní na Catalóine le fios go rabhthas ag déileáil leis an eachtra mar ionsaí sceimhlitheoireachta agus mhaígh an grúpa ISIS ina dhiaidh sin gurbh iad a rinne an t-ionsaí.

Tiomáineadh an veain isteach ar Las Ramblas ar thaobh Plaça de Catalunya agus tiomáineadh ansin ar ardluas é tríd an gceantar coisithe, mórláthair turasóireachta Barcelona. 

De réir tuairiscí ón láthair, díríodh an veain d’aon turas ar choisithe nó gur stop sé ag mósáic Joan Miro ar an tsráid, agus dúirt na póilíní gurbh é an aidhm a bhí leis an ionsaí ná “an oiread daoine agus ab fhéidir a mharú”.

Deir na póilíní freisin go bhfuil nasc idir ionsaí an lae inné ar Las Ramblas agus an eachtra in Cambrils agus pléascadh a tharla oíche Dé Céadaoin i dteach in Alcanar, baile atá 200 ciliméadar ó Barcelona. Maraíodh duine amháin agus gortaíodh duine amháin sa phléascadh sin.

Tá dealramh ag an eachtra i mBarcelona inné le hionsaithe eile a tharla le 13 mí anuas san Eoraip – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa tSualainn agus i Sasana.

Fág freagra ar 'IONSAÍ BARCELONA: 14 marbh agus os cionn 100 gortaithe'

  • Mise Áine

    Bhrisfeadh sé do chroí…na daoine bochta sin. Ní maith liom a dtrioblóid…:-(