Stop curtha i gCarna le dianchuardach mná atá ar iarraidh ó 1985

Údar díomá don phobal nach rabhthas gaibhte aon bhlas níos gaire d’fhreagra ar an gceist – céard a thárla do Bhairbre Bhreathnach?

31/10/2012 Gardai on duty Outside Government Buildings. Pictured are Gardai outside Government Buildings and the Department of the Taoiseach on a rainy Wednesday. Garda are stationed outside the office every day. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Cuireadh deireadh go gairid tar éis a trí a chlog trathnóna leis an dianchuardach a bhí ar bun le súil agus go dtiocfaí ar eolas faoi Bhairbre Bhreathnach as Roisín na Mainiach i gCarna atá ar iarraidh le ós cionn 30 bliain.

Bhí na Gardaí i mbun an chuardaithe timpeall ar an teach ina raibh cónaí ar Bhairbre Bhreathnach.  Shocraigh na Gardaí inné éirí as tar éis dóibh a bheith i mbun oibre ar feadh cúig lá.

Tháinig breis agus scór baill den Gharda Síochána go Carna ar maidin Dé Luain seo caite agus bhí cruinniú acu faoin gcás in Ionad na  Ollscolaíochta Gaeilge ansin.  Chuadar díreach ina dhiaidh sin go dtí teach mhuintir Bhreathnaigh.  Bhí baill den Bhiuró Teicniúil agus saineolaithe eile sa mbuíon agus bhí tacaíocht acu ó ghadhar atá oilte go speisialta agus a tugadh anall as Sasana.  Tá an gadhar seo oilte le lorg creatlaigh daonna a aimsiú.

Tugadh meaisíní isteach ar an suíomh freisin le hobair thochailte a dhéanamh.

Ach beag beann ar an iarracht mhór a rinneadh níor thángthas ar thada a chuirfeadh leis an bhfiosrúchán.

Socraíodh a dhul chomh domhain seo sa bhfiosrúchán i bhfianaise an méid eolais a bhailigh Gardaí i gConamara faoin gcás le naoi mí anuas.  Cuireadh agallamh ar bhreis agus 60 duine sa tréimhse sin.

Glacadh leis gur ar thóir coirp a bhíoathas nuair a socraíodh a dhul ag déanamh scrúduithe ar an talamh agus ag tochailt le meaisíní.

Ba údar díomá do theaghlach Bhairbre Bhreathnach agus do dhaoine muinteartha leo nár chuir na dianscrúduithe seo i gcomharsanacht an tí aon bhlas le heolas na nGardaí. Ba údar díomá freisin don phobal nach rabhthas gaibhte aon bhlas níos gaire  d’fhreagra ar an gceist – céard a tharla do Bhairbre Bhreathnach?

Ar an 22 Meitheamh 1985 thart ar 4 am an mhaidin sin a facthas Bairbre Bhreathnach go deireanach ina teach cónaithe i Roisín na Mainiach. Bhí cóisir sa teach an oíche sin, ar an 21/22 Meitheamh, an oíche ba ghaire sa mbliain.

Dá réir sin, bhí solas lae ann an tráth ar facthas í go deireanach. Ariamh ó shin, ní raibh tásc ná tuairisc ar Bhairbre Bhreathnach.

Trí bliana déag agus fiche a bhí sí san am, í pósta agus seachtar clainne uirthi – cúigear clann iníon agus beirt mhac. Bhí an chuid ba shine acu sna déaga de bhlianta agus bhí an té ab óige ina naíonán. Tá imeacht Bhairbre Bhreathnach ar cheann de na heachtraí is mo atá ag dul ó mheabhair ar mhuintir an cheantair leis na blianta.

Bhásaigh fear céile Bhairbre, Dara, riar blianta ó shin. Tá a clann éirithe aníos anois, cuid acu ina gcónaí i gceantar Chonamara agus cúpla duine thar lear. Is mór an t-ualach orthu é an fiosrúchán agus an cuardach seo freisin, ach bheadh faoiseamh de chineál éigin le fáil as toradh críochnúil.

Tháinig roinnt daoine tigh Bhreathnaigh ar an oíche sin i 1985.

Dúirt cúpla duine a bhí ann nach dtabharfá cóisir air dáiríre.  Is é an chaoi a dtáinig roinnt daoine ar ais as teach ósta i sráidbhaile Charna i gcuideachta mhuintir Bhreathnaigh. Timpeall leathscór nó daréag a bhí ann i gcuideachta mhuintir an tí féin.

Bhí beirt bhall den Gharda Síochana tí Bhreathnaigh an oíche sin. De réir na dtuairiscí ní rabhadar ann i ndeireadh oíche, agus dúirt daoine a bhí ansin nár fhan na Gardaí mórán achair ann.  Tá an chuid is mó de na daoine a bhí tigh Bhreathnaigh an oíche sin beo agus láidir i gcónaí; daoine óga a bhí ina bhformhór san am sin.

Bhásaigh Dara Breathnach, fear an tí, i 2007 in aois a 67.

Ba ar an 29 Meitheamh, 1985, a tugadh tuairisc oifigiúil do na Gardaí go raibh Bairbre ar iarraidh.

Rinne na Gardaí roinnt fiosrúchán san am agus tá a fhios gur cuireadh ceisteanna ar chuid – ar a laghad – de na daoine a bhí ag an gcóisir.  Is cosúil gur tháinig bleachtaire Garda ar ais an dara huair chun labhairt le cuid acu.   Cuireadh Bairbre Bhreathnach ar chlár na ndaoine atá ar iarraidh ina dhiaidh sin. Tosaíodh an t-athbhreithniú ar chás Bhairbre Bhreathnach i mí Eanáir seo caite agus ba í toraíocht na seachtaine seo an chuid ba shuntasaí don bhfiosrúchán.  Ba léir go raibh na Gardaí san amhras go bhféadfadh corp, no creatlach coirp, a bheith le fáil in aice an tí, nó ar an ngabháltas talúna ina bhfuil tuairim ocht n-acra.

Is beag eolas a bhí na Gardaí sásta a thabhairt i rith na seachtaine.  Bhí gardáil an-ghéar á dhéanamh ar ionad an chuardaithe de ló agus d’oíche.  Tuigtear gur tháinig fear a bhí ag teannamh amach sna blianta chomh fada leis an suíomh Déardaoin.  Is cosúil gur shíl an fear seo go bhféadfadh sé eolas a chuideodh leo faoi chuid de ghnéithe aiceanta na háite a thabhairt do na Gardaí.  Ag tráth eile chuaigh na Gardaí amach chuig portach ar an gCnoc Buí atá tuairim trí mhíle go leith ón áit a raibh an tóraíocht ar bun. Tugadh an gadhar ansin freisin ach ní raibh aon toradh air sin.

Ní hé amháin go bhfuil an teaghlach trína chéile de bharr an deireadh gan toradh atá ar obair na seachtaine, tá daoine ar fud an phobail an-bhuartha nárbh fhéidir a dhul go bun an údair.  Dúirt duine amháin a bhí ag an gcóisir an oíche ar imigh Bairbre ar iarraidh go mba údar mór bróin dóibh uilig nach raibh toradh níos fearr ar an gcuardach an tseachtain seo.

Cé gur cinnte nach ndúnfar an fiosrúchán, níl a fhios céard is féidir leis na Gardaí a dhéanamh leis an gcás a chur níos faide.  Chuile sheans go mbeidh comhdháil acu faoin ábhar uilig arís go gairid.

Idir an dá linn, tá scéal Bhairbre Bhreathnach ag dul ó mheabhair ar dhaoine ar fud an cheantair agus iad ag súil go dtiocfaidh an lá go mbeidh fuascailt ar an gcás uilig agus faoiseamh de chineál éigean ag an teaghlach agus ag an bpobal.

 

 

 

Fág freagra ar 'Stop curtha i gCarna le dianchuardach mná atá ar iarraidh ó 1985'