Stop curtha ag Mary Coughlan le hagallamh ar Newstalk i bhfianaise ráiteas George Hook faoin éigniú

Bhí socrú déanta go ndéanfadh an t-amhránaí clúiteach agallamh ar Newstalk tráthnóna. ach dúirt sí leis an láithreoir Ivan Yates beo ar an aer nach raibh sí sásta labhairt leis an stáisiún mar gheall ar ráiteas conspóideach a rinne George Hook

Stop curtha ag Mary Coughlan le hagallamh ar Newstalk i bhfianaise ráiteas George Hook faoin éigniú

Chuir an t-amhránaí mór le rá Mary Coughlan deireadh le hagallamh a bhí socraithe tráthnóna do chlár Ivan Yates, The Hard Shoulder, ar an stáisiún Newstalk. Mar agóid in aghaidh an méid a bhí le rá ag comhghleacaí Yates, George Hook, faoin éigniú an tseachtain seo caite a d’fhógair an t-amhránaí nach raibh sí chun an t-agallamh a dhéanamh.

Chuir Yates fáilte roimh Coughlan ar an gclár tráthnóna agus súil aige labhairt léi faoi cheolchoirm a bheidh ar siúl aici níos deireanaí an mhí seo i gContae Chorcaí.

Thug Coughlan le fios don chraoltóir , áfach, nach raibh sí toilteannach labhairt le Newstalk mar gheall ar an méid a bhí le rá ag George Hook ar a chlár The Right Hook, faoi chás mná óige a éigníodh.

Tharraing Hook go leor conspóide nuair a thug sé le fios go raibh sé d’fhreagracht ar mhná aire a thabhairt dóibh féin agus nár cheart don bhean óg a bhí i gceist iontas a bheith uirthi gur éigníodh í toisc go ndeachaigh sí chuig seomra óstáin le strainséir.

“An amhlaidh nach bhfuil aon chuid den mhilleán le leagan ar an duine a chuireann í féin sa bhearna bhaoil?” a d’fhiafraigh Hook dá chuid éisteoirí Dé hAoine seo caite.

Ghabh Hook leithscéal as an ráiteas ó shin.

Dúirt Coughlan nach raibh sí sásta leanacht ar aghaidh leis an agallamh ar chlár an lae inniu i bhfianaise an ráitis sin agus mar chomhartha omóis do gach “bean, fear, buachaill, cailín agus duine” a éigníodh riamh.

Dúirt Yates leis an amhránaí gur ghabh Hook leithscéal iomlán as an méid a dúirt sé, ach níor athraigh Coughlan a hintinn faoin agallamh.

Cuireadh deireadh leis an agallamh agus lean Yates ar aghaidh ag léamh teachtaireachtaí óna éisteoirí amach faoi ábhar eile a pléadh ar an gclár roimhe sin.

Fág freagra ar 'Stop curtha ag Mary Coughlan le hagallamh ar Newstalk i bhfianaise ráiteas George Hook faoin éigniú'