Stop Beainín na Naíonáin Bheaga i lár na hobráide…bhí cinneadh le déanamh

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is dócha gur ag súil le pluid agus peataireacht a bhí an teidí bocht an mhaidin sin nuair a síneadh amach ar an mbord scrúdaithe é…

child-221069_1920

‘Tabhair dom an brain-hopter go beo!’ a d’ordaigh Beainín na Naíonáin Bheaga dá comhghleacaí obrádlainne agus práinn ina glór.

Léim an Cailín Mór Beag ar a haire ach ba léir go raibh an t-iarratas tagtha aniar aduaidh uirthi. ‘An céard?’ a d’fhiafraigh sí. ‘What?’ 

Níor tháinig aon fhreagra ón máinlia a bhí gafa i lár obráide an-tromchúiseach. Chuaigh An Cailín Mór Beag ag cartadh sna boscaí bréagán is tharraing amach uirlís as ceann acu. Mura raibh a fhios a’d a mhalairt, déarfá gur spúnóg a bhí ann. Chuimhnigh mé go raibh sé tugtha faoi deara agam go raibh muid beagáinín gann ar sceanra le deireanas.

Rith an giolla obrádlainne anonn is shín an uirlís mhíorúilteach chuig an máinlia. ‘Hopter!’ a d’fhógair sí. Stop Beainín na Naíonáin Bheaga i lár na hobráide is bhreathnaigh ar an uirlís draíochta. Bhí cinneadh le déanamh. An bhféadfadh go raibh dóchas i ndán don othar bocht?

‘Go maith,’ a dúirt sí, thóg an gléas leighis ina láimh agus thosaigh á bhualadh faoi chloigeann an othair. Bhí sé d’ádh ar an dochratán a bheith leagtha amach go maith, ba léir, sular thosaigh an chóireáil leighis.

‘An créatúirín, tá sé an-dona,’ a dúirt sí go brónach agus Winnie the Pooh á scrúdú go géar aici. Is dócha gur ag súil le pluid agus peataireacht a bhí an teidí bocht an mhaidin sin nuair a síneadh amach ar an gcathaoir, gabh mo leithscéal, ar an mbord scrúdaithe é.

Thug an Babaí an t-aicsean faoi deara. ‘Breathnaigh,’ a dúirt sé agus é ag déanamh ar láthair an éadóchais. ‘Breathnaigh,’ agus tharraing sé é fhéin aníos le taobh na cathaoireach.

‘Tá Winnie the Pooh an-tinn,’ a dúirt an giolla obrádlainne agus í an-dáiríre ina cúram. ‘Níl aon chead agat spraoi leis,’ a dúirt sí leis an mbabaí go crosta agus rialacha slándála na hobrádlainne á gcomhlíonadh aici.

‘Breathnaigh,’ a dúirt an Babaí arís. Tá an-tóir aige ar an bhfocal sin ar an aimsir seo. Gan choinne, tharraing sé leis an t-othar is d’éalaigh isteach faoi bhord na cistine agus a chara nua faoina ascail aige.

‘Breathnaigh,’ a dúirt sé óna dhún faoin mbord agus an teidí fáiscthe isteach lena chliamhrach aige agus áthas air gur éirigh leis é a sciobadh. ‘Breathnaigh,’ a dúirt sé.

‘Ach cén ‘breathnaigh’ atá ort?’ a dúirt Beaínín na Naíonáin bheaga leis ar deireadh agus í curtha thar barr a céille aige, ‘nach bhfuil mé maraithe amach ag breathnú ort!’

Fág freagra ar 'Stop Beainín na Naíonáin Bheaga i lár na hobráide…bhí cinneadh le déanamh'