Stoirm Atiyah – rabhadh oráiste eisithe don Domhnach

Luas idir 65 agus 80km san uair le Atiyah ach d’fhéadfadh gustaí tréana idir 110 agus 130 ciliméadar a bheith ann…

Stoirm Atiyah – rabhadh oráiste eisithe don Domhnach

Tá rabhadh stoirme oráiste eisithe ag Met Éireann faoi stoirm Atiyah atá ar an mbealach. Beidh an rabhadh seo i bhfeidhm ó mhaidin Dé Domhnaigh, an 8 Nollaig go dtí a sé a chlog maidin Dé Luain.

An cósta thiar is measa a bheas buailte ag Stoirm Atiyah agus go  dtí seo Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, an Clár, Ciarraí agus Luimneach na contaetha a mbeidh an rabhadh seo i bhfeidhm iontu.

Idir An Íoslainn agus Éirinn a bheidh Stoirm Atiyah ag séideadh ar an Domhnach agus beidh gaoth láidir ag séideadh trasna na tíre.

Gaoth aniar aneas a bheas ann i dtús an lae ach gabhfaidh sí aniar aduaidh níos déanaí agus tá luas idir 65 agus 80 ciliméadar san uair á thuar. D’fhéadfadh gustaí tréana idir 110 agus 130 ciliméadar a bheith leis an ngaoth sin.

Tá baol tuilte cois cósta de bharr farraigí arda agus siotaí tréana gála.

Tá fógra eisithe ag Comhairle Chontae Chiarraí ag iarraidh ar dhaoine aird a thabhairt ar gach rabhadh aimsire ó Met Éireann. D’iarr an Chomhairle ar dhaoine a chinntiú go bhfuil gach earra a d’fhéadfaí a shéideadh le gaoth ceangailte agus feistithe go cúramach – soilse Nollag, boscaí bruscair, trampailíní, troscán gairdín agus a leithéidí.

Ba chóir do choisithe agus do thiománaithe a bheith ar an airdeall ar an Domhnach ar na bóithre ar fhaitíos go mbeadh smionagar agus sceacha á séideadh san aer.  Níor mhór a bheith fíorchúramach go deo ar bhóithre cósta ar eagla go mbeadh fuarlaigh nó maidhmeanna orthu.

Meabhraítear do dhaoine arís an chontúirt a bhaineann le haon línte cumhachta a bheadh leagtha agus a thábhachtaí agus atá sé fanacht amach uathu agus scéala a chur chuig na húdaráis fúthu.

Faoi láthair táthar ag tuar go mbeidh an stoirm cloíte faoin Luan.

Fág freagra ar 'Stoirm Atiyah – rabhadh oráiste eisithe don Domhnach'

  • Colin Ryan

    ‘Rabhadh oráiste’ – rabhadh atá déanta d’oráiste? Is dócha gur blasta é ná rabhadh flannbhuí.